Eagraíocht Dhomhanda Sláinte

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bratach na heagráiochta

Gníomhaireacht a bunaíodh taobh istigh de na Náisiúin Aontaithe i 1948 chun comhoibriú idirnáisiúnta i bhfeabhsú shláinte na ndaoine a chur chun cinn is ea an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (World Health OrgaizationWHO). A príomhoifig sa Ghinéiv. Pléann sí le ceisteanna cosúil le smacht a chur ar eipidéimí tógálacha, vacsaíniú is cláir eile, sláintíocht, soláthairtí uisce is bia. D'éirigh léi deireadh a chur leis an mbolgach. Feidhmíonn sí mar áras imréitithe i leith eolais ar théamaí cosúil le drugaí, baoil núicléacha, agus taighde ar ailse. Timpeall 190 tír mar bhaill.