Broncais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Broncais

Sraith d'fheadáin ghéagacha, a dtéann a dtrastomhas i laghad de réir a chéile, a iompraíonn aer ón traicé go dtí na scamhóga. Sna broncais mhóra bíonn fáinní is plátaí loingeáin a choinníonn na feadáin seo ar oscailt. Tugtar broincíní riospráide ar na broncais bheaga, a mbíonn leataí cosúil le saic (saic ailbheolacha) ar a bhfoircinn mar a dtarlaíonn malartú gás. I measc neamhord na mbroncas tá plúchadh, broincíteas is broinceachtáis.