Leabhar Aifrinn Stowe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Leabhar Aifrinn Lothra)
WD Bosca Sonraí LeabharLeabhar Aifrinn Stowe

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineállámhscríbhinn dhathmhaisithe Cuir in eagar ar Wikidata

Lámhscríbhinn dhathmhaisithe Éireannach scríofa go formhór as Laidin, cuid bheag de as Sean-Ghaeilge, is ea Leabhar Aifrinn Lothra (aitheanta fosta mar as Leabhar Aifrinn Stowe), atá ó cheart ina sacraiminteach seachas leabhar aifrinn. Scríobhadh é go déanach san ochtú nó go luath sa naoú haois, is dócha tar éis na bliana 792. I lár na 11ú haoise, cuireadh gluaiseanna leis agus athscríobhadh roinnt leathanach ag Mainistir Lothra i gContae Thiobraid Árann.

Idir na blianta 1026 agus 1033, cuireadh cumhdach leis an leabhar. Athchóiríodh agus maisíodh an cumhdach cúpla uair go déanach sa mheánaois, go háirithe am éigin roimh an mbliain 1381, nuair a d'éag Pilib Ó Cinnéide, Iarla Urumhan, ag a raibh an leabhar ansin.[1]

Bhí seanscéal ann a dúradh gur fhág an lámhscríbhinn agus an cumhdach Éire timpeall na bliana 1375,[2] ach is dócha nach ceart é seo, óir go bhfuarthas iad laistigh de bhalla i gCaisleán Leacaoin gar de Lothra sa 18ú haois. Bhí siad curtha ann chun iad a chosaint ó na Normannaigh agus níos déanaí na Protastúnaigh, maraon le bradaithe Éireannacha.[3][4]

Tháinig an leabhar ar ais go hÉirinn san 18ú haois i measc lámhscríbhinní Stowe bailithe ag George Grenville as Stowe House, agus dá bharr glaoitear as Béarla the "Stowe" Missal air.[5] Tháinig é siúd agus lámhscríbhinní Éireannacha i seilbh Acadamh Ríoga na hÉireann sa bhliain 1883, áit atá sé anois, faoin uimhir catalóige LS D II 3.[6] Scaradh an cumhdach ansin ón leabhar, agus cuireadh é i nArd-Mhúsaem na hÉireann (uimhir 1883, 614a).[3]

Fóilió 12r. 150 x 120mm ar fad
Portráidí Soiscéalaí, fóilió 11v
fóilió 1r
Tulmhaisiú
Taobh cúil den chumdach
Taobh fada clé
Taobh gearr íochtarach

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Riain, 288
  2. Warner, lvii – lviii
  3. 3.0 3.1 O'Neill, 18
  4. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named w234
  5. De Paor, lch. 139
  6. Warner, vii – viii