U2
| Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. |
| U2 | |
| Tír | Éire |
| Gníomhach | 1976 – anois |
| Seánra(í) ceoil | Rac-cheol, Rac malartach |
| Baill | Bono (Paul Hewson) The Edge (David Evans) Adam Clayton Larry Mullen |
| Suíomh gréasáin | www.u2.com |
Is banna rac-cheoil as Éirinn é U2. Is iad Bono (Paul David Hewson) (canadh), The Edge (David Howell Evans) (giotár), Adam Clayton (dordghiotár) agus Larry Mullen (drumaí) baill an ghrúpa.
Bunaíodh U2 i 1976, i mBaile Átha Cliath agus tá breis is 120 milliún albam díolta acu ar fud an domhain.
Clár ábhair |
[athraigh] Stair
[athraigh] Tosnú agus briseadh isteach sna cairteacha (1976-1980)
Tháinig an banna le chéile den chéad uair an 25 Meán Fómhair 1976 i gcistin an drumadóra, Larry Mullen. Bhí seachtar ann, na buachaillí ó Mount Temple a d'fhreagair fógra a chuir Mullen ar crochadh sa scoil. Ghlac siad an t-ainm Feedback dóibh féin.
Tar éis bliain go leith de cleachtadh, d'aithrigh siad a ainm go The Hype agus buaigh siad £500 i seó talann ós cionn Jackie Hayden as CBS Records. Rinne siad a chéad "demo" ceart leis an t-airgead.
Is é Steve Rapid, ball den bhanna punc Radiators From Space, a chum an t-ainm U2 dóibh.
I Meán Fómhair 1979, chuaigh a chéad EP U2-3 isteach sna cairteacha ag uimhir a h-aon in Éirinn. Chuaigh siad ar turas gearr go Sasana chun cúpla ceolchoirm a dhéanamh.
[athraigh] Boy agus October (1980-1981)
Sínigh U2 le Island Records i mí Márta 1980. Cuireadh Boy ar díol i Meán Fómhair na bliana sin. Meastar gurb é Boy ceann de na na debut is fearr i stair an roc-cheoil. Chuaigh úrsceál Lord of the Flies i bhfeidhm go mór ar U2 agus feictear é seo san albam. Tá pictiúr do Peter Rowen, dearthair cara Bono, Guggi ar clúdach an albam. Tá amhráin ar nós I Will Follow agus Out of Control ar an albam Boy, amhráin a sheineann U2 go fóill ina gcuid ceolchoirmeacha.
Tháinig October amach i 1981. Tá téama láidir (an Críostaíocht) le feiceáil san albam seo. Ní haon ionadh é ansin go raibh Bono, Edge agus Larry Mullen ina mbaill de ghrúpa Críostaíoch darbh ainm "Shalom" ag an am seo. Is é "October" an t-aon albam roc-Críostaíoch a d'eisigh U2 agus níor éirigh go ró-mhaith leis an albam sna cairteacha.
Rinne U2 fístéip ceoil don amhrán Gloria ag an am seo. Meiert Avis a stiúraigh.
[athraigh] Albaim
Tá ceithre albam déag acu:
- Boy (1980),
- October (1981),
- War (1983),
- Under a Blood Red Sky (1983),
- The Unforgettable Fire (1984),
- The Joshua Tree (1987),
- Rattle and Hum (1988),
- Achtung Baby (1991),
- Zooropa (1993),
- Passengers (1995),
- Pop (1997),
- All That You Can't Leave Behind (2000) agus
- How to Dismantle an Atomic Bomb (2004)
- No Line on the Horizon (2009)
agus
[athraigh] SE
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.