Broincíteas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Athlasadh na bhfeadáin aeir (na broncais). Is galar trom an broincíteas dian i naíonáin, agus tarlaíonn sé de ghnáth mar thoradh ar víris, cosúil le fliú, a chuireann tús le hathlasadh an-dian i gconair na riospráide, is b'fhéidir le haisficse. Buaileann broincíteas ainsealach daoine fásta a chaitheann toitíní. Mar thoradh táltar an iomarca múcais broncasaí, agus déanann an duine casacht ainsealach chun é a dhíbirt.