Uaithni

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Uaithne (dream))

Dream Gaelach i nÉirinn na luathmheánaoise ba ea na hUaithni, lonnaithe in oirthuaisceart Chontae Luimnigh agus Contae Thiobraid Árann in aice leis. Bhí sean-nós acu go raibh siad tráth ina gcónaí taobh thiar den tSionainn.

Tá a n-ainm fréamhaithe ón bPrótai-Cheiltis *Autēniī.[1] Samhlaíodh iad gur na hAuteini (Αύτεινοι) iad, luaite le Tolamaes ina shaothar, Geografaíocht, ina n-insítear go raibh siad ina gcónaí i gContae na Gaillimhe.[2]

Tá dhá ghéag na nUaithni atá ar eolas fúthu: Uaithni Cliach, ar aon dul le barúntacht Uaithne agus Ara i Luimneach; agus Uaithni Tíre, ar aon dul le barúntacht Uaithne Bhig i dTiobraid Árann. Feictear na hiontrálacha a leanas i nAnnála na gCeithre Máistrí.[3]

# Meán-Ghaeilge Gaeilge
M914.11 Ainle, mac Catháin, tighearna Uaithne Cliach, do bhásughadh lá Gallaibh Locha Dá Chaoch Ainle mac Catháin, tiarna Uaithne Cliach, do básadh ag Gaill Locha Dá Chaoch
M949.14 Dubh Da Bharc, mac Maoil Mordha, tighearna Uaithne Tíre, do écc. Dubh Dá Bharc mac Maoil Mhórdha, tarna Uaithne Tire, d'éag
M1080.9 Eochaidh Ua Loingsigh, tigherna Uaithne Thíre, d'ég. Eochaidh Ó Loingsigh, tiarna Uaithne Tire, d'éag
M1107.3 Cuilen Ua Cathalain, tigherna Uaithne Cliach, d'écc. Cuilean Ó Cathaláin, tiarna Uaithne Cliach, d'éag

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. T. F. O'Rahilly, Early Irish History and Mythology, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1946, ll. 10-11
  2. Eoin Mac Néill, "Early Irish population groups: their nomenclature, classification and chronology", Imeachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann (C) 29, 1911, ll. 59–114
  3. John O'Donovan (eag. & aistr.), Annals of the Kingdom of Ireland by the Four Masters, Iml. II, Hodges, Smith & Co, Baile Átha Cliath, 1856, ll. 588 (nóta 4), 589, 667, 917, 985