Tocsaplasmóis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Galar a mbíonn prótasón ar leith, Toxoplasma gondi, taobh thiar de, a fhaigheann daoine ó fheoil ionfhabhtaithe nó trí thadhall le faecas truaillithe cait. Go minic bíonn sí neamhurchóideach, ach má bhíonn córas imdhíonach duine lagaithe, mar a tharlaíonn i SEIF, féadfaidh sí a bheith an-trom. Aistrítear an t-ionfhabhtú don fhéatas le linn toirchis, agus leanann breith anabaí nó tocsaplasmóis ó bhroinn, le daille is dochar intinne sa leanbh.