Robert Wilhelm Bunsen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRobert Wilhelm Bunsen
Robert Wilhelm Bunsen (HeidICON 53016) (cropped).jpg
Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith31 Márta 1811
Göttingen Cuir in eagar ar Wikidata
Bás16 Lúnasa 1898
87 bliana d'aois
Heidelberg Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaBergfriedhof (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Göttingen - ceimic (1828–) Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilDoktor Nauk in Chemistry (en) Aistrigh
Comhairleoir dochtúireachtaFriedrich Stromeyer
Áit chónaitheAn Ghearmáin
Gníomhaíocht
Réimse oibreCeimic
Suíomh oibre Göttingen
Wrocław
Marburg
Heidelberg Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmceimiceoir, múinteoir ollscoile, múinteoir, cumadóir, fisiceoir, turgnamhaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Wrocław
Ollscoil Marburg
Ollscoil Heidelberg
Ollscoil Göttingen Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinnFritz Haber, Jacques-Louis Soret, Dmitry Lachinov, Rudolf Benedikt, Ludwig Mond agus Walther Hempel
TeangachaAn Ghearmáinis
Saothar
Mac léinn dochtúireachtaViktor Meyer, Hermann Kolbe, Edward Frankland, Georg Ludwig Carius, Carl Gräbe, Johann Friedrich Wilhelm Adolf von Bäyer, Philipp Eduard Anton Lenard, Albert Ladenburg, Adolf Lieben, Heinrich Martin Weber, Loránd Eötvös, Johann August Streng, Georg Ludwig Carius, Thomas Edward Thorpe agus Francis Robert Japp
Teaghlach
Céileluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairChristian Bunsen
SiblínGustav Bunsen
Gradam a fuarthas
Síniú
Robert Bunsen - Signatur.jpg

Find a Grave: 22503

Ceimiceoir Gearmanach ab ea Robert Wilhelm Bunsen (30 Márta 1811 - 16 Lúnasa 1899.

I gcomhar le Gustav Kirchhoff, cheap Bunsen ionstraim chun speictrim a anailísiú (an chéad speictriméadar), D'imscrúdaigh sé speictrim astúcháin d'eilimintí teite, agus d'fhionn sé na dúile caeisiam (sa bhliain 1860) agus rubaidiam (sa bhliain 1861).

D'fhorbair Bunsen roinnt modhanna le haghaidh gáis a mhionscrúdú; bhí sé ina cheannródaí sa fhótaiceimic, agus rinne sé an luath-obair i réimse na ceimice orgán-arsanaice.

D'fhorbair Bunsen, in éineacht le Peter Desaga, an dóire Bunsen, mar bhí géar-ghá, ag an am sin, le hábhar maith teasa ar bhinse na saotharlainne ceimice.

Cheap Bunsen raon ionstraimí tábhachtacha eile[1]:

  • fótaiméadar an gheirspota,
  • an bataire galbhánach,
  • an t-oighear-chalraiméadar,
  • agus (i gcomhar le Remy Roscoe) an t -achtanaiméadar.

Tá an 'Dámhachtain Bunsen-Kirchhoff' le haghaidh na speictreascópachta anailíse (Gearmáinis: Bunsen-Kirchhoff-Preis für Analytische Spektroskopie) ainmnithe in onóir dóibh.


Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a d'fhostaigh Ollscoil Heidelberg Bunsen sa bhliain 1852, gheall na húdaráis saotharlann nua a thógáil dó . Bhí tús curtha díreach ag an am sin le soilsiú sráide gásghual a shuiteáil i Heidelberg, agus mar sin bhí soláthar gáis curtha isteach san fhoirgneamh saotharlainne nua chomh maith.

Fuair an tsaotharlann teas chomh maith le soilsiú ón ngás. I gcomhair téimh, bhí sé inmhianaithe an teocht a uasmhéadú agus an lonrachas a íoslaghdú. Go dtí sin, ní raibh an-éifeachtach sna lampaí saotharlainne maidir le simplíocht agus barainneacht, chomh maith le cáilíocht an lasair i gcomhair dóire lampa.

Nuair a bhí foirgneamh s'aige fós á dtógáil go déanach sa bhliain 1854, mhol Bunsen prionsabail dearaidh áirithe don mheicneoir ollscoile, Peter Desaga, agus mhol sé dó fhréamhshamhail a thógáil. (Bhí na prionsabail comhchosúla úsáidte níos luaithe ag Michael Faraday i ndearadh dóire, agus ag an ghás innealtóir R. W. ​​Elsner i ngléas a bhí paitinnithe sa bhliain 1856).

Bhí smaoineamh an dóire fhíorthábhachtaigh seo ag Robert Bunsen, ach ba é a chabhraitheoir teicniúil Peter Desaga a thóg is a thug chun foirfeachta é.

D'éirigh leis an dearadh Bunsen-Desaga lasair te, neamh-shúiche, neamh-lonrúil a ghiniúint, trí ghás le haer a mheascadh i mbealach rialaithe roimh dócháin. Chruthaigh Desaga scoiltíní i gcomhair an aeir ag bun an chéad dóire sorcóireach, an lasair a lasadh ag an mbarr.

Faoin am a d'osclaíodh an foirgneamh go luath sa bhliain 1855, bhí caoga dóirí déanta ag Desaga do mhic léinn Bhunsen. D'fhoilsigh Bunsen cur síos ar an ndóire dhá bhliain níos déanaí, agus ghlac go leor dá chomhghleacaithe go luath leis an dearadh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Matt Hussey, Fréamh an Eolais, Coiscéim 2011