Jump to content

Aillen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarAillen
Cineáldia
carachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata

I Miotaseolaíocht na nGael, neach na tine ab ea Aoillean (Sean-Ghaeilge Aíllen) mac Midgna. Sheinn sé an chláirseach agus chan sé go binn. Ba bhall de na Tuatha Dé Danann é a raibh cónaí air i Mag Mell.

De réir Macgnímartha Finn, gach Samhain mhealladh sé cách a chodladh lena chuid ceoil, agus ansin dhódh sé Teamhair chun talaimh lena anáil tintrí. Cuireadh bac air le teacht Fhionn mhic Chumhaill, a choinnigh féin ina dhúiseacht ag ionanálú nimhe óna shleá, agus mharaigh sé Aillen. De bharr seo, ceapadh é ina cheannaire na bhFiann.

Bhí an-tóir ar an ainm Áillen in Éirinn ársa. Thugtaí scaití an t-ainm ar Áine, bandia na torthúlachta.