An difríocht idir athruithe ar: "Margaret Thatcher"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Catagóir
m Ní tír ceannasach í "an Bhreatain"
Líne 10: Líne 10:
| páirtí=[[Páirtí Coimeádach (RA)|Páirtí Coimeádach]]
| páirtí=[[Páirtí Coimeádach (RA)|Páirtí Coimeádach]]
| toghcheantar=[[Finchley]]
| toghcheantar=[[Finchley]]
}}[[Polaiteoir]] [[An Bhreatain|Briotanach]] is í '''Margaret Hilda Thatcher, An Banbharún Thatcher''', [[Order of the Garter|LG]], [[Order of Merit|OM]], [[Comhairle Bhanríon na Ríochta Aontaithe|PC]], [[Royal Society|FRS]] (rugadh '''Margaret Hilda Roberts''', [[13 Deireadh Fómhair]] [[1925]]). Bhí sí ina [[Ceannaire an Pháirtí Coimeádach (RA)|ceannaire]] ar an b[[Páirtí Coimeádach (RA)|Páirtí Coimeádach]] ó [[1975]] go dtí [[1990]]. I [[1979]], d'éirigh sí ina [[Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe|Príomh-Aire]] ar an mBreatain. Ba ise an chéad Phríomh-Aire baineann ar an mBreatain.
}}[[Polaiteoir]] [[An Ríocht Aontaithe|Briotanach]] is í '''Margaret Hilda Thatcher, An Banbharún Thatcher''', [[Order of the Garter|LG]], [[Order of Merit|OM]], [[Comhairle Bhanríon na Ríochta Aontaithe|PC]], [[Royal Society|FRS]] (rugadh '''Margaret Hilda Roberts''', [[13 Deireadh Fómhair]] [[1925]]). Bhí sí ina [[Ceannaire an Pháirtí Coimeádach (RA)|ceannaire]] ar an b[[Páirtí Coimeádach (RA)|Páirtí Coimeádach]] ó [[1975]] go dtí [[1990]]. I [[1979]], d'éirigh sí ina [[Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe|Príomh-Aire]] ar an mBreatain. Ba ise an chéad Phríomh-Aire baineann ar an mBreatain.
==Beatha phearsanta==
==Beatha phearsanta==
Rugadh in [[Grantham]], [[Lincolnshire]] i [[Sasana]] í. B'iníon í le hAlfred agus Beatrice Roberts. Grósaeir ab ea a hathair, a raibh siopa aige in Grantham, agus is os cionn an tsiopa a bhí cónaí ar a teaghlach agus í ag fás. Ba chomhairleoir áitiúil é Alfred Roberts, freisin. Cé nár bhall é d'aon pháirtí polaitiúil, bhí a chuid tuairimí agus polasaithe coimeádach. Bhí gaol an-láidir idir í agus a hathair, ach ní raibh caidreamh ró-mhaith aici lena máthair.
Rugadh in [[Grantham]], [[Lincolnshire]] i [[Sasana]] í. B'iníon í le hAlfred agus Beatrice Roberts. Grósaeir ab ea a hathair, a raibh siopa aige in Grantham, agus is os cionn an tsiopa a bhí cónaí ar a teaghlach agus í ag fás. Ba chomhairleoir áitiúil é Alfred Roberts, freisin. Cé nár bhall é d'aon pháirtí polaitiúil, bhí a chuid tuairimí agus polasaithe coimeádach. Bhí gaol an-láidir idir í agus a hathair, ach ní raibh caidreamh ró-mhaith aici lena máthair.

Leagan ó 16:41, 6 Feabhra 2007

Teimpléad:Bosca Sonraí PARAPolaiteoir Briotanach is í Margaret Hilda Thatcher, An Banbharún Thatcher, LG, OM, PC, FRS (rugadh Margaret Hilda Roberts, 13 Deireadh Fómhair 1925). Bhí sí ina ceannaire ar an bPáirtí Coimeádach ó 1975 go dtí 1990. I 1979, d'éirigh sí ina Príomh-Aire ar an mBreatain. Ba ise an chéad Phríomh-Aire baineann ar an mBreatain.

Beatha phearsanta

Rugadh in Grantham, Lincolnshire i Sasana í. B'iníon í le hAlfred agus Beatrice Roberts. Grósaeir ab ea a hathair, a raibh siopa aige in Grantham, agus is os cionn an tsiopa a bhí cónaí ar a teaghlach agus í ag fás. Ba chomhairleoir áitiúil é Alfred Roberts, freisin. Cé nár bhall é d'aon pháirtí polaitiúil, bhí a chuid tuairimí agus polasaithe coimeádach. Bhí gaol an-láidir idir í agus a hathair, ach ní raibh caidreamh ró-mhaith aici lena máthair.

Bhain sí céim amach sa cheimic ó Ollscoil Oxford sna 1940í. Agus í ag staidéar in Oxford, ba bhall í de na Coimeádaigh Óga.

I 1951, phós sí Denis Thatcher, ball eile den Pháirtí Coimeádach. Fear colscartha ab ea Denis, a bhí deich mbliana níos sine ná Margaret. Bhí beirt pháiste acu, an cúpla Mark agus Carol, a rugadh i 1953.

Slí bheatha pholaitiúil, 1950-1979

Sheas sí gan rath i dtoghcheantar Dartford sna holltoghcháin i 1950 agus 1951. Toghadh í mar Fheisire do Finchley i 1959.

Nuair a bhí sí ina Rúnaí Oideachais i rialtas Edward Heath ó 1970 go dtí 1974, chuir sí deireadh le dáileadh bainne saor in aisce i scoileanna. Dá bhrí seo, tugadh Maggie Thatcher, Milk Snatcher uirthi.

Toghadh í mar cheannaire ar an bPáirtí nuair a sheas sí i gcoinne Heath i 1975 tar éis don Pháirtí dhá olltoghcháin a chailleadh i 1974. Ceannaire an Fhreasúra ab ea í anois. Bhí a cuid polasaithe ar an eite deas. Ba é ceann dá polasaithe is cáiliúil ná an t-airgeadachas. Bhí sí go mór i gcoinne an tsóisialachais agus na gceardchumann. De bharr a tuairimí faoin gcumannachas agus a polasaí maidir leis an Aontas Sóivéadach, thug na Sóivéadaigh an leasainm cáiliúil The Iron Lady ("An Bhean Iarainn") uirthi.

Príomh-Aire, 1979-1990

San olltoghchán i 1979, bhuaigh na Coimeádaigh móramh i dTeach na dTeachtaí agus toghadh Thatcher mar Phríomh-Aire. Bhuaigh siad na holltoghcháin i 1983 agus 1987, freisin, faoi cheannas Thatcher.

Bhí Thatcher go láidir i gcoinne an phoblachtachais Éireannaigh. I 1981, bhí uirthi dul i ngleic le stailceoirí ocrais as an IRA agus an INLA sa Cheis Fhada i dTuaisceart Éireann. Bhí siad ag lorg stádas polaitiúil, ach níor thug Thatcher an stádas sin dóibh go dtí go raibh deichniúr príosúnach marbh.

Nuair a d'ionsaigh an Airgintín Oileáin Fháclainne i 1982, sheol sí fórsa chun na hoileáin a chosaint. Bhí an Bhreatain buacach sa chogadh, agus mhéadaigh sé seo meas an phobail ar Thatcher.

Ba ina dara téarma a tharla Stailc na Mianadóirí, a bhí ar siúl ó 1984 go dtí 1985. Faoi dheireadh, bhuaigh an rialtas ar na stailceoirí.

I 1985, shín Thatcher an Comhaontú Angla-Éireannach le Poblacht na hÉireann.

D'éirigh sí as an an gCeannas agus as an bPríomh-Aireacht i 1990 tar éis di cuid mhór dá tacaíocht sa Pháirtí a chailleadh, agus tugadh an post do John Major, ceann de thacaithe Thatcher.

Naisc sheachtracha