CLG Áth an tSléibhe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Áth an tSléibhe
Béarla: Athea
Bunaithe: 1905
Contae: Luimneach
Roinn: Thiar
Peil: Idirmheanach
Iomáint: -
Dathanna: Marún is bán
Páirc: Páirc na nGael, Teampall an tSléibhe, Áth an tSléibhe, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Áth an tSléibhe.

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an club bunaithe i bparóiste Áth an tSléibhe idir An Gleann agus Mainistir na Féile in Iarthar gContae Luimnigh, 60km siar ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór imreoirí an chlub as baile Áth an tSléibhe agus as na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Gort na gCros, An Chúil, Cnoc na gCoirneach agus Gleann an Ghabhair.

Cluichí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá paróiste Áth an tSléibhe suite díreach ar theorainn Chontae Chiarraí agus tá traidisiún láidir peile sa cheantar. Ós rud é ná imrítear an iomáint go forleathan sa pharóiste, imrítear ach an pheil amháin sa chlub. Is iad Naomh Ciarán, Tuar na Fola, Teampall an Ghleanntáin agus Móin na nGé na clubanna iomána is gaire do Áth an tSléibhe.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go raibh an pheil á imirt go forleathan sa cheantar le linn blianta deiridh an 19ú céad, níor bhunaíodh aon club i bparóiste Áth an tSléibhe go dtí an bhliain 1905. Roimhe sin, d’imir peileadóirí na háite le Mainistir na Féile, An Gleann agus Máigh Mheáin i gContae Chiarraí. Níl aon tagairt ann d'fhoirne ag imirt faoi ainm Áth an tSléibhe nó faoi aon ainm eile gaolmhar leis an bparóiste i gcomórtaisí a eagraíodh in Iarthar Luimnigh nó i dtuaisceart Chiarraí le linn blianta na 1990í.

Ós rud é go raibh foireann an-láidir ag Mainistir na Féile le linn blianta na 1900í agus na 1910í, mealladh roinnt des na himreoirí ab fhearr chucu ó na paróistí lámh leo. Ina measc siúd bhí Áth an tSléibhe agus níor éirigh go maith leis an gclub nua sna blianta díreach i ndiaidh a bhunú.

D’athraigh an scéal nuair a bhuadar cluiche ceannais an Iarthair chun cluiche ceannais Craobh Peile Sóisear Chontae Luimnigh na bliain 1919 a shroichint ach níor imríodh é de dheasca na dTrioblóidí. Bhí ar Áth an tSléibhe fanacht go dtí an bhliain 1937 sular tháinig an deis arís chucu. Ach d’ainneoin Craobh an Iarthair a ghabháil sa bhliain sin i ndiaidh dóibh an lámh in uachtar d'fháil ar Bhaile Stiabhana agus arís sna blianta 1948 agus 1949, níor shroicheadar cluiche ceannais Craobh Peile Sóisear Chontae Luimnigh go dtí an bhliain dár gcionn nuair a buadar ar Sháirséalaigh an Chonartha.

Tháinig corn sóisear an chontae chuig an bparóiste don dara huair sa bhliain 1963 tar éis dóibh Pailís na Gréine a chloí agus bhí Áth an tSléibhe ar ais sa ghrád sinsear don dara huair. Cúig bhliain ina dhiaidh sin, bhuadar ar Sháirséalaigh an Chonartha i gcluiche cannais Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh ach, nuair a thosnaigh an fhoireann sin ag titim as a chéile, bhíodar ar ar ag imirt peile sóisir arís le linn blianta na 1980í.

Tháinig feabhas ar an scéal le blianta na 1990í nuair a tháinig glún nua le chéile chun Craobh Faoi-21B an Chontae a ghabháil sa bhliain 1995. Buadh Craobh Peile Sóisear A an Chontae sa bhliain 1997 tar éis dhá athimirt i gcoinne Drom Chollachair/Béal an Átha agus Craobh Peile Idirmheánach Chontae Luimnigh sa bhliain 2002 le bua ar Ghallbhaile agus shoicheadar cluiche ceannais Craobh Sinsear an Chontae na bliana dár gcionn ach chailleadar i gcoinne Drom Chollachair/Béal an Átha. Thiteadar síos go dtí an grád idirmheánach sa bhliain 2006, bhíodar ar ais sa phríomhghrád láithreach bonn tar éis buachaint ar Ghallbhaile arís i gcluiche ceannais Craobh Idirmheánach na bliana 2007 ach níor fhanadar ach bliain amháin ann sular thiteadar síos arís.

Páirc Imeartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Páirc na nGael, Áth an tSléibhe suite i dTeampall an tSléibhe, 2km soir ó lár an bhaile ar bhóthar Charraig Chiarraí.

Imreoirí Cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc peileadóirí cáiliúla an chlub, tá Tadhg de Bhulbh (Timmy Woulfe) agus Seán Ó Maoláin (Johnny Mullane) a d'imir ar fhoireann Luimnigh i gcluiche ceannais Craobh Peile Sinsear na Mumhan sa bhliain 1965 agus Pádraig Ó hEathairn (Pat Ahern) a bhí ar an bhfoireann i gcluiche ceannais na bliana 2003.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).