Rac malartach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
R.E.M. - ceann de na chéad bhannaí a haicmíodh san earnáil seo.

Gné den rac-cheol atá i gceist leis an rac malartach, nó an ceol malartach. Thosaigh an téarma seo ag éirí níos coitianta le linn na n-ochtóidí agus na nóchaidí, chun cur síos a dhéanamh ar rac-bhannaí a bhí taobh amuigh den phríomhshruth ag an am. Go bunúsach, ba bhannaí iad a bhí tugtha don phunc-rac agus iad á bhfoilsiú faoi lipéid bheaga neamhspleácha, bannaí nach raibh furasta a aicmiú in aon earnáil eile. Deirtear gur tharla pléasc mhór an rac-cheoil mhalartaigh i ndeireadh na n-ochtóidí agus i dtús na nóchaidí, nuair a bhris na bannaí seo isteach sa chuilithe go tobann.

Is téarma an-leathan é rac malartach, agus níl aon sainmhíniú dearfa le fáil. Dá réir sin, cuirtear gach banna sainearnála sa chatagóir seo, cé go mbíonn siad sách difriúil eatarthu féin freisin.