Lotnaidicíd

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Agraiceimiceán nádúrtha nó saorga a úsáidtear chun feithidí, creimirí, fiailí, fungais nó ábhair bheo eile atá dochrach do phlandaí, ainmhithe nó bia-ábhair a mhilleadh. Deartar lotnaidicíd chun díriú ar lotnaid ar leith i gcomhshaol ar leith, gan cur isteach ar aon orgánach eile. Mar sin féin, is féidir go mbeidh nochtadh fadtéarmach nó dian tocsaineach do dhaoine nó ainmhithe, agus mar sin, le himeacht ama tá srianta bitheolaíocha ar lotnaidí á gcur i bhfeidhm in ionad na lotnaidicídí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Lotnaidicíd". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 419.