SEIF

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Víreas SEIF.

Seasann na litreacha SEIF don tSiondróm Easpa Imdhíonachta Faighte. Is é atá ann ná cnuasach d'airíonna, tholgáin agus ionfhabhtuithe a thagann ar an duine de thoradh an dochar ar leith a dhéanann an Víreas Easpa Imdhíonachta Daonna nó an VEID dá chóras imdhíonachta. Fágann céim dheireanach an tsiondróim an t-othar gan imdhíonacht ar bith ar tholgáin agus sceachaillí a thapaíonn an deis. Cé gur féidir an víreas a choinneáil siar le cóireáil, níl leigheas ann a ruaigfeadh as orgánach an othair é. Tolgtar an víreas i dteagmháil dhíreach na seicne múcasaíshruth na fola le sreabhán coirp a bhfuil an víreas ann, cosúil le fuil, seamhan, sreabhán faighne, sreabhán réamhsheamhain, agus bainne cíche. Is féidir don teagmháil seo titim amach má sháitear an t-orgán gnéis san fhaighin, san anas nó sa bhéal. Is féidir, fosta, don fhuilaistriú an víreas a thabhairt ó dhuine go duine. Baineann an priacal céanna leis an dóigh a n-úsáideann na handúiligh dhrugaí an tsnáthaid chéanna leis an druga a instealladh, nó ligeann sé do shruth fola na ndaoine éagsúla teacht i dteagmháil le chéile. Is féidir don víreas dul ón máthair go dtí an páiste nuair atá sí ag iompar clainne, ag breith an linbh nó ag tabhairt cíche dó.

An chuid is mó de na saineolaithe, tá siad barúlach gur tháinig an Víreas Easpa Imdhíonachta Daonna ar an bhfód san Afraic, taobh theas den tSahára, san fhichiú haois. Inniu, is galar paindéimeach é an SEIF, agus meastar go bhfuil tolgadh an víris faighte ag corradh is 38.6 milliún de dhaoine ar fud an domhain. I Mí Eanáir sa bhliain 2006, mheasúnaigh Clár Comhair na Náisiún Aontaithe agus na hEagraíochta Domhanda Sláinte go raibh breis agus 25 milliún duine tar éis bás a fháil leis an SEIF ó haithníodh an chéad uair riamh é, ar an 5ú lá de Mhí an Mheithimh sa bhliain 1981. Mar sin, tá an SEIF ar ceann de na galair is mó a mharaigh daoine ó tháinig an chéad taifead stairiúil ar pár. Sa bhliain 2005, meastar gur cailleadh 2.4-3.3 milliún duine leis an SEIF, agus nach raibh 570,000 duine acu ach ina bpáistí. San Aifric taobh theas den tSahára a thit ceann as gach triúr de na básanna seo amach. Dá thoradh sin, tá sochaí na dtíortha sa chuid sin den domhan ag titim as a chéile ar fad ag an ngalar, nó má tá cuid mhór de dhaonra na tíre ag éileamh leis an ngalar agus ag fáil bháis, ní féidir an geilleagar ná an córas riaracháin féin a choinneáil ag imeacht. Is féidir gearradh siar ar an mortlaíocht agus maolú ar chruachás na n-othar le cóireáil fhrith-reitrivíreasach, ach níl a leithéid de chógaisí ar fáil go réidh i ngach tír. Tarraingíonn an SEIF níos mó náire anuas ar an othar ná an chuid is mó de na galair mharfacha, agus is minic a ghreamaíonn an náire seo, fiú, de na daoine atá ag tabhairt sóláis agus leighis don othar.

An tIonfhabhtú[athraigh | edit source]

Is é an Siondróm Easpa Imdhíonachta Faighte an dóigh is tromchúisí ar féidir don ionfhabhtú leis an VEID teacht chun solais. Reitrivíreas is ea é an VEID is mó a ionfhabhtaíonn comhchodanna ardtábhachtacha an chórais imdhíonachta, cosúil leis na cealla CD4+ T (sórt T-chealla iad seo), macrafagaigh agus cealla deindríteacha. Díothaíonn an VEID na cealla CD4+ T go díreach agus go hindíreach, agus ní féidir don chóras imdhíonachta oibriú i gceart in uireasa na gceall seo. Nuair nach bhfuil oiread is 200 cill den chineál seo fágtha i ngach micrilítear fola, tá an imdhíonacht cheallach caillte, agus an SEIF ar na bacáin. I ndiaidh an chéad ionfhabhtú géar, is dual don VEID é féin a choinneáil faoi cheilt ar feadh tamaill, go dtí go dtiocfaidh na chéad luathairíonna chun solais. Ina dhiaidh sin, iompóidh an t-ionfhabhtú ina ShEIF, a bheidh inaitheanta ar an mbeagán ceall den chineál CD4+ T a fhanfaidh san fhuil, chomh maith le hionfhabhtuithe ar leith a bhíonn coitianta ag na hothair SEIF.

Mura bhfuil cógaisí frith-reitrivíreasacha ar fáil, is gnách don ionfhabhtú iompú ina SEIF i rith naoi nó deich mbliana, agus nuair a bheidh an SEIF ann, ní bheidh ach naoi mí agus seachtain fágtha ag an othar ar an saol seo, ar meán. Mar sin féin, bíonn forchéimniú an ghalair éagsúil go leor ag othair dhifriúla, agus é ag luainiú idir dhá sheachtain agus fiche bliain. Imríonn go leor imthoscaí a dtionchar ar ráta an fhorchéimnithe. Más duine óg atá againn agus coimpléasc capaill aige, is follasach go mbeidh sé in ann cúl a choinneáil ar an aicíd níos faide ná an seanduine fannlag. Thairis sin, an duine a raibh an eitinn, cuir i gcás, ina leannán air sular bhuail an VEID é, agus é ina chónaí i dtír thearcfhorbartha ar bheagán dochtúirí, beidh sé i bhfad níos measa as ná an duine folláin a raibh teacht aige ar dhochtúirí ó rugadh é. Tá oidhreacht ghéiniteach an othair tábhachtach freisin, chomh maith leis an tréithchineál den víreas a tholg sé. Tá a leithéid de riocht ann agus CCR5-Δ32. Is é an rud atá i gceist leis an gcód aisteach seo ná cineál sóchán nó éalang ghéiniteach a fhágann a lorg ar chóras imdhíonachta an duine. Cé gur riocht díobhálach é go bunúsach, fágann sé an t-othar díonta ar thréithchineálacha áirithe den víreas. Bíonn tréithchineálacha éagsúla den víreas ann, agus cuid acu ag dul i gcion ar an orgánach daonna níos sciobtha ná an chuid eile. Má úsáidtear cógaisí frith-reitrivíreasacha in am, is ea is faide a bheifear ábalta an SEIF a mhoilliú agus an t-othar a choinneáil beo breabhsánta.

Diagnóis[athraigh | edit source]

Ón gcúigiú lá de Mhí an Mheithimh sa bhliain 1981 anuas, is iomaí sainmhíniú ar an SEIF a forbraíodh le haghaidh faireachas eipidéimeolaíoch, cosúil le sainmhíniú Bangui agus cás-sainmhíniú fairsingithe na hEagraíochta Domhanda Sláinte ar an SEIF ón mbliain 1994. Ní raibh na córais seo ceaptha le céimeanna an ghalair a aithint thar a chéile san ospidéal, áfach. Sna tíortha tearcfhorbartha, úsáidtear córas na hEagraíochta Domhanda Sláinte leis an ionfhabhtú VEID a aithint agus le céimeanna forbartha an ghalair a shainmhíniú de réir na sonraí cliniciúla agus saotharlainne. Sna tíortha forbartha, áfach, téitear i dtuilleamaí chóras aicmithe na Centers for Disease Control (CDC) sna Stáit.

Córas na hEagraíochta Domhanda Sláinte le céimeanna forbartha an ionfhabhtaithe agus an ghalair a aithint[athraigh | edit source]

SEIF san Afraic. Eochair:

██ 0%-2%

██ 2%-5%

██ 5%-10%

██ 10%-15%

██ 15%-20%

██ 20%-30%

██ Níl eolas ar fáil

Sa bhliain 1990, d'aicmigh an Eagraíocht Dhomhanda Shláinte na hionfhabhtuithe agus na riochtaí sláinte seo leanas le chéile le córas céimaitheanta a thabhairt isteach d'othair atá ionfhabhtaithe le VEID-1. Nuashonraíodh an córas i Mí Mheán Fómhair sa bhliain 2005. An chuid is mó de na riochtaí seo, níl iontu ach tolgáin a thapaíonn an deis nuair nach bhfuil imdhíonacht ag an othar: nuair a thagann siad ar an duine nach bhfuil ionfhabhtaithe leis an VEID, ní bhíonn sé deacair iad a leigheas.

Córas aicmithe CDC le haghaidh an ionfhabhtaithe VEID[athraigh | edit source]

I dtús báire, d'aicmigh na Lárionaid um Srianadh agus Chosc na nAicídí (Centers for Disease Control and Prevention, CDC) sna Stáit an SEIF mar "GRID", is é sin, Gay Related Immune Disease, nó galar imdhíonachta na bhfeileacán. Ina dhiaidh sin, áfach, fuarthas amach nach raibh an SEIF teoranta do dhaoine homaighnéasacha amháin, agus mar sin, baisteadh an t-ainm nua, neodrach air. Sa bhliain 1993, d'fhairsingigh na Lárionaid seo a sainmhíniú ar choincheap an SEIF. Ó shin i leith, deirtear go bhfuil an SEIF ar gach duine atá ionfhabhtaithe leis an VEID agus a bhfuil níos lú ná 200 T-chill i micrilítear dá chuid fola, sin nó mura bhfuil ach 14 % nó níos lú as na fuilchealla bána ar fad aige ina dT-chealla. An chuid is mó de na hothair nua sna tíortha forbartha, is de réir an tsainmhínithe seo nó an tsean-sainmhínithe ó na blianta roimh 1993 a haithnítear iad. An duine ar aithníodh an SEIF air de réir na sainmhínithe seo, beifear ag dearcadh air mar othar SEIF fiú i ndiaidh do na cealla seo éirí níos líonmhaire de bharr na cóireála, nó i ndiaidh do na seachghalair a bheith leigheasta.

An tástáil[athraigh | edit source]

Duine as gach beirt, a bheag nó a mhór, dá bhfuil ionfhabhtaithe leis an VEID, níl a fhios acu an galar a bheith orthu ar aon nós sula dtaispeánann an tástáil é. An fhuil a fhaightear ó na deontóirí agus na táirgí fola a úsáidtear sna hospidéil agus sa taighde, cuirtear tástáil den chineál sin i bhfeidhm orthu le teacht ar an truailliú in am. Tá na modhanna tipiciúla tástála dírithe ar antasubstaintí an VEID a aithint ar shreabháin choirp na n-othar. Agus an méid sin ráite, bíonn sé difriúil ag na daoine éagsúla cé chomh fada a thógann sé orthu antasubstaintí a fhorbairt a bheadh inaitheanta sa tástáil. Mar sin, níl sé as an ngnáth nach mbeadh na hantasubstaintí ann ach leathbhliain, nó fiú bliain, i ndiaidh an tolgtha. Tá gléas tástála le ceannach a aithníonn aigéad ribeanúicléasachaigéad dí-ocsairibeanúicléasach an VEID sula dtagann na hantasubstaintí ar an bhfód ar aon nós. Ní ghlactar leis na measúnachtaí seo go hoifigiúil le haghaidh diagnóis an ionfhabhtaithe VEID, ach mar sin féin, baintear úsáid astu go forleathan sna tíortha forbartha.

Na hairíonna is na seachghalair[athraigh | edit source]

Na hairíonna ar a n-aithnítear an SEIF, ní airíonna don SEIF iad sa chiall liteartha, nó is torthaí iad do na galair a thagann ar an othar i ndiaidh don SEIF an córas imdhíonachta a chur ó mhaith. Dá mbeadh an córas sin ag oibriú mar ba chuí, ní bheadh oiread is deis ag na haicídí sin teacht a fhad leis sin. Na baictéir, na víreasanna, na fungais agus na seadáin a tharraingíonn na galair seo ar an othar, is iomaí ceann acu nach ndéanfadh a dhath ar an duine folláin. Téann an VEID i gcion ar gach cuid den orgánach, beagnach. Iad siúd a bhfuil an SEIF orthu, bagraíonn an ailse orthu freisin, nó tá cineálacha ailse ar leith a bhuaileann othair SEIF níos fusa ná na daoine eile, go háirithe sarcóma Kaposi, ailse an mhuiníl agus ailse an chórais imdhíonachta féin (liomfóma).

Na hothair a bhfuil an SEIF orthu, bíonn gnáthairíonna an othair ionfhabhtaithe ag luí orthu, ar nós fiabhras, bárcadh allais (istoíche ach go háirithe), faireoga ata, creathnú fuachta, fannlaige ghinearálta, agus cailleadh meáchain. Meastar go bhfuil níos mó ná cúig bliana saoil i ndán don othar i ndiaidh dhiagnóisiú an SEIF, ach ós rud é go bhfuiltear ag forbairt cóireálacha nua agus an víreas féin ag éirí dochloíte ag na seanchógaisí, is dócha go mbeidh athruithe agus ath-athruithe ag teacht ar an measúnú seo amach anseo. An t-othar nach bhfuil fáil aige ar an gcóireáil fhrith-reitrivíreasach, ní mhaireann sé bliain i ndiaidh na diagnóise, de ghnáth. Cailltear an chuid is mó de na hothair leis na tolgáin a thapaíonn an deis nó leis na cineálacha aillse a thagann orthu i ndiaidh don chóras imdhíonachta teip orthu.

Bíonn an galar ag dul chun donais ag rátaí éagsúla ar othair éagsúla, agus é braiteach ar thionchar a lán fachtóirí ar nós so-ghabhálacht an othair, an riocht ina raibh a chóras imdhíonachta agus a shláinte roimh an tolgadh, feabhas an chúraim shláinte sa tír ina bhfuil sé ina chónaí, na hionfhabhtuithe lena raibh sé buailte nuair a tholg sé an VEID, agus an tréithchineál den víreas féin a bhuail é. Na seachghalair a bhuaileann an t-othar, bíonn siad ag brath ar aeráid na timpeallachta. An seachghalar a thiocfadh ort sa teochrios, ní thagann sé ort sa Ghraonlainn.

Na galair scamhógacha a bhuaileann an t-othar[athraigh | edit source]

An cineál niúmóine ar a dtugtar Pneumocystis jiroveciPneumocystic carinii

Is ar éigean a thagann an niúmóine seo ar dhaoine folláine a bhfuil a gcóras imdhíonachta ag oibriú mar is cóir, ach is minic a bhíonn sé ag luí ar othair a fuair an tolgadh VEID. A fhad is nach raibh diagnóis, cóir leighis ná réamhchosc forbartha don ghalar seo, ba mhinic a thug sé bás na n-othar SEIF faoi dheireadh, fiú sna tíortha saibhre. Maidir leis an Tríú Domhan, tá an galar seo i gcónaí ar ceann de phríomchomharthaí sóirt an SEIF ag othair nach ndeachaigh faoi thástáil VEID, cé nach gnách dó othar a bhualadh mura bhfuil leibhéal na gceall CD4 tite glan níos ísle ná 200 ceann in aghaidh an mhicrilítir.

An eitinn

Murab ionann agus na hionfhabhtuithe eile a bhíonn ag dul leis an SEIF, is féidir leis an eitinn dul ón othar SEIF go daoine nach bhfuil a dhath cearr lena gcóras imdhíonachta. Is é an córas ríospráide an bealach a thagann an tolgadh. Níl sé deacair an eitinn a leigheas le cógaisí an lae inniu, ach tá an dainséar ann i gcónaí go gcaillfidh na cógaisí a mbrí, agus na frídíní ag éirí díonta orthu. Cé go bhfuil an eitinn imithe as an gcuid is mó de na tíortha Iartharacha, agus an sláinteachas ag dul i bhfeabhas, níl an scéal leath chomh maith sna tíortha tearcfhorbartha ina bhfuil an SEIF féin ag rith damhsa. Go gairid i ndiaidh an ionfhabhtaithe, bíonn an eitinn teoranta do na scamhóga, ach de réir is mar atá an t-othar ag éirí lag agus an víreas ag fáil an lámh in uachtar air, is féidir leis an eitinn an t-orgánach a ionsaí taobh amuigh de na scamhóga. Is minic a bhíonn sí á leitheadú go dtí na cnámha agus go smior na gcnámh, chomh maith leis an ngoile agus na putóga, an chrua-ae, agus lárchóras na néaróg.

Na galair ghastraistéigeacha a bhuaileann an t-othar[athraigh | edit source]

Na galair néarógacha a bhuaileann an t-othar[athraigh | edit source]

  • Galar seadánach is ea í an tocsaplasmóis, agus is é an seadán aoncheallach úd Toxoplasma gondii is cúis leis. Is gnách don tseadán an inchinn a ionfhabhtú agus athlasadh inchinne nó einceifilíteas tocsaplasmach a tharraingt air, ach thairis sin, tá sé in ann na súile agus na scamhóga a ionfhabhtú chomh maith, agus dochar a dhéanamh dóibh.
  • Galar miailinscriosach is ea í an leoiceinceifileapaite ilfhócasach chéimnitheach (progressive multifocal leukoencephalopathy, PML). Scriosann an galar seo an mhiailin timpeall ar acsóin na néarcheall, agus mar sin, baineann sé de chumas an orgánaigh néar-ríoga a iompar. Is é an víreas "JC" is cúis leis an leoiceinceifileapaite. Tá an víreas seo ar iompar ag seachtar daoine as gach deichniúr faoi cheilt, ach má fhanann an córas imdhíonachta ag obair go maith, ní dhéanfaidh sé dochar ar bith. Nuair a chuirfidh an VEID an córas sin ó mhaith, áfach, tosóidh an víreas seo ag ionfhabhtú na néarcheall, agus má thosaíonn, ní bheidh sé i bhfad ag díothú an córas néarógach ar fad. Mar sin, ní mhairfidh an t-othar ach cupla mí i ndiaidh na diagnóise, de ghnáth.
  • Tugtar ADC, nó néaltrú (dara leanbaíocht, aois leanbaíochta) de dheasca an SEIF ar einceifileapaite mheitibileach a gcuireann an t-ionfhabhtú VEID an chéad tús leis, agus é ag dul chun donais de réir mar atá an SEIF ag oibriú ar na macrafagaigh - na fuilchealla móra bána - agus ar na fagaicítí eile san inchinn atá ag iarraidh an t-orgánach a chosaint. Is é sin, má ionfhabhtaíonn an SEIF na cealla seo, tosóidh siad ag tál substaintí a dhéanann dochar do na néaróga (substaintí néarthocsacha). Is é is toradh don dochar seo ná mínormáltachtaí cognaíochta, iompraíochta, agus luaile, agus iad ag teacht chun solais, fiú, na blianta fada i ndiaidh an chéad ionfhabhtú VEID. Tá an "dara leanbaíocht de dheasca an SEIF" seo i bhfad níos coitianta ar na hothair sna tíortha Iartharacha ná san India. Is dócha gurb é an cineál den víreas atá coitianta san India is cúis leis an difríocht seo.
  • Is é atá i gceist leis an meiningíteas crioptacocúilmeiningíteas nó athlasadh meininge (is é is meining ann ná an tseicin a chumhdaíonn an inchinn agus corda an dromlaigh) arb é an fungas úd Cryptococcus neoformans is cúis leis. Sórt fiabhras inchinne atá ann, mar sin. Is iad na hairíonna a théann leis an meiningíteas crioptacocúil ná fiabhras, tinneas cinn, atuirse, samhnas, agus múisc. Is féidir leis an meiningíteas seo bás an othair a thabhairt, mura thugtar cógas agus cóir leighis dó in am.

Na cineálacha ailse a bhuaileann an t-othar[athraigh | edit source]

Tá cineálacha urchóideacha ailse ann a thagann ar na hothair VEID thar aon dream eile. Is é is cúis leis an íogaireacht seo ná an comh-ionfhabhtú le víreas oincigineach a bhfuil aigéad dí-ocsairibeanúicléasach ann. Víreasanna den chineál seo is ea iad Víreas Epstein agus Barr (EBV), an víreas úd KSHV a bhfuil sarcóma Kaposi ag baint leis, agus an cineál den víreas Papilloma a bhuaileann daoine (HPV). Má aithnítear na cineálacha ailse seo leanas ar othar atá ionfhabhtaithe leis an VEID, is féidir a rá go bhfuil an SEIF air.

  • Is é sarcóma Kaposi an siad is tipiciúla agus is coitianta a thagann ar na hothair seo. Sa bhliain 1981, tugadh faoi deara go raibh an sarcóma seo ag iompú ina eipidéim ar fhir óga homaighnéasacha, agus inniu, tá a fhios againn gurbh é an VEID agus an SEIF ba chúis leis an eipidéim seo. Víreas den chineál gáma-herpes ar a dtugtar KSHV (is é sin, "an víreas herpes atá ag baint le sarcóma Kaposi", nó Kaposi's sarcoma-associated herpes virus as Béarla) is cúis leis an sarcóma seo. Aithnítear an sarcóma mar nóidíní a bhfuil dath sórt purpartha iontu, ach is féidir dó orgáin eile a bhualadh chomh maith, go háirithe an béal, an chonair ghastraistéigeach, agus na scamhóga.
  • Liomfómaí áirithe, go háirithe liomfóma Burkitt agus liomfómaí atá cosúil leis sin, bíonn siad níos coitianta ar na hothair atá ionfhabhtaithe leis an VEID ná ar dhaoine eile. Na cineálacha seo ailse, is tuar tubaiste iad go minic don othar. I gcásanna áirithe, is féidir an SEIF a aithint ar na liomfómaí seo. Is iad KSHV agus víreas Epstein agus Barr is cúis le cuid mhór de na liomfómaí seo.
  • Ar mhná atá ionfhabhtaithe leis an VEID, is féidir an SEIF a aithint ar an ailse cheirbheacsach. Is é an víreas papilloma, nó HPV, is cúis leis an ailse seo.

I mbreis ar na cineálacha ailse thuas ansin, is baol do na hothair VEID siadaí áirithe eile a tholgadh, go háirithe galar Hodgkin - sórt liomfóma é sin freisin - agus carcanómaí san anas agus sa reicteam (ailse sa tóin). Tá cuid mhaith cineálacha ailse ann, áfach, nach mbíonn níos coitianta ar na hothair VEID ná ar an gcuid eile den daonra - ailse na gcíoch agus ailse na drólainne, cuir i gcás. In áiteanna a mbaintear úsáid fhorleathan as an modh leighis ar a dtugtar HAART - is é sin, cóireáil fhrith-reitrivíreasach ardghníomhach, a chiallaíonn go dtugtar sraith de chógaisí frith-reitrivíreasacha éagsúla don othar - bíonn na cineálacha sainiúla ailse a théann leis an SEIF ag dul chun annaimhe, ach san am céanna, bíonn na hothair VEID ag fáil bháis le cineálacha eile ailse.

Ionfhabhtuithe eile a thapaíonn an deis[athraigh | edit source]

Nuair nach bhfuil díonadh ná cosaint cheart fágtha san othar, is iomaí cineál baictéar nó frídín eile a thapaíonn an deis. Mar sin, bíonn ionfhabhtuithe éagsúla ag luí ar an othar VEID, agus airíonna sách ginearálta ag dul leo, ar nós fiabhras agus cailliúint mheáchain. Is féidir leis an Mycobacterium avium agus leis an gcitimeigilivíreas an t-othar a ionfhabhtú, mar shampla. Tagann an drólainníteas leis an gcitimeiglivíreas go minic, mar a chonaic muid thuas cheana, agus is féidir leis an víreas sin reitine na súl a bhualadh freisin agus an t-othar a fhágáil dall. San Áise Thoir-Theas, is minic a thagann peinicillióis ar an othar. Is é is cúis leis an bpeinicillióis ná an fungas úd Penicillium marneffei. Go coitianta, ní gnách linn dearcadh ar fhungais an ghéinis úd Penicillium mar fhoinsí galair, ach mar fhoinsí leighis. An té atá fágtha gan imdhíonacht ag an VEID, áfach, is féidir leis éirí an-tinn de thoradh ionfhabhtú leis an bPenicillium, fiú bás a fháil.

Tolgadh agus cosc an ghalair[athraigh | edit source]

An Ribín Dearg.

Seo meastachán a thaispeánann priacal tolgtha an VEID de réir an dóigh a dtéitear i dteagmháil leis an víreas. Taispeánann an figiúr na hionfhabhtuithe in aghaidh deich míle ócáid teagmhála le foinse an víris.

  • Fuilaistriú: 9,000
  • Breith an Linbh (seachadadh an víris ó mháthair go leanbh) 2,500
  • Beirt ag baint úsáide as an tsnáthaid chéanna le druga a instealladh 67
  • Comhriachtain tríd an tóin gan choiscín, an priacal don duine atá sa ról neamhghníomhach 50
  • Comhriachtain tríd an bhfaighin gan choiscín, an priacal don bhean 10
  • Comhriachtain tríd an tóin gan choiscín, an priacal don duine atá sa ról gníomhach 6.5
  • Comhriachtain tríd an bhfaighin gan choiscín, an priacal don fhear 5
  • Faoiseamh an bhéil gan choiscín, an priacal don duine atá ag tabhairt faoisimh 1
  • Faoiseamh an bhéil gan choiscín, an priacal don duine atá ag fáil faoisimh 0.5

Conas an tolgadh a chosc roimh ré[athraigh | edit source]

An teagmháil ghnéis[athraigh | edit source]

Is é an teagmháil ghnéis - an chomhriachtain - an dóigh is coitianta leis an SEIF a tholgadh ar na saolta seo. Is é an coiscín an t-aon ghléas amháin atá ann le priacal an tolgtha a laghdú le linn comhriachtana.