Thomas Hodgkin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaThomas Hodgkin

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith17 Lúnasa 1798
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás5 Aibreán 1866
67 bliana d'aois
Jaffa Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Dinnireacht)
Áit adhlacthaJaffa Old Protestant Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Dhún Éideann
Coláiste an Rí, Londain
Grove House School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreAnatomical pathology (en) Aistrigh
Gairmdochtúir leighis, paiteolaí, haemaiteolaí, anatamaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Teaghlach
CéileSarah Frances Callow Scaife Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJohn Hodgkin  agus Elizabeth Rickman
SiblínJohn Hodgkin
Síniú

Find a Grave: 24307707 Cuir in eagar ar Wikidata

Lia ab ea Thomas Hodgkin (a rugadh ar an 17 Lúnasa 1798 i bPentonville agus bás ar an 5 Aibreán 1866 i Jaffa, sa PhalaistínIosrael inniu). Paiteolaí Sasanach ab ea é agus thug sé a ainm do liomfóma Hodgkin, cineál ailse sna faireoga limfe ar ar thug sé an chéad chur síos sa bhliain 1832.


Carthanas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Hodgkin ina bhall de Chumann na gCarad, is é sin, ina Chaecar. D'fhág a chreideamh daingean reiligiúnach a shliocht ar a shaol agus ar a shaothar araon.

Bhí an mhíochaine ar an gcloch ba troime ar a phaidrín, ach thairis sin, ba chás leis leasú na sochaí agus cúrsaí oideachais. Bhí sé ar na daoine móra carthanais lena linn, agus deirtear go raibh sé ar dhuine acu siúd ba mhó a rinne le sochaí na Breataine Móire a chur i mbealach a feabhais sa naoú haois déag. Rinne sé éachtaí móra ar mhaithe le bundúchasaigh na hAstráile agus na Nua-Shéalainne freisin, tráth a shaoil, agus ní dhearna sé dearmad de leas na ndaoine de phór na hAfraice a bhí socraithe síos i Londain.

Plaic chomórtha i gCearnóg Bedford, Londain.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair sé oideachas cuimsitheach óna athair agus d'fhoghlaim sé teangacha móra na hEorpa, idir Ghearmáinis, Fhraincis, Iodáilis agus Spáinnis, go paiteanta. Sa bhliain 1819, chuaigh sé ag staidéar míochaine i Londain, ina dhiaidh sin i nDún Éideann. Chaith sé seal san Fhrainc agus san Iodáil freisin. San Fhrainc, d'fhoghlaim sé steiteascóp a úsáid - aireagán nua a bhí ann san am sin.

I Mí Eanáir den bhliain 1832 a d'fhoilsigh sé a alt cáiliúil faoi liomfóma Hodgkin, On the Morbid Appearances of the Adsorbent Glands and Spleen ("Faoi Chuma Ghalrach na bhFaireog Limfe agus an Liatháin").

uaimh, Jaffa, Israel

Bhí sé cairdiúil le Sior Moses Montefiore, duine de Ghiúdaigh mhóra na Breataine Móire lena linn. Baincéir ab ea Montefiore agus é ag tál a charthanais ar mhuintir na Palaistíne go fial flaithiúil. Nuair a chuaigh Montefiore agus Hodgkin go dtí an Tír Naofa in éineacht, sa bhliain 1866, bhain tubaiste dóibh, áfach, nó buaileadh Hodgkin breoite le dinnireacht. Ní raibh an teacht aniar ann a thuilleadh, agus fuair sé bás ar an 4 Aibreán 1866. Cuireadh i Jaffa é.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]