Galar Hodgkin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarGalar Hodgkin
cuir in eagar
CineálAn liomfóma agus galar Cuir in eagar ar Wikidata
EapainmThomas Hodgkin Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisoinceolaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
 Cógais
lomustine (en) Aistrigh agus chlorambucil (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Pataigineas
Cúis ghéiniteachGATA3, TCF3, CLSTN2, EOMES, IL13 agus PVT1 Cuir in eagar ar Wikidata
CúisEpstein–Barr virus infection (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10C81.9 agus C81 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9201.0, 201.2, 201.1, 201 agus 201.9 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-O9650/3, 9667/3 agus 965-966 Cuir in eagar ar Wikidata
CIAPB72 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
Enciclopèdia Catalana0032786 Cuir in eagar ar Wikidata
OMIM236000, 300221 agus 400021 Cuir in eagar ar Wikidata
DiseasesDB5973 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus000580 Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine201886 Cuir in eagar ar Wikidata
Patient UKhodgkins-lymphoma-pro Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD006689 Cuir in eagar ar Wikidata
Orphanet98293 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0019829 Cuir in eagar ar Wikidata
DOIDDOID:8567 Cuir in eagar ar Wikidata

Liomfóma, nó ailse i limficítí an chóras imdhíonachta, is ea galar Hodgkinliomfóma Hodgkin. Tá sé ainmnithe as an dochtúir Sasanach a thug an chéad chur síos air, thiar sa bhliain 1832 - Thomas Hodgkin, a bhain clú amach ina phaiteolaí agus ina shaineolaí ar mhíochaine choisctheach. Cruthaíonn liomfóma Hodgkin siadaí sna faireoga limfe, agus é ag ascnamh go hordúil ó fhaireog go faireog. Aithnítear an galar ar chealla móra míchumtha den chineál ar a dtugtar cealla Reed-Sternberg.

Básmhaireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé gur galar dainséarach tromchúiseach é liomfóma Hodgkin, ní bhíonn sé chomh marfach inniu agus a bhíodh tráth. Le fírinne, tá sé ar ceann de na hailsí is soleigheasta amuigh. Is féidir é a leigheas le radaíocht nó le ceimiteiripe, agus tagann biseach ar 90 - 95 % de na hothair. An t-othar nár tháinig ar lorg cóireála sula raibh sé ar bhruach an bháis, is minic a bhí míochaine an lae inniu ábalta é a tharrtháil.

Ar na daoine óga ó 15-35 bliana d'aois is mó a shiúlann galar Hodgkin, ach is minic a thagann sé ar dhaoine scothaosta (os cionn 55 bliana d'aois) freisin.

Daoine a bhfuair bás ó liomfóma Hodgkin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]