John Tyndall
John Tyndall | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Contae Cheatharlach, 2 Lúnasa 1820 |
Náisiúntacht | Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann |
Bás | Surrey agus Haslemere, 4 Nollaig 1893 |
Áit adhlactha | St. Bartholomew's Churchyard (en) ![]() |
Cúis bháis | () |
Muintir | |
Athair | John Tyndall |
Céile/Céilí | Louisa Charlotte Tyndall (en) ![]() Louisa Charlotte Tyndall (en) ![]() |
Oideachas | |
Alma mater | Ollscoil Marburg |
Stiúrthóir tráchtais | Michael Faraday |
Teangacha | an Béarla |
Gairm | |
Gairm | fisiceoir, glaciologist (en) ![]() |
Fostóirí | Institiúid Ríoga |
Duaiseanna | Comhalta den Chumann Ríoga Royal medal (1853) Rumford Medal (1864) honorary doctor of the University of Edinburgh (1867) Bakerian Lecture (1881, 1864, 1861, 1855) |
Ballraíocht | Royal Academy (en) ![]() Acadamh Ríoga na Sualainne um Eolaíocht An Cumann Ríoga Acadamh Eolaíochtaí na Gearmáine, Leopoldina Accademia Nazionale delle Scienze detta dei XL Acadamh Eolaíochtaí agus Daonnachtaí na Baváire |
![]() |
Fisicí a saolaíodh i Leithghlinn an Droichid, Contae Cheatharlach, ab ea John Tyndall (2 Lúnasa 1820 - 4 Nollaig 1893). Ball den tSeirbhís Ordanáis in Éirinn (1839) agus Sasana (1842), ina innealtóir iarnróid (1844-1847). Ceapadh ina Chomhalta den Chumann Ríoga é i 1852, ina ollamh san Institiúid Ríoga i 1853. Ba chomhghleacaí ansin le Michael Faraday é, agus tháinig sé i gcomharbacht air mar stiúrthóir (1867). Rinne sé taighde suntasach ar an iliomad ábhar tábhachtach, ina measc iompar criostal i réimse maighnéadach is faoi bhrú, radaíocht teasa, teocht is radaíocht na gréine, na himoibrithe idir solas na gréine agus na gáis san atmaisféar, agus scaipeadh solais le páirteagail san atmaisféar. Mhínigh sé cén fáth go bhfuil an spéir gorm, agus an iarmhairt cheaptha teasa (iarmhairt an teach gloine) san atmaisféar de thoradh an dé-ocsaíd charbóin ann. Thaispeáin sé go bhfuil páirteagail deannaigh is páirteagail bheo san aer, agus thug isteach iarmhairt Tyndall is scaipeadh Tyndall. Chabhraigh sé le bunú an iris cháiliúil eolaíochta Nature (An Dúlra) i 1869. Ceannródaí sa scríbhneoireacht eolaíochta do ghnáthdaoine. Scríobh sé beathaisnéis Faraday, Faraday as a Discoverer (Faraday mar Fhionnachtaí, 1868), Glaciers of the Alps (Oighearshruthanna na nAlp, 1860) agus Fragments of Science for Unscientific People (Blúirí Eolaíochta do Dhaoine gan Eolaíocht, 1871).
![]() | Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |