Nua-Eabhrac (stát)
Nua-Eabhrac | |||||
---|---|---|---|---|---|
State of New York (en) | |||||
|
|||||
New York State Capitol (en) | |||||
Mana | «I Love New York» | ||||
Siombail oifigiúil | Gorméan tarr-rua | ||||
Leasainm | The Empire State | ||||
Ainmnithe in ómós | Diúc Eabhraic | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
Príomhchathair | Albany | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 20,201,249 (2020) | ||||
• Dlús | 142.97 hab./km² | ||||
Líon na dteaghlach | 7,417,224 (2020) | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | na Stáit Aontaithe comhtheagmhálacha | ||||
Achar dromchla | 141,300 km² | ||||
• Uisce | 13.62 % | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Loch Erie, Abhainn Saint Lawrence, Sunda an Oileáin Fhada, Lower New York Bay (en) , Loch Ontario, Abhainn Niagara, Loch Champlain agus an tAigéan Atlantach | ||||
Airde | 305 m | ||||
Pointe is airde | Mount Marcy (en) (1,629 m) | ||||
Pointe is ísle | an tAigéan Atlantach (0 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Province of New York (en) | ||||
Cruthú | 26 Iúil 1788 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas Nua-Eabhrac | ||||
Comhlacht reachtach | Reachtas Nua-Eabhrac | ||||
• Gobharnóir Nua Eabhrac | Kathy Hochul (2021–) | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Achomhraic Nua-Eabhrac | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Cód ISO 3166-2 | US-NY | ||||
ID GNIS | 1779796 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | ny.gov |
Ceann de na 50 stát de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá is ea Nua-Eabhrac. Is é Albany príomhchathair an stáit agus is í Cathair Nua-Eabhrac an chathair is mó agus is aitheanta ann. Úsáidtear an giorrúchán NY don phost.
Tá Stát Nua-Eabhrac suite ar chósta an Aigéin Atlantaigh in oirthuaisceart na Stát Aontaithe. Tá Nua-Eabhrac ag críochantacht le Ceanada thuaidh, le Vermont, Massachusetts, agus Connecticut thoir, agus le New Jersey agus Pennsylvania theas.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir daoine fúthu san áit ina bhfuil Stát Nua-Eabhrac anois timpeall 10,000 bliain ó shin. Treibheanna Algancacha a bhí i ndeisceart agus oirthear an stáit le fada an lá faoin am ar tháinig na chéad Eorpaigh. Bhí an pobal Lenape sa deisceart agus i ngleann an Hudson suas leath bealaigh go hAlbany, a bheag nó a mhór; agus bhí na Mahican ní b'fhaide soir ó thuaidh. Tháinig na hIroquois aneas as na sléibhte Apaláiseacha timpeall na bliana 800 agus chuir siad fúthu in iarthar agus i dtuaisceart Nua-Eabhrac. Cónaidhm de chúig threibh a bhí ann, mar atá (agus ag dul ó oirthuaisceart Nua-Eabhrac siar) na Móhácaigh, Oneida, Onondaga, Cayuga agus Seneca. Chónaíodh na Móhácaigh taobh thuaidh de na Lenape. Ar theacht na nEorpach, thréig na Tuscarora, treibh Iroquois eile, a ndúiche i Carolina Thuaidh agus chuir siad fúthu i Nua-Eabhrac mar an séú treibh den chónaidhm.
Thaiscéalaigh roinnt Eorpach an cósta Atlantach, agus ar an 11 Meán Fómhair 1609 rinne Henry Hudson, Sasanach i seirbhís na hÍsiltíre, a bhealach isteach i mBá uachtair Nua-Eabhrac. Cé go ndeachaigh na Francaigh isteach i dtuaisceart Nua-Eabhrac ar son taiscéalaíochta, fionnaidh agus na hIndiaigh a iompú ina gCaitlicigh, ba iad na hOllannaigh na chéad Eorpaigh a chur fúthu sa stát, ag Fort Orangie ar shuíomh Albany an lae inniu, sa bhliain 1624. Ba iadsan freisin a chuir cathair Nieuw Amsterdam ("Amstardam nua") ar bun sa bhliain 1625, agus, más fíor, cheannaigh Peter Minuit oileán Manhattan ó na hIndiaigh ar bheagán áilleagán arbh fhiú $24 iad.
Ó 1609 go dtí 1701 bhí Cogadh na mBéabhar ar siúl, cogadh a tháinig as an gcoimhlint idir na treibheanna maidir le trádáil fionnaidh leis na hEorpaigh. Bhí an bua ag na hIroquois ar na treibheanna ar gach taobh díobh. Bhí ar na hIroquois géilleadh do na Francaigh i lár an 17ú haois ach d'éirigh eatarthu an athuair. Shínigh ceannairí na nIroquois conradh ar tugadh Síochán Mór Montréal air sa bhliain 1701, rud a chuir críoch leis an gcogaíocht eatarthu ar choinníollacha i bhfabhar na nIroquois. Bhí na Sasanaigh ag dul i neart sa réigiún faoin am sin agus chonacthas do na hIroquois go mbeadh an lámh in uachtar acu féin ach an dá ghrúpa Eorpach a chur in éadan a chéile.[1][2][3][4][5][6]
Roimhe sin, thiar sa bhliain 1664, ghéill pobal Nieuw Amsterdam do fhórsa Sasanach. B'shin deireadh le smacht na nOllanach ar an gcoilíneacht ar fad, ó Delaware go dtí na bólaí taobh thuaidh de Fort Orangie. Thug na Sasanaigh "New York" ar limistéir an stáit mar atá sé inniu, le hómós do Dhiúc Eabhrac i Sasana.[7]
Bhí Nua-Eabhrac ina phríomhchathair i Stáit Aontaithe Mheiriceá ar feadh aistear gearr i ndiaidh Chogadh na Saoirse. Bhí an sclábhaíocht coitianta faoi riail na nOllannach agus na Sasanach araon i gCathair Nua-Eabhrac agus ina lán ceantar faoin tuath. Cuireadh deireadh leis an sclábhaíocht de réir a chéile i ndiaidh Chogadh na Saoirse agus saoradh an duine deireanach díobh sa bhliain 1827.
Sa bhliain 1917 tugadh cearta vótála do na mná den chéad uair.
Ar an 11 Meán Fómhair 2001, fuair breis is 2,600 duine bás san Ionad Trádála Domhanda in Manhattan, an t-ionsaí sceimhlitheoireachta is mó i stair na Stát Aontaithe.
In 2011 thug Tionól Reachtais an stáit cead do shaoránaigh an stáit daoine den inscne chéanna a phósadh.
Gnéithe fisiciúla na tíre
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá sléibhte na nAdirondack i dtuaisceart an stáit, agus cinn níos ísle ná iad, na Catskills, siar ó dheas as Albany i lár an stáit. Tá abhainn mhór an Hudson ag rith ó theorainn Cheanada go dtí cathair Nua-Eabhrac, agus seolann longa móra uirthi go dtí Albany. Ba é tógáil an Chanáil Erie, go deimhin, a chur bun leis an gceannas a bhí le fada ag cathair Nua-Eabhrac i gcúrsaí tráchtála. Ba mhór an áis an chanáil chun earraí a thabhairt as gach cearn go dtí an cósta roimh aimsir na dtraenach.
Geilleagar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba US$1.16 trilliún an olltáirgeacht instáit ag Stát Nua-Eabhrac sa bhliain 2010, rud a chuir an stát sa tríú háit sna Stáit Aontaithe, i ndiaidh California agus Texas.[8]
Tá níos mó ceanncheathrúna institiúidí airgeadais suite i gCathair Nua-Eabhrac ná in aon chathair eile sna Stáit Aontaithe. Is iomaí duine atá ar fostú sna bancanna, comhlachtaí árachais, tithe bróicéireachta, agus stocmhalartáin sa chathair sin, go mór mór i gCeantar an Airgeadais i ndeisceart Manhattan. Is sa cheantar sin a bhfuil Stocmhalartán Nua-Eabhrac agus an Stocmhalartán Meiriceánach suite.
I measc thionscail an stáit, tá foilsitheoireacht, clóbhualadh, innealra agus feisteas tionsclaíoch, innealra leictreonach, turasóireacht, agus feirmeoireacht. Meastar é ar an seachtú háit maidir le táirgeadh tionscail. Tógtar eallach agus éanlaith clóis, agus fástar glasraí, torthaí agus min. Tá tábhacht, leis, le fás caora fíniúna agus déanamh fíona ar an Oileán Fada, i ngleann an Hudson agus in iarthar an stáit.
Cathair Nua-Eabhrac
[cuir in eagar | athraigh foinse]Roinntear cathair Nua-Eabhrac inniu ina cúig bhuirg:
- Nua-Eabhrac (ar a dtugtar Manhattan go hiondúil, chomh maith leis an oileán ar a bhfuil sé suite)
- Brooklyn (arb é a ainm rialtas Kings County)
- Queens,
- An Bronx
- Oileán Staten (Staten Island)
Bhí daonra 8,008,278 i gcathair Nua-Eabhrac sa bhliain 2000, rud a thugann tús áite di i measc chathracha na Stát Aontaithe. Ba i gcathair Nua-Eabhrac a tháinig an-chuid inimirceach i dtír ón Eoraip anuas go dtí tús an fichiú haois, i ndeisceart Manhattan, in áit a dtugtar an Battery uirthi, agus trí Oileán Ellis ina dhiaidh sin. Tá an-éagsúlacht fós ag baint le pobal na cathrach.
Sa lá atá inniu ann, tagann a lán imirceach i dtír in Aerfort John F. Kennedy in Queens, nó in Aerfort Newark, in New Jersey, atá suite 35 ciliméadar ón gcathair.
An tOileán Fada
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá An tOileán Fada ag síneadh soir as cathair Nua-Eabhrac. Tá sé os cionn 170 ciliméadar ar fad ach níl sé mórán thar 30 ciliméadar ar leithead in aon chuid de. De ghnáth, fágtar Queens agus Brooklyn ar lár agus An tOileán Fada á lua, mar go bhfuil siad i gcathair Nua-Eabhrac, cé gur chuid den oileán iad maidir le tíreolaíocht.
Fuíoll an stáit
[cuir in eagar | athraigh foinse]I measc chathracha móra eile an stáit, áirítear Buffalo (d. 292,648), Syracuse (d. 147,306), Yonkers (d. 196,086), agus Rochester (d. 219,773). Tugtar go minic "Upstate" ar an gcuid den stát atá ó thuaidh ó chathair Nua-Eabhrac agus ón Oileán Fada, .i. mórchuid an stáit. "Downstate" a thugtar ar chathair Nua-Eabhrac agus ar an Oileán Fada.
Tíreolaíocht Nua-Eabhrac
[cuir in eagar | athraigh foinse]Contaetha i Nua-Eabhrac
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cathracha is mó i Nua-Eabhrac
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Albany (príomhchathair)
- Buffalo
- Kingston
- New Rochelle
- Nua-Eabhrac (an chathair is mó sa Stát mar araon sa tír freisin)
- Rochester
- Syracuse
- Yonkers
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Iroquois Confederacy—History, Relations with non-native americans, Key issues".
- ↑ "Susquehannock Indians".
- ↑ "Erie Tribe—Access Genealogy".
- ↑ "'PETUN' AND THE PETUNS". Cartlannaíodh an bunleathanach ar Iúil 20, 2020. Dáta rochtana: Nollaig 5, 2020.
- ↑ "Mahican Tribe—Access Genealogy".
- ↑ Barron, Donna. "The Long Island Indians & Their New England Ancestors". 2006
- ↑ Scheltema, Gajus and Westerhuijs, Heleen (eds.), Exploring Historic Dutch New York. Museum of the City of New York/Dover Publications, New York (2011). ISBN 978-0-486-48637-6
- ↑ "GDP by State".
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Stát Nua-Eabhrac ag DMOZ, liosta suíomhanna idirlín a bhaineas leis an stát. Arna rochtain ar 29 Iúil 2015 Curtha i gcartlann 2015-07-21 ar an Wayback Machine
Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
---|---|---|---|
|
Is síol faoi thíreolaíocht Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |