Éasafagas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cuid den diúlfaíoch, an feadán fada matánach a ghabhann ó íochtar na farainge tríd an tóracs go dtí an goile. Timpeall 24 cm ar fhad i nduine fásta, líneáilte taobh istigh le cisil lannacha eipitéiliam. An chuid is matánaí de chonair an díleá. Teannann sé solaid is leachtanna a thógann an béal isteach le tonnta craptha a chuid matán, a dtugtar imfháscadh air, i dtreo an ghoile. Tá go leor cúnguithe ar feadh a chúrsa, a chuireann moill ar an ábhar atá á theannadh síos ann. Má bhíonn ábhar creimneach san ábhar a shlogtar siar, déantar níos mó damáiste don éasafagas ag na pointí cúngaithe sin ná áiteanna eile.