Fritz Haber

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Fritz Haber t. 1919

Ceimiceoir Gearmánach a rugadh i Wrocław na Polainne (Breslau na Prúise ag an am) ab ea Fritz Haber (9 Nollaig 186829 Eanáir 1934). Bhuaigh sé Duais Nobel na Ceimice i 1918. D'fhionn sé próiseas Haber-Bosch chun amóinia a dhéanamh ar bhonn trádálach trí hidrigin is nítrigin ón aer a chomhchuingriú go díreach.

A shaol[athraigh | athraigh vicithéacs]

Giúdaigh ab ea muintir Haber. Fear siopa ab ea a athair agus é ag díol éadaí, péinteanna agus cógais. Níor tháinig an mháthair chuici i gceart tar éis bhreith an mhic, agus fuair sí bás trí seachtaine i ndiaidh di Fritz a shaolú. D'áirigh an t-athair a bhean chéile uaidh go mór mór, agus ba dhual dó an milleán a chur ar Fritz, rud a chuir an caidreamh ó mhaith eatarthu ar fad.

Ar dtús bhí Fritz ag dul chuig an mheánscoil úd Johannesgymnasium nó Meánscoil Eoin ina gcuirtí an bhéim ba troime ar staidéar na dteangacha clasaiceacha. Ina dhiaidh sin d'athraigh sé go dtí an Gymnasium St Elisabeth nó Meánscoil Eilís. Meánscoil mhatamaiticiúil a bhí ann, ach ní raibh ceimic ar bith á múineadh ansin ach an oiread. Sa bhliain 1886 áfach thosaigh Fritz ag staidéar in Ollscoil Heidelberg, áit a raibh Robert Bunsen ina léachtóir. Chuaigh an mac léinn ó Heidelberg go Beirlín, áit a raibh na ceimiceoirí móra August Wilhelm von Hofmann agus Carl Liebermann á theagasc. Bhain sé amach a chéim ollscoile le saothar taighde a scríobh sé faoi "dhíorthaigh áirithe de chuid an phipearónail". (Cumhrán agus blasóir é an pipearónal a úsáidtear go fairsing sa tionsclaíocht.) Sa bhliain 1893 thréig sé an creideamh Giúdach agus d'iompaigh sé i leith an Phrotastúnachais, rud nár thaitin lena athair ar aon nós.

Chaith sé na blianta beaga ag obair sa tionsclaíocht agus sna hollscoileanna, ach sa bhliain 1894 fuair sé post cúntóra in ollscoil Karlsruhe, áit ar bhain sé amach dochtúireacht sa cheimic sa bhliain 1896. Dhá bhliain ina dhiaidh sin d'fhoilsigh sé téacsleabhar ceimice agus bronnadh ollúnacht urghnách ceimice air san oillscoil.

Sa bhliain 1901 phós sé Clara Immerwahr a bhí ina ceimiceoir chomh maith leis féin. Rugadh mac amháin dóibh, Hermann Haber (1902-1946).

Sa bhliain 1904 a thosaigh sé ag forbairt an phróisis a thabhaigh clú agus cáil dó, is é sin, déantús na hamóinia. Tá an nítrigin an-tábhachtach sa tionsclaíocht cheimiceach, agus san am chéanna tá atmaisféar an Domhain iontach saibhir sa nítrigin. Is é oighear an scéil áfach go bhfuil an nítrigin sin i bhfoirm dúile, agus tá an nasc triarach sa mhóilín N2 an-láidir le briseadh, rud nach mór a dhéanamh le comhdhúile nítrigine a tháirgiú a bhfuil luach trádála iontu, níotráití ach go háirithe. A fhad is nach raibh modh oibre ann le leas a bhaint as nítrigin an aeir, bhíothas i dtuilleamaí níotráití nádúrtha ("sailpítear"). Sa bhliain 1909 d'éirigh le Haber agus Carl Bosch an próiseas seo a fhorbairt is a fhoirfiú—"modh oibre Haber agus Bosch", nó Haber-Bosch-Verfahren mar a deir an Ghearmáinis.

Clara Immerwahr

Bhí Haber go tréan ag tacú lena thír dhúchais nuair a phléasc an Chéad Chogadh Domhanda amach, agus an-lámh aige i bhforbairt na ngás nimhe le haghaidh cogaíochta. Thosaigh sé ag tástáil na foisgéine (clóiríd charbóinile, COCl2) agus an chlóirín go gairid i ndiaidh thús an chogaidh. Ní raibh fadhbanna moráltachta aige féin leis na gáis nimhe i machaire an áir, nó bhí sé barúlach gurb ionann an bás i gcónaí beag beann ar an gcineál arm a thugann é. Ní raibh Clara, a bhean, ar aon tuairim faoi sin, agus mharaigh sí í féin go gairid i ndiaidh an chéad úsáid a bhain an tArm Gearmánach as an gclóirín in aice le hYpres ar an 22 Aibreán 1915. Phós sé arís sa bhliain 1917. Charlotte Nathan a bhí ar an dara bean chéile, agus ba Ghiúdach a chuaigh le Protastúnachas í, díreach cosúil le Haber féin agus leis an gcéad bhean chéile. Saolaíodh iníon agus mac dóibh; bhí sé i ndán don mhac, Ludwig Fritz "Lutz" Haber, dul ar imirce go Sasana le teacht slán ó ghéarleanúint na nGiúdach sa Ghearmáin. Chuaigh Lutz le stair na heacnamaíochta. Mar a shamhlófá le mac Fritz Haber, d'fhoilsigh sé roinnt saothar taighde faoi thionsclaíocht ceimice na Gearmáine agus faoi úsáid na ngás nimhe sa Chéad Chogadh Domhanda.

Níor mhair an pósadh nua ach deich mbliana, nó fuair Fritz Haber agus Charlotte Nathan colscaradh sa bhliain 1927. Bhí buaiteoirí an chogaidh den tuairim gur coirpeach cogaidh ab ea Haber, agus b'éigean dóibh seal a chaitheamh ar a sheachaint san Eilvéis.

Sa bhliain 1917 thosaigh Haber ag forbairt modhanna nua oibre le ciainíd a tháirgeadh. San am sin bhí ciainídí á n-úsáid go forleathan i ndíothú na bhfeithidí lotnaide—is é sin mheasctaí ciainíd potaisiam nó ciainíd sóidiam le haigéad sulfarach, ionas go scaoiltí ciainíd hidrigine (aigéad prúiseach i bhfoirm gáis). Modh dainséarach oibre a bhí ann áfach, agus theastaigh ó Haber agus a chuid cúntóirí an chiainíd hidrigine a scaipeadh ar dhóigh nach mbeadh chomh contúirteach céanna. Bhunaigh Haber agus saineolaithe eile Deutsche Gesellschaft für Schädlingsbekämpfung ("An Cumann Gearmánach um Dhíothú na Lotnaidí"), nó Degesch, sa bhliain 1919 le lotnaidicídí (lotnaidnimheanna) nua a fhorbairt. Ba é Haber an chéad stiúrthóir, ach sa bhliain 1920 ghlac Walter Heerdt, iar-dhalta de chuid Haber, an fhreagracht sin. Faoin am sin bhí Haber ag cur suime i rudaí eile cheana, is é sin theastaigh uaidh ór a aonrú as uisce na bhfarraigí le cúitimh chogaidh na Gearmáine a íoc. Ní raibh rath ar na hiarrachtaí seo, ach ar a laghad, d'éirigh leis feabhas suntasach a chur ar mhodhanna oibre na hanailise agus iad a dhéanamh ní b'íogaire.

Ba é Degesch a d'fhorbair an dá lotnaidicíd chiainídbhunaithe úd Zyklon A agus Zyklon B—ní raibh rath ar an gcéad cheann acu, ach d'éirigh leis an dara ceann mar tháirge trádála. Iar-dhaltaí de chuid Haber a d'fhorbair na nimheanna seo. Le linn an Uilelosctha, bhain na Naitsithe úsáid fhorleathan as Zyklon B leis na Giúdaigh a mharú sna seomraí gáis. Sa bhliain 1946 chuir Hermann, mac Haber, lámh ina bhás féin chomh náirithe is a bhí sé ag ról a athar i mbunú na gcomhlachtaí Degesch agus I.G.Farben a raibh ról chomh lárnach acu san Uileloscadh.

Bhí baint ag Haber leis an gcomhlacht cumasctha I.G.Farben a bunaíodh sa bhliain 1925. Nuair a tháinig na Naitsithe chun cumhachta sa Ghearmáin, chuir siad "dlí an Airianachais" i bhfeidhm ar an gcumhacht, ionas gur sacáladh na hoibrithe Giúdacha go léir. Fuair Haber féin riachtanach dul ar pinsean. Thairg ollscoil Cambridge post ollaimh dó sa bhliain chéanna agus chuaigh sé ar imirce go Sasana, ach faoin am seo bhí a shláinte ag cliseadh air. Sa bhliain 1934 thug sé cuairt ar an bPalaistín, agus fuair sé bás le taom chroí i mBasel san Eilvéis ar an turas ar ais. Tá sé adhlactha i Reilig Hörnli sa chathair chéanna.