Sex Pistols

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sex Pistols
Sex Pistols.jpg
Bunús Londain, Sasana
Tír Ríocht Aontaithe
Gníomhach 1975 – 1978
1996
2002 – 2003
2007
2008
Seánra(í) ceoil Punc-rac
Baill Johnny Rotten
Steve Jones
Paul Cook
Glen Matlock
Iar-bhaill Sid Vicious
Suíomh gréasáin God Save the Sex Pistols

Nuair a tháinig punc-rac ar an bhfód i lár na 1970idí, bhain an grúpa clúiteach agus míchlúiteach Sex Pistols rath agus cáil mhór amach, agus feictear orthu inniu mar cheann de na príomhbhannaí ón aicme seo riamh. Cé nár mhair siad ach trí bliana ar dtús, bhí tionchar an-láidir acu ar chúrsaí ceoil agus ar an gcultúr go leathan.

Bunaíodh sa bhliain 1975 i Londain iad, faoi bhainisteoireacht Malcolm McLaren.

Luathbhlianta[athraigh | edit source]

D'eascair an grúpa as The Strand, banna a bhíodh á sheinm le chéile i Londain ón bhliain 1972. Déagóirí den lucht oibre a bhí ann - Steve Jones ag canadh, Paul Cook mar dhrumadóir agus Wally Nightingale ag seinm an ghiotáir. De réir chuntas a thabharfadh Jones níos déanaí, bhíodh seisean agus Cook ag seinm ar uirlisí ceoil a bhí goidte acu. Ceoltóirí eile a bhíodh á chasadh le The Strand - nó The Swankers mar a thugtaí orthu uaireanta eile - ná Jim Mackin ar an orgán agus Stephen Hayes agus, go gairid, Del Noones ar an ndordghiotár.

Ba gnách baill an bhanna casadh le chéile ar bhonn rialta ag dhá shiopa éadaí ar Kings Road, sa cheantar Chelsea - Acme Attractions, de chuid John Krivine agus Steph Raynor (áit ina raibh Don Letts ag obair ina bhainisteoir) agus Too Fast to Live, Too Young to Die de chuid Malcolm McLaren agus Vivienne Westwood. Osclaíodh siopa McLaren agus Westwood sa bhliain 1971 faoin ainm Let It Rock, le athbheochan Teddy Boys na gcaogaidí mar théama. Athainmníodh an siopa an bhliain dár gcionn chun díriú ar athbheochan de stíl eile - stíl an "rocker" a bhí bainte le Marlon Brando. Mar a thug John Lydon níos déanaí: "Beirt shysters a bhí i Malcolm agus Vivienne. Dhíolfaidís rud ar bith d'aon fhaisean a bhíodar in ann greim a fháil ar". I gceann tamaill, bheadh an siopa mar áit lárnach do slua an phuinc-raic, ag mealladh daoine mór le rá ar nós Sid Vicious, Marco Pirroni, Gene October, agus Mark Stewart.

Go luath sa bhliain 1974, chuir Jones ina luí ar McLaren lámh cúnta a thabhairt don bhanna. Agus é ag teacht isteach mar bhainisteoir beag ná mór orthu, d'íoc McLaren an chéad seomra cleachtaidh a bhí acu. Glacadh Glen Matlock isteach mar dhord-ghiotáraí, mac léinn ealaíona a bhíodh ag obair anois agus arís ag Too Fast to Live, Too Young to Die. I Mí na Samhna, bhog McLaren go Cathair Nua-Eabhrac ar feadh tamall beag. Sular fhág sé an tír, bhí smaoineamh nua eile aige agus ag Westwood don tsiopa. Thugadar "Sex" air mar ainm, le béim úr nua ar "neamh-fhaisean" S&M. Tar éis seal caite aige ag bainistiú agus ag cur an bhanna na New York Dolls chun cinn ar feadh roinnt mhíonna, d'fhill McLaren ar Londain i Mí Bealtaine na bliana 1975. Le stíl agus meon radacach na bpuncanna i Lower Manhattan mar spreagadh aige - Richard Hell ón ghrúpa Television ach go háirithe - shroich McLaren an fód dúchais le ní ba mhó spéise ná riamh sa bhanna The Strand.

Idir an dá linn, bhí an banna ag cleachtadh le chéile go minic, le cara McLarean Bernard Rhodes ag coimeád súile orthu, agus bhí a gcéad seó poiblí seinnte acu. Díreach i ndiaidh fhilleadh McLaren, tugadh bata agus bóthar do Nightingale agus ghlac Jones - nach raibh ar a chompord riamh mar phríomhamhránaí - a áit mar ghiotáraí. De réir an iriseora agus iar-oibreoir McLarean Phil Strongman, bhí an t-ainm QT Jones and the Sex Pistols (nó QT Jones & His Sex Pistols= tógtha acu.

Bhí McLaren i dteagmháil le Sylvain Sylvain de chuid na New York Dolls, ag impí air teacht go Sasana chun a bheith ina amhránaí. Nuair a thit an tóin as an scéim seo, thosaigh gach dóibh ag lorg amhránaí áitiúil. Mar a dúirt Matlock: "Bhí gruaig fhada ar gach duine ansin, fear an bhainne fiú, dá mbeadh gruaig ghearr ag duine éigin, stadfaimis iad sna sráideanna agus d'iarrfaimis ar mhaith leo a bheith ina n-amhránaithe". I measc na ndaoine a bhuaileadar leis sa chaoi seo ná Midge Ure, a bhí gnóthach lena bhanna féin Slik. Tugadh triail do Kevin Rowland chomh maith, fear a chuirfeadh an banna úd Dexys Midnight Runners le chéile trí bliana ní ba dhéanaí, ach ní dheachaigh i gcion ar éinne ach Matlock. Agus iad ag streachailt leis an obair, cuireadh scairt ar Richard Hell, ach dhiúltaigh seisean an cuireadh.

I Mí Lúnasa 1975, tháinig siad ar fear óg naoi mbliana d'aois John Lydon, a bhí le feiceáil go rialta ar Kings Road. Bhí t-léine de chuid Pink Floyd á chaitheamh aige ar an lá úd, ach leis na focail "I hate" scríofa go garbh air agus le poill scriobtha trí na súile. agus an rud ar fad ceangailte le chéile le bioráin dúnta. Ar an oíche seo nó an oíche ina dhiaidh, níltear cinnte, tugadh Lydon chuig teach tábhairne ina aice láimhe chun bhualadh le Jones agus Cook. Mar a dúirt Jones: "Tháinig sé isteach le gruaig uaine. Mheas mé go raibh aghaidh an-spéisiúil aige. Thaitin an chuma bhí air liom. Bhí rud ar leith aige, ach nuair a thosaigh sé ag labhairt, ba "asshole" ceart é. Ach glic fós". Agus an áit druidte don oíche, bhogadar go léir chuig Sex, siopa McLaren. Ní raibh pioc suime riamh ag Lydon a bheith ag canadh, ach chuir sé taispeántas beag ar siúl dóibh agus é ag canadh an amhráin "I'm Eighteen" le hAlice Cooper in éineacht leis an júcbhosca. Níorbh ann ach ábhar magaidh ag baill an bhanna agus iad sna trithí ag gáire faoi, ach chuir Lydon ina luí orthu cleachtadh a dhéanamh le Lydon as seo amach.

Ag cuimhneamh na laethanta seo ní ba dhéanaí, dúirt Lydon: "Áit ghruama ar fad a bhí sa Bhreatain na luath-seachtóidí. Bhí sé dulta ó rath amach is amach, le bruscar ar na sráideanna, dífhostaíocht iomlán - bhí beagnach chách ar stailc. Tógadh gach duine i gcóras oideachais a d'inis duit go neamhbhalbh nach raibh dóchas nó ionchas gairme ar bith agat, má thagann tú ó thaobh mí-cheart an tsaoil".

Seinneadh Nick Kent, iriseoir ón New Musical Express (NME) leis an mbanna anois is arís, ach d'fhág sé ar an toirt nuair a dtugadh Lydon isteach. I Mí Mheán Fómhair, fuair McLaren áit chleachtaidh don ghrúpa arís don ghrúpa, a bhí ag cleachtadh sna pubanna go dtí seo. Bhí post lánaimseartha ag Cook, agus bhí sé ar tí éirí as.

Tagairtí[athraigh | edit source]