Eipitéiliam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtEipitéiliam
Aitheantóirí
MeSHD004848
THH2.00.02.0.00002
FMA9639 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/epithelium
Téarmaíocht anatamaíoch


Ciseal ceall a dhéanann líneáil ar dhromchla inmheánach orgáin chuasaigh (ach amháin an croí, fuileadáin is soithigh na limfe, a dtugtar an t-intéiliam ar an líneáil aoncheallach sna cásanna sin), agus a chumhdaíonn dromchla seachtrach na colainne. Bíonn feidhmeanna difriúla aige i réigiúin dhifriúla na colainne (cosaint, tál is ionsú, mar shampla). Aithnítear cineálacha éagsúla, ag brath ar chruth is suíomh na gceall (colúnach, ciúbóidiúil nó lannach), nó a leagan amach (srathaithe nó súdasrathaithe). Tugtar eipitéiliam trasdultach ar an gcineál a bhíonn mar líneáil ar orgáin chuasacha a bhorrann is a chrapann ar feadh fad mór, cosúil leis an lamhnán. I gcuasa iata na colainne (an cuas peireacairdiach, an cuas pleorach, is an cuas peireatóinéach, mar shampla) soláthraíonn an t-eipitéiliam dromchla mín tais a dhéanann éascaíocht d'aon ghluaisne.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Eipitéiliam". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 244.