Galileo Galilei

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Galileo)
Infotaula de personaGalileo Galilei

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(it) Galileo di Vincenzo Bonaiuti de' Galilei
15 Feabhra 1564
Pisa (Duchy of Florence)
Bás8 Eanáir 1642
77 bliana d'aois
Arcetri (Ard-Diúcacht na Tuscáine)
Áit adhlacthaBasilica of Santa Croce (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Eaglais Laidine
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Pisa - míochaine, matamaitic (1581–1585) Cuir in eagar ar Wikidata
Comhairleoir dochtúireachtaOstilio Ricci
Áit chónaithePisa
Padua
Flórans
Gníomhaíocht
Réimse oibreRéalteolaíocht, fisic, meicnic, fealsúnacht agus matamaitic
Suíomh oibre Pisa
Padua
Flórans Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmréalteolaí, Ileolaí, múinteoir ollscoile, eolaí, innealtóir, astralaí, fisiceoir, cumadóir, fealsamh, matamaiticeoir, fealsamh Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Padua (1592–)
Ollscoil Pisa (1589–) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinnNiccolò Arrighetti agus Giuseppe Biancani
TeangachaAn Laidin agus an Iodáilis
UrraitheoirCosimo de' Medici (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Mac léinn dochtúireachtaGiuseppe Biancani, Benedetto Castelli, Mario Guiducci agus Vincenzo Viviani
Eile
Céileluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíMarina Gamba Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteVincenzo Gamba
 ( Marina Gamba)
Maria Celeste
 ( Marina Gamba) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairVincenzo Galilei  agus Giulia Ammannati
SiblínMichelagnolo Galilei
Ciontaíodh ieiriceacht (1633) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú


Allocine: 36991
Musicbrainz: 149e5645-34e6-45af-bc11-edd6c9b00434 Discogs: 2765085 Find a Grave: 1899 Cuir in eagar ar Wikidata

Eolaí, fealsamh agus réalteolaí iomráiteach as Pisa na hIodáile ba ea Galileo Galilei (15 Feabhra 1564 - 8 Eanáir 1642); Galileo a thugtar air de ghnáth.

"Athair na heolaíochta" a thugtar air, agus chuir Galileo tús leis an eolaíocht nua-aoiseach.[1] Bhí sé orthu siúd ba mhó a d’fheabhsaigh an teileascóp, agus bhí tuairimí nua tábhachtacha aige i gcúrsaí réalteolaíochta agus fisice. Ba é Galileo an chéad réalteolaí a d’úsáid eolaíocht chun staidéar a dhéanamh ar an gcruinne.[2]

Eolaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhorbair Galileo an modh nua-aoiseach eolaíochta ina ndéantar breathnú is tomhais ar fheiniméan, a saothraítear teoiric mhatamaiticiúil a chuimsíonn na tomhais ansin, agus a ndéantar tuilleadh tomhas nua chun an teoiric a thástáil is a leathnú. Shaothraigh Galileo an tuiscint go dtiteann réada faoi luasghéarú tairiseach, an chéad dlí sa mheicnic chlasaiceach.

An teileascóp (Hubblecast, as Béarla)
Cannocchiale (Iodáilis)

Deirtear gur chruthaigh Galileo an dlí seo trí dhá réad le meáchain éagsúla a ligean anuas ó thúr claonta Pisa gur shroich siad an talamh ag an am céanna. Ní féidir gur fíor é seo, mar go dtiocfadh frithchuimilt leis an aer san áireamh. Ní bhuailfeadh siad an talamh ag an am céanna, ach amháin dá dtitfeadh siad trí fholús.

Teileascóp[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níor fhionn Galileo an teileascóp, ach d'fhorbair sé é agus bhain feidhm as chun a chruthú go dtimpeallaíonn an domhan is na pláinéid eile an ghrian, mar a thuig is a thairg Copernicus roimhe.

Sa bhliain 1609, chuala Galileo faoi aireagán nua – an teileascóp. Shocraigh sé go ndéanfadh sé ceann dó féin. Ní raibh leagan amach na cruinne feicthe ag duine ar bith go dtí sin. Bhí orthu an leagan amach a shamhlú.

D’airg Hans Lippershey, radharceolaí san Ollainn, an chéad teileascóp sa bhliain 1608.[3] Ní fhaca Galileo aon phictiúr den teileascóp ach shocraigh sé go ndéanfadh sé féin ceann le féachaint ar an spás. Ar an gcéad teileascóp a rinne Galileo, bhí dhá fheadán a shleamhnaigh isteach ar a chéile, agus bhí lionsa ag a bhun agus ag a bharr. Ní raibh leagan amach na cruinne feicthe ag duine ar bith go dtí sin

Bhí Galileo in ann féachaint ar Bhealach na Bó Finne - ár réaltra – tríd an teileascóp seo. Fuair sé amach go raibh na milliún réalta ann. Bhí faid éagsúla ag gach réalta ón domhan.

Nuair a d’fhéach sé ar an ngealach, chonaic sé go raibh sléibhte, gleannta agus cráitéir uirthi. Cheap gach duine go dtí sin go raibh an ghealach chomh mín le liathróid snúcair. Ach chonaic Galileo nach raibh sí mar sin ar chor ar bith.

Fuair Galileo amach freisin go raibh ceithre ghealach ag gluaiseacht thart ar Iúpatar. Seo é an rud ba thábhachtaí a fuair sé amach faoin spás. Ag an am, cheap daoine go raibh gach rud sa chruinne ag imrothlú thart ar an domhan, ach chruthaigh Galileo nach raibh.

Teirmiméadar[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’airg Galileo an chéad teirmiméadar riamh.[4] Rinne Galileo teirmiméadar as bolgán gloine a bhí lán le huisce. Ghluais an t-uisce suas síos sa bholgán de réir mar a d’athraigh an teocht.

Tá teirmiméadar Galileo sa bhaile ag a lán daoine inniu. Is feadán séalaithe é teirmiméadar Galileo. Tá leacht trédhearcach ann. Tá bolgáin bheaga istigh san fheadán. Tá leacht daite sna bolgáin seo. Tá lipéad ar gach bolgán agus teocht áirithe marcáilte air, m.sh 18°C nó 20°C. De réir mar a athraíonn an teocht sa seomra, ardaíonn nó íslíonn na bolgáin san fheadán. Chun teocht an tseomra a léamh, léann tú an lipéad atá ar an mbolgán is ísle san fheadán.

Galileo os comhair an Ionchoisne sa Róimh

Naimhdeas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharraing Galileo naimhdeas na n-údarás san Eaglais Chaitliceach ar Galileo: Bhí cléir na heaglaise an-chumhachtach ag an am sin agus ní raibh siad sásta nár aontaigh Galileo leo. Bhí intleachtóirí a linne go tréan ar son an gheolárnachais nó an domhanlárnachais, is é sin shíl siad gurb é an domhan lárphointe na chruinne.[5]

Cuireadh Galileo os comhair na Cúistiúnachta, agus cuireadh bac air a chuid smaointe a chraobhscaoileadh. D’ordaigh an Pápa go mbeadh Galileo ina phríosúnach ina theach féin agus chaith sé deich mbliana mar sin go bhfuair sé bás.

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh Isaac Newton ó bhonn obair Galileo chun an fhisic chlasaiceach a shaothrú.

Inniu ní mór struchtúr matamaiticiúil nua a nochtadh, amhail do-athraitheacht Galileo, nó teoiric chuaire spás-ama. Is dócha go bhfuil na huirlisí againn chun é a aimsiú, ach b’fhéidir go mbeadh sé i bhfad níos éasca le ríomhaire candamach.[6]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba cheoltóir den scoth é Galileo. Nuair a bhí sé óg theastaigh uaidh bheith ina dhochtúir. Ach ansin, d’fhás an tsuim a bhí aige san eolaíocht, go háirithe sa réalteolaíocht. Fuair Galileo bás in Arcetri na hIodáile ar 8 Eanáir 1642 (77 bliain d’aois ag an am; tháinig fiabhras air agus bhí an croí ag dul dó).

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Matt Hussey (2011). "Fréamh n Eolais" (Coiscéim). 
  2. cogg.ie. "Eureka 11.4". Dáta rochtana: 2021.
  3. cogg.ie. "Eureka 4-21". Dáta rochtana: 2021.
  4. cogg.ie. "Eureka 4-20". Dáta rochtana: 2021.
  5. conlangbloggari (2014-08-17). "Nuacht (agus Seanchas) ó Shaol na hEolaíochta" (ga). Tuairisceoir an Dúin. Dáta rochtana: 2021-01-08.
  6. dias.ie. "BUNPHRIONSABAIL MATAMAITICE AN DÚLRA A SCAOILEADH". Dáta rochtana: 2021.