Fótaiméadracht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tomhas an tsolais is a ráta tarchurtha. Ní hionann is radaiméadracht, baineann fótaiméadracht le minicíochtaí (tonnfhaid) sofheicthe amháin, agus cuireann san áireamh íogaireacht neamhchothrom na súile do sholas de mhinicíochtaí difriúla. Is tábhachtach í i ngrianghrafadóireacht agus dearadh soilsithe. Tomhaistear an flosc lonrúil i lúmain (lm), agus freagraíonn sé seo dá gcumhacht radanta sa radaiméadracht. Tomhaistear an déine lonrúil (a fhreagraionn don déine radanta sa radaiméadracht) i gcaindéilí (cd). Tomhaistear an lonras, a fhreagraíonn don radantas sa radaiméadracht, in aonaid cd m-2. Agus tomhaistear an soilseas (ag freagairt don lonradas sa radaiméadracht) i lucsaí (lx).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fótaiméadracht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 284.