Jump to content

Soiscéal Mholaise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.


Cumhdach Éireannach de chuid na 8ú haoise is ea Soiscéal Mholaise (Soiscél Molaisse).[1][2] Tá adhmad aige sa chroí, maisithe sna 11ú agus 15ú haoiseanna le hobair mhiotail maisithe i stíl ealaín na nOileán. Go dtí an 18ú haois, bhí ann sa cumhdach lámhscríbhinn anois caillte, leabhar Soiscéalach a mheastar, nasctha le Naomh Laisreán mac Nadh Fhraoigh (bás 564 nó 571), aitheanta fosta mar Mholaise. Sa 6ú haois, bhunaigh Molaise Eaglais ar Dhaimhinis, Loch Éirne, Contae Fhear Manach.

Soiscél Molaisse

Cruthaíodh an chumhacht i dtrí chéim. Faoi ord Chinn Fhaoladh, abb Dhaimhinse, maisíodh an croílár adhmaid am éigin idir na blianta 1001 agus 1025 le plátaí airgid cabhartha, tulmhaisiú le cros Chríostaí, fíoracha agus siombailí na gCeithre Soiscéalaithe, agus sraith inscríbhinní Laidine. Sa réad mar atá anois ar marthain, is iad na breiseanna seo sa chuid is mó de. Sa tríú céim, a tharla sa 15ú haoise, cuireadh tuilleadh airgid ann, cé go bhfuil siadsan go formhór caillte.

Is é Soiscéal Mholaise an cuntasach is sine atá ar mharthain. Agus é ach 14.75 cm ar airde, is é chomh maith ann ceann is lú, rud a chuireann in úil gur leabhar Soiscéalach póca a chosnaítí ann. Chreidtí go dtí an 19ú haois gur scríobhadh an leabhar ag Molaise.

Bhí an cumhdach faoi chosaint a choimeádaithe oidhreachta, clann Uí Mhithín as Bealach Uí Mhithín, Contae Liatroma go dtí lár na 19ú haoise. Ceannaíodh é ag Acadamh Ríoga na hÉireann sa bhliain 1861, le tacaíocht ó Lord Dunraven agus George Petrie. Caomhnaítear anois é i nArd-Mhúsaem na hÉireann ar tSráid Chill Dara, Baile Átha Cliath.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Stokes (1871), lch. 14
  2. Stevick (2008), lch. 37