An tIonchoisne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAn tIonchoisne
Cineáleagraíocht reiligiúnach
binse breithimh
córas dlí
type of Roman Catholic institution (en) Aistrigh
ecclesiastical court (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deEaglais Chaitliceach Rómhánach Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht1184 - 
Le cuid


Léiriúchán de chuid an 19ú haois deGalileo roimh an Oifig Naofa, le Joseph-Nicolas Robert-Fleury

Is éard a bhí i gceist leis an tIonchoisne (Laidin: Inquisitio Haereticae Pravitatis - An fiosrúchán ar shaobhadh eiriciúil) ná eiricigh a chuardach, a chur fá thriail agus a smachtú, ag institiúidí éagsúla laistigh de chóras ceartais na hEaglaise Chaitlicí Rómhánaí. Thosaigh sé amach sa 12ú haois, le tabhairt isteach an céasadh le haghaidh géarleanúna na heiriceachta. Baineadh úsáid as cleachtais ionchoisne chomh maith le haghaidh coireanna in aghaidh an dlí Chanónta.

Sainmhíniú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir leis an téarma An tIonchoisne a bheith infheidhme maidir le haon cheann de na hinstitiúidí éagsúla a throid i gcoinne na n-eiriceach (nó ciontóirí eile in aghaidh an dlí Chnónta) laistigh de chóras ceartais na hEaglaise Chaitlicí Rómhánaí. Go hiondúil, úsáidtear an téarma "An tIonchoisne" i gcomhthéacs na hEaglaise Chaitlicí Rómhánaí. D'fhéadfadh sé bheith bainteach freisin le;

  • binse eaglasta
  • hinstitiúid na hEaglaise Caitlicí le haghaidh troid in éadan eiriceachta.
  • roinnt gluaiseachtaí spochta stairiúla i gcoinne eiriceachta. (ionstraimithe ag roinnt grúpaí / daoine aonair laistigh den Eaglais Chaitliceach nó laistigh de stát Caitliceach)
  • triail an duine aonair ar chúiseamh i gciona na heiriceachta.

Go ginearálta, bhain an tIonchoisne ach le hiompar eiriciúil lucht leanúna nó le hiompaithigh Caitliceacha, agus níor bhain sé leo siúd a bhí lasmuigh dá dlínse, cosúil le GiúdaighMoslamaigh.

Binsí agus institiúidí ionchoisne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Roimh an 12ú haois, cheil an Eaglais Chaitliceach ionchoisne cheana féin, go hiondúil trí chóras toirmisc eaglasta nó príosúnachta, ach sin gan úsáid a bhaint as chéasadh, agus is annamh go raibh bású i gceist. Chuir roinnt grúpaí reiligiúnacha in aghaidh a leithéid de phionóis, cé gur bhain roinnt tíortha úsáid as phionós an bháis in aghaidh na heiriceachta.

Sa 12ú haois, chun dul i ngleic le fás an Chatárachais, ghlach níos mó rialtas tuata páirt sa bhrú faoi chois na n-eiriceach. Chuir an Eaglais ar chomhairlí comhdhéanta de easpaig agus ardeaspaigh ionchoisní a bhunú. Bunaíodh an chéad ionchoisne i Languedoc (i ndeisceart na Fraince) sa bhliain 1184.

Sa 13ú haois, chuir an Pápa Gréagóir IX (réimeas 1227-1241) de dhualgas an tIonchoisne fá stiúrú na nOrd Déirce, go mórmhór na Doiminicigh.

Bhain siad úsáid as nós imeachta fiosrúchánach, cleachtas dlí a bhí coiteann ag an am sin. Mheas siad an eiriceacht ina n-aonar, ag baint úsáide as na húdaráis áitiúla chun binse a bhunú agus chun na n-eiriceach a ionchúiseamh. Tar éis dheireadh an dara haois déag, bheadh Ardchúistiúnaí (Laidin: Inquisitor Generalis) i gceannas ar gach ionchoisne, nós a leanadh ar aghaidh go dtí an 19ú haois. Ag tús an 16ú haois, bhí an cuma ar an scéal go raibh seasamh ceannasach bainte amach ag an Eaglais Chaitliceach mar an t-údarás reiligiúnach bunaithe i lár agus in iarthair na hEorpa agus an creideamh in uachtar ar thírdhreach ina raibh an Giúdachas, an Waldeinsiachas, an Hussiteachas, an Lollardachas agus ar dheireadh na Moslamaigh cloíte al-Andalus (Múraigh na na Spáinne) fágtha gan bhrí i dtéarmaí a líon nó a dtionchar. Nuair a bhraith institiúidí na heaglaise iad féin faoi bhagairt ag eiriceacht agus siosma an Reifirméisin Phrotastúnaigh, frithghníomhaigh siad. Ar 21 Iúil, 1542, d'fhógair an Pápa Pól III an Licet ab initio an Bunreacht Aspalda, agus bunaíodh 'Príomh-Chomhthionól Naofa an Ionchoisne Uilígh', agus foireann de chairdinéil agus d'oifigigh eaglasta aige. Bhí de chúram ar an bPríomh-Chomhthionól seo "ionracas an chreidimh a chothabháil agus earráidí agus bréagfhoirceadail a scrúdú agus a thoirmeasc."

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]