Limfe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Leacht fíochánach glan gan dath a chuimsíonn próitéiní, uisce agus ábhair eile a dhíorthaítear as an bhfuil, a iompraítear i gcóras soitheach le ballaí tanaí, neamhspleách ar an gcóras imshruthaithe. Taoscann sé ó spáis idircheallacha fhíocháin na colainne ar ais isteach sa chóras fuileadán trí shoithigh a fholmhaíonn isteach sna féitheacha fochlabhacha. Cuimsíonn sé limficítí chun orgánaigh ionfhabhaithe a scrios freisin, agus tar éis béile, geireacha (ionsúite ón stéig) le hiompar don chóras imshruthaithe fola.