Breith anabaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarBreith anabaí
cuir in eagar
Cineálpregnancy with abortive outcome (en) Aistrigh agus reproductive system symptom (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisobstatraic Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10O03 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9634634 Cuir in eagar ar Wikidata
CIAPW82 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
OMIM614389 Cuir in eagar ar Wikidata
DiseasesDB29 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus001488 Cuir in eagar ar Wikidata
Patient UKmiscarriage-spontaneous-abortion Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD000022 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0000786 agus C0000822 Cuir in eagar ar Wikidata

Is éard atá i gceist le breith anabaí[1] ná deireadh toirchis gan an féatas a bheith beo.[2] In Éirinn, má chailleann bean a leanbh roimh 24 seachtaine iompair, nó sula sroicheann leanbh meáchan 500 gram, tugtar breith anabaí air seo.[3]

breith anabaí ag méadú agus an mháthair ag dul in aois[4]
Cúiseanna: breith anabaí athfhillteach
bíosún agus breith anabaí

Minicíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tarlaíonn breith anabaí go minic gan aon rabhadh agus is minic nach féidir aon chúis mhíochaine a fháil faoin gcúis ar tharla sí. Is féidir le breith anabaí a bheith ina chrá agus cé gur féidir le bean teacht chuici féin go fisiciúil sách tapa ó bhreith anabaí, tógann sé i bhfad níos faide go mothaíoch. Gach bliain bíonn breith anabaí ag na mílte ban in Éirinn. Meastar go dtarlaíonn sé do 15% de mhná in Éirinn le linn toirchis.[5] Mar gheall ar an náire agus an stiogma a bhaineann leis na tragóidí bíonn ar mhná ualach an uaignis a iompar laistiar de bhrat rúndachta.[6] I measc na cúiseanna a luaitear le breith anabaí uaireanta: mínormáltacht sa bhféatas, an phlacaint nó an bhroinn, galar ag an máthair nó drugaí a bheith tógtha aici, srl.[7]

Sna meáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí dhá bhreith anabaí ag Síle Seoige, rud a chuir sí roimpi sa chlár faisnéise dátheangach Síle Seoige: Deireadh Tochta ar TG4.[6] Ainmníodh é don Chlár Fíorasach Aonair is Fearr.[8]

Tacaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir teastas marbh-bhreithe[9] a fháil in Éirinn.[10]

Téigh chuig láithreán gréasáin Pregnancy and Infant Loss Ireland[11] le haghaidh:

  • Sonraí teagmhála le haghaidh seirbhísí tacaíochta méala i do cheantar áitiúil
  • Bileoga eolais faoi chailleadh toirchis agus marbh-bhreith[12]

Cumann Breitheanna Anabaí na hÉireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is eagraíocht dheonach í Cumann Breitheanna Anabaí na hÉireann[13][14] a chuireann eolas agus tacaíocht ar fáil do mhná (agus dá bpáirtithe) a d’fhulaing breith anabaí. Soláthraíonn siad tacaíocht teileafóin, faisnéis faoi sheirbhísí cuimhneacháin, agus bileoga eolais ar cheisteanna a bhaineann le breith anabaí. Bíonn cruinnithe tacaíochta ar líne rialta acu freisin do thuismitheoirí atá ag déanamh bróin trí Zoom.[12]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "An Bhreith Anabaí" (en-US). Úna. Dáta rochtana: 2024-02-20.
  2. Tugtar breith anabaí nó ginmhilleadh spontáineach ar eachtraí a tharlaíonn gan idirghabháil. Nuair a ghlactar céimeanna d'aon ghnó chun deireadh a chur le toircheas, tugtar ginmhilleadh spreagtha air nó go hannamh ná sin "breith anabaí spreagtha".
  3. Citizensinformation.ie. "Brón Báis agus Breith Linbh" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2024-02-20.
  4. New England Journal of Medicine, 2004
  5. "10 Most Common Questions About Miscarriage" (en). Sims IVF. Dáta rochtana: 2024-02-20.
  6. 6.0 6.1 "Misneach is oscailteacht Shíle Seoige agus a cuid aíonna le moladh go mór" (ga-IE). Tuairisc.ie (2021-04-08). Dáta rochtana: 2024-02-20.
  7. Hussey, Matt (2011). "Breith anabaí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 89.
  8. "Cláir de chuid TG4 ainmnithe do Ghradaim Theilifíse RTS" (ga-IE). Tuairisc.ie (2022-03-23). Dáta rochtana: 2024-02-20.
  9. aois iompair de 24 seachtaine ar a laghad ag an leanbh nó meáchan 500 gram ar a laghad
  10. Citizensinformation.ie. "Marbh-bhreith a Chlárú" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2024-02-20.
  11. "pregnancyandinfantloss.ie/" (en-IE). Pregnancy & Infant Loss Ireland. Dáta rochtana: 2024-02-20.
  12. 12.0 12.1 Citizensinformation.ie. "Brón Báis agus Breith Linbh" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2024-02-20.
  13. Miscarriage Association of Ireland
  14. "The Miscarriage Association of Ireland" (en-IE). Miscarriage.ie. Dáta rochtana: 2024-02-20.