Comhaontú Angla-Éireannach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtComhaontú Angla-Éireannach
Cineálconradh síochána Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana15 Samhain 1985 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhHillsborough Castle, Northern Ireland (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe agus Éire Cuir in eagar ar Wikidata

Síníodh an Comhaontú Angla-Éireannach (nó Comhaontú Hillsborough) sa bhliain 1985. Ba é an comhaontú sin a thug ról foirmeálta do rialtas na hÉireann i ngnóthaí an Tuaiscirt beag beann ar fhreasúra aontachtach.[1][2][3]

Shínigh Príomh-Aire na Ríocht Aontaithe Margaret Thatcher agus an Taoiseach Garret FitzGerald an conradh i Hillsborough Castle ar an 15 Samhain 1985.

Glactar leis go coitianta go raibh síniú an Chomhaontaithe Angla-Éireannaigh ar an chor ba shuntasaí sa chaidreamh idir an Bhreatain agus Éire ó aimsir Chonradh 1921 anall.[4]

Caisleán Hillsborough, Contae an Dúin

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Feachtas "Ulster Says No" in 1985

Ní raibh mórán dóchais san aer sa Tuaisceart in 1980. Ach b'in í an bhliain a chuir an Taoiseach ag an am, Charles Haughey agus Margaret Thatcher ceann leis an idirbheartaíocht Angla-Éireannach as ar eascair Comhaontú Hillsborough in 1985.[5] Níos déanaí d’áitigh an tUachtarán Ronald Reagan ar Thatcher a bheith páirteach sa bpróiseas as ar eascair Comhaontú Hillsborough.[6]

1986: d’éirigh 15 MP Aontachtach as, agus reáchtáladh toghcháin ina dhiaidh[3]

Comhaontú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gan athrú ar Stádas Thuaisceart Éireann ach amháin dá mbeadh sé ag teastáil ó thromlach a muintir

Bhronn an Comhaontú "ról comhairleach" ar rialtas na hÉireann i gcúrsaí an Tuaiscirt. Thug an Comhaontú cúram comhairleach do Rialtas na hÉireann i ngnóthaí an Tuaiscirt tríd an Chomhdháil Idir-Rialtasach Angla-Éireannach,[7] ar a raibh Stát-Rúnaí an Tuaiscirt agus Aire Gnóthaí Eachtracha na hÉireann mar chomhChathaoirligh. Bunaíodh rúnaíocht bhuan i Maryfield, bruachbhaile de chuid Bhéal Feirste, ina raibh státseirbhísigh ón dá dhlínse ag obair lámh ar lámh lena chéile.[4]

Bhí tacaíocht airgid ó Mheiriceá ina cuid lárnach den mhargadh idir Thatcher agus Fitzgerald. Mar a deirtear sa scannán " In the Name of Peace, John Hume in America"[8] d’admhaigh Thatcher níos deireanaí gurb iad na Meiriceánaigh agus a cara, an tUachtarán Ronald Reagan a chuir iachall uirthi an conradh sin a dhéanamh. A bhuíochas sin de Hume agus de thaidhleoirí ón Roinn Gnóthaí Eachtracha a dúirt sa scannán go raibh polasaithe na hÉireann bunaithe ar mholtaí Hume.[9]

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is léir ó cháipéisí an stáit go raibh glór údarásach ag rialtas na hÉireann — mar thoradh ar an Chomhaontú — i nithe a bhain le cur chun cinn na Gaeilge sa Tuaisceart. Chan amháin sin, ach is cosúil ar an mórgóir gur tugadh cluas éisteachta dá n-éilimh.

I Meitheamh 1986, chuir rialtas na Breataine cáipéis faoin nGaeilge ó thuaidh faoi bhráid na Comhdhála Idir-Rialtasaí. Freagra a bhí sa pháipéar seo ar mholtaí a rinne rialtas na hÉireann in Eanáir na bliana sin. Ghéill rialtas na Breataine do go leor de na héilimh. Dúradh gur chóir go mbeadh an ceart ag daoine comharthaí dátheangacha ar shráideanna agus ar bhóithre a roghnú. Bheadh ceist faoi úsáid na Gaeilge i ndaonáireamh na bliana 1991 agus thabharfaí breis airgid do Bhord Ealaíona Thuaisceart Éireann i leith chur chun cinn na teanga agus an chultúir Ghaelaigh. Ach diúltaíodh scun scan do choincheap an dátheangachais.[10][4]

Cur in aghaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir Sinn Féin agus Poblachtánaigh aitheanta ar nós Neil Blaney, Tony Gregory agus go fiú Jeremy Corbyn ina éadan. Mhaígh Sinn Féin go raibh Fitzgerald ag glacadh go hoifigiúil leis an mBreatain a bheith i láthair in Éirinn.[3]

Mhaígh ceannaire Fhianna Fáil, Charlie Haughey, go raibh an Comhaontú ag sárú Airteagal a 2 agus a 3 de Bhunreacht na hÉireann. (Tháinig athrú intinne ar Haughey agus ar Fhianna Fáil faoin Chomhaontú in imeacht ama.)[4]

Fágadh na hAontachtaithe "i leataobh", nó sin a cheap siad nuair a síníodh an Comhaontú, d’ainneoin ceannaire an UUP, Jim Molyneaux a bheith ‘lánchinnte’ nach ligfeadh na Tóraithe síos iad.[11][12] Bhí an DUP ag fonóid faoina shoineantacht ach tháinig an dá pháirtí le chéile i bhfeachtas ‘Ulster Says No’ ag baile.

Lean léirsithe, oll-slógadh, círéibeacha agus stailc aon lae. Sa Pharlaimint in Westminster bhí súil acu go gcuideodh a gcairde sna Tóraithe leo chun an Comhaontú a chur ar ceal. Níor chuidigh. Sheas dornán leo ach ghlac feisirí leis an gComhaontú le móramh an-mhór.[13]

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

In 1986 toghadh Seamus Mallon ina fheisire parlaiminte i bhfothoghchán nuair a d’éirigh feisirí Aontachtacha as a gcuid suíochán mar agóid in aghaidh Chomhaontú Hillsborough 1985.[14]

Sa dara leath de na hochtóidí, chuaigh líon fheallmharaithe na gCaitliceach i méadaíocht. Freagra ab ea na feallmharaithe seo ar an gComhaontú.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Deaglán de Bradún. Cinnlínte. Cois Life 2016 lch 61
  2. Póilín Ní Chiaráin (19 Nollaig 2017). "Simon scanrúil? Cén fáth go bhfuil an Tánaiste anois ina bhadhbh na coille duibhe ag aontachtaithe?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-19.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 "COGG | Sonraí Acmhainní". tairseachcogg.ie. Dáta rochtana: 2024-02-19.
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 Breandán Delap (Eanáir 2017). "An Ghaeilge, An Comhaontú Angla-Éireannach agus an paranóia" (ga-IE). Comhar. Dáta rochtana: 2024-02-19.
  5. Breandan Delap (2014-02-01). "Sceal Sceil" (as ga). Cois Life. 
  6. Póilín Ní Chiaráin (5 Lúnasa 2020). "Chreid John Hume i gcumhacht na comhghuaillíochta thar aon ní eile" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-19.
  7. Anglo-Irish Inter-Governmental Conference
  8. Maurice Fitzpatrick; Tony Blair, Jimmy Carter, Bill Clinton (2017-07-13). "In the Name of Peace: John Hume in America". Creeney Films. 
  9. Póilín Ní Chiaráin (29 Samhain 2017). "Ní minic a chloistear anois é ach tá pobal an oileáin seo uilig faoi chomaoin ag John Hume" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-19.
  10. Breandán Delap (Eanáir 2017). "Cónascadh idir RnaG agus Downtown Radio molta agus súil á coinneáil ar eagrais Ghaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-19.
  11. Póilín Ní Chiaráin (11 Meán Fómhair 2019). "‘What a fool I was. I was only a puppet, and so was Ulster…’ – focail Carson á meabhrú don DUP" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-19.
  12. Ina dhiaidh sin arís d’airigh páirtithe Aontachtacha gur deineadh beag is fiú díobh i bhForógra Shráid Downing agus sa Chreat-Cháipéis i 1995.
  13. Póilín Ní Chiaráin (18 Samhain 2018). "‘Ulster says no!’ arís agus an chluas bhodhar á tabhairt dóibh arís…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-19.
  14. Póilín Ní Chiaráin (24 Eanáir 2020). "‘Má ba é John Hume ailtire na síochána ba é Seamus Mallon an t-innealtóir’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-19.
  15. alphahis (2017-08-16). "Anglo-Irish Framework for peace negotiations (1995)" (en-US). Northern Ireland. Dáta rochtana: 2024-02-19.
  16. "CAIN: Events: Peace: The Framework Documents, 22 February 1995". cain.ulster.ac.uk. Dáta rochtana: 2024-02-19.