The Velvet Underground

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
The Velvet Underground
Tír Stáit Aontaithe Mheiriceá
Gníomhach 1965 – 1973
Seánra(í) ceoil Rac-cheol, rac malartach
Lipéad/lipéid Verve, MGM, Atlantic, Polydor, Mercury, Sire
Iar-bhaill Lou Reed
John Cale
Sterling Morrison
Angus MacLise
Maureen Tucker
Doug Yule
Walter Powers
Willie Alexander

Racbhanna Meiriceánach ab ea é The Velvet Underground, a bhí gníomhach idir na blianta 1965 agus 1973. Na baill is cáiliúla a bhí ann ná Lou Reed agus John Cale, an bheirt úd a bhain rath nach beag amach mar cheoltóirí aonair. Cé nach raibh mórán ratha tráchtála ag an mbanna ina linn féin, bíonn siad luaite i gcónaí ag na criticeoirí mar cheann de na grúpaí ba thábhachtaí agus ba mhó tionchar riamh, a thóg spreagadh an-mhór do cheoltóirí nua. Mar a deirtear, ní fhaca mórán daoine an banna ag seinm riamh, ach bhunaigh gach duine dóibh bannaí.

B'as Cathair Nua-Eabhrac dóibh. Bhí baint ag an ngrúpa le fochultúr ealaíne Andy Warhol, agus tháinig seisean isteach mar bhainisteoir orthu. Chum siad ceol agus liricí a chuaigh díreach in aghaidh na gcaighdeán sóisialta a bhí ann sna laethanta úd — mar shampla cultúr na ndrugaí, an striapachas agus ábhair eile ón taobh dorcha den chathair. Mar thoradh, d'oscail siad a lán doirsí do ghrúpaí eile a thiocfadh ar an bhfód níos déanaí. Mar chumadóirí, bhí siad an-trialach i gcónaí agus d'imir dearcadh an bhanna tionchar mór ar phunc-rac sna seachtóidí agus ar rac malartach sna nóchaidí.

Chuir Rolling Stone an t-albam The Velvet Underground and Nico ag uimhir 13 ar an liosta de na halbaim is fearr riamh sa bhliain 2003.

Albaim[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]