Bré
Bré | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | ||||
Contae in Éirinn | Contae Chill Mhantáin | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 7.55 km² | ||||
Airde | 18 m | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Eile | |||||
Logainm.ie | 16662 | ||||
Suíomh gréasáin | braytowncouncil.ie |
Baile i gContae Chill Mhantáin is ea Bré[1] (nó Brí Chulainn). Tá sé in aice leis an teorainn le Baile Átha Cliath. Is baile í i dtuaisceart Contae Chill Mhantáin. Is ceantar uirbeach gnóthach í agus is baile cois trá í in a bhfuil 33,492 duine ina gcónaí ann, is í an ceathrú baile is mó in Éireann (seachas na cúig chathair.) Tá sé suite timpeall 20km (12 mhíle) de dheisceart Baile Átha Cliath ar an gcósta iarthar.
'Sé suíomh de chuid thionscal an baile seo, áit chónaithe do an-cuid daoine a dhéanann comaitéireacht do Baile Átha Cliath sa charr nó ar Iarnród/DART agus is é baile mhargaidh don réigiún timpeall air agus fós mheallann sé turasóirí, an chuid is mó ó Bhaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine.
Tá an baile suite idir an imeall Baile Átha Cliath/Cill Mhantáin, le cuid de na bruachbhailte atá suite i gContae Baile Átha Cliath. Tá an t-aon ionad scannánaíochta tiomnaithe in Éirinn, 'Ardmore Studios', suite i mBré, áit ina ndearnadh scannáin ar nós Excalibur, Braveheart, agus Breakfast On Pluto.
Teangacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí 10,998 daoine ábalta Gaeilge a labhairt. Labhair 431(1.4%) gach lá taobh amuigh den chóras oideachas. Labhair 4,041 teanga eile seachas Gaeilge nó Béarla sa bhaile. Bhí Polainnis an teanga iasachta is comónta le 866 cainteoirí.
Spórt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cumann sacair ag an mbaile - mar atá Cumann Peile Fánaithe Bhré. Tá an club mar chuid de Chumann Peile na hÉireann agus tá a gcluichí baile á n-imirt acu i bPáirc Charlisle. Sa Phríomhroinn atá siad i mbun imeartha.
Tá cumann CLG lonnaithe sa bhaile chomh maith - Eiméid Bhré, agus páirc bhaile acu ar Sheanascail Chonaithe[2].
Iompar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bóthar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an bhaile suite ar an M11 ag acomhal 5, 6, agus 7.
Iarnród
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'oscail Stáisiún Uí Dhálaigh Bhré sa bhliain 1854, agus anois, tá sé an ceann scríbe don chuid is mó ar an Mearlíne Átha Cliatha (DART) ó Binn Éadair nó Mullach Íde. Oibríonn seirbhísí ó Na Clocha Liatha freisin.
Tá seirbhísí eile ó Calafort Ros Láir go dtí BÁC Stáisiún Uí Chonghaile nó Stáisiún Mhic Ghiolla Bhríde Driochead Átha, nó go dtí Stáisiún Mhaigh Nuad.
Tá na seirbhísí go léir á oibriú ag Iarnród Éireann.
Busanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bealach | Ó | Go Dtí | Tríd | Á Oibriú Ag |
---|---|---|---|---|
45A
45B |
Cill Mocheanóg | Stáisiún Dhún Laoghaire Í Mhealláin | Bóthar Na Móna, Stáisiún Bhré Sean Chill, An Baile Breac | Go-Ahead Ireland |
84 | An Caisleán Nua | Stáisiún na Carraige Duibhne | Na Clocha Liatha, Bóthar Vevay, Stáisiún Bhré, Sean Chill, Gleann Bhríde, Cabán tSíle | Bus Átha Cliatha |
84A | Stáisiún Bhré | Stáisiún na Carraige Duibhne nó Ospidéal Naomh Uinseann | Mar bealach 84 idir Stáisiún Bhré agus Stáisiún An Charraig Dhubh | Bus Átha Cliatha |
84N | Sráid D'Olier | Na Clocha Liatha | Droichead na Dothra, An Charraig Dhubh, Gráinseach an Déin, Sean Chill, Stáisiún Bhré | Bus Átha Cliatha |
84X | An Caisleán Nua | Cé Éidin | Cill Chomghaill, Na Clocha Liatha, Bóthar Na Croise Theas, Ospidéal Bhaile Uí Lachnáin, COBhÁC, Faiche Stiabhna | Bus Átha Cliatha |
131 | Cill Mhantáin | Stáisiún Bhré | Ráth Naoi, Áth na Fuinseoige, Baile an Chinnéidigh, Cill Mocheanóg | Bus Éireann |
133 | Cill Mhantáin | BÁC (Busáras) | Ráth Naoi, Áth na Fuinseoige, Baile an Chinnéidigh, Cill Mocheanóg, Ospidéal Bhaile Uí Lachnáin, OCBhÁC, Faiche Stiabhna | Bus Éireann |
143 | Bóthar Na Croise Theas | Áth an Ghainimh (Luas) | Bóthar Vevay, Stáisiún Bhré, Sean Chill, Ospidéal Bhaile Uí Lachnáin | Finnegan Bray |
144 | Bóthar Na Croise Theas | Stáisiún Bhré | Bóthar Vevay | Finnegan Bray |
145 | Baile Bhaltraim | Stáisiún Heuston | Príomhshráid Bhré, Sean Chill, Ospidéal Bhaile Uí Lachnáin, COBhÁC, Faiche Stiabhna | Bus Átha Cliatha |
155 | Stáisiún Bhré | IKEA | Sean Chill, Ospidéal Bhaile Uí Lachnáin, COBhÁC, Faiche Stiabhna, Sráid Uí Chonaill, Droim Conrach | Bus Átha Cliatha |
181 | Gleann Dá Locha | Faiche Stiabhna | An Láithreach, An Tóchar, Cill Mocheanóg, Príomshráid Bhré, Sean Chill, Ospidéal Bhaile Uí Lachnáin, COBhÁC | St. Kevin's Bus |
184 | Baile an Chinnéidigh | Stáisiún Bhré | Na Clocha Liatha | Go-Ahead Ireland |
185 | Áth na Sceire | Stáisiún Bhré | Palermo | Go-Ahead Ireland |
702 | Acra na mBodach | Aerfort BÁC | Aircoach | |
740
740X |
Loch Garmán | Aerfort BÁC | Inis Córthaidh, Guaire, An tInbhear Mhór, Cill Mocheanóg | Wexford Bus |
740A | Guaire | Aerfort BÁC | An tInbhear Mhór, Cill Mhantáin, Ráth Naoi, Cill Mocheanóg | Wexford Bus |
UM11 | Guaire | Ollscoil Mhá Nuad | An tInbhear Mhór, Cill Mhantáin, Ráth Naoi, Cill Mocheanóg, Léim an Bhradáin | Wexford Bus |
Daoine aitheanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Dara Ó Briain - fuirseoir agus láithreoir teilifíse
- Cearbhall Ó Dálaigh - 5ú Uachtarán na hÉireann
- Fionn Regan - amhránaí agus ceolchumadóir
- Hozier - amhránaí agus ceolchumadóir
- Katie Taylor - dornálaí agus imreoir sacair
- Eddie Jordan - iarthiománaí rásaíochta
- Ed Joyce - imreoir cruicéid
- V.S. Coster- file agus ealíontóir
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Bré/Bray | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-10-03. Dáta rochtana: 2016-04-17.
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |