Slaghdán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is breoiteacht é an slaghdán. Tagann slaghdán ar gach éinne, óg agus aosta, agus breoiteacht an-choitianta is ea é. Bíonn slaghdán trom ar dhaoine, agus slaghdán éadrom ar a thuilleadh acu. Agus slaghdán trom ar dhaoine fanann siad sa leaba uaireanta ar feadh lae nó dó go mbíonn sé curtha tharstu acu. Ní hannamh a bhíonn slaghdán an-leadaránach, go mór-mhór mura dtógfaí leigheas éigin chun é ruagadh as an gcorp. Is iad comharthaí an tslaghdáin: casachtach, sraothartach agus ciachán. Braitheann duine go dúr marbh ann féin leis, agus b'fhéidir go mbraithfeadh sé teas ina chorp.

Gheofá slaghdán as éadach fliuch d'fhágaint ort, nó ó bhróga fliucha, nó as bheith suite in áit ina mbíonn séideán gaoithe. Thógfá é ó dhuine eile, leis, agus go mór-mhór i dteach nó áit eile go mbíonn a lán daoine bailithe ann. Tá daoine ann agus is fusa gheibhid slaghdán ná daoine eile. Ach má thugann duine an ghnáth-aire dhó féin, agus má chaitheann sé bia folláin, bíonn an-chosaint aige ar shlaghdán.

Cé nach aon drochbhreoiteacht é an slaghdán go coitianta, b'fhearra dhuit uait é dá ainneoin sin féin. Tarraingíonn sé a thuilleadh breoiteachtaí ar dhaoine uaireanta.

Deirtear dá leanthá ag dul ar snámh go dtí go mbeadh sé déanach sa mbliain, nár bhaol duit an slaghdán. Is maith iad deocha teo roimh dul a chodladh dhuit mar leigheas. Is mó cineál deoch a ólann daoine: bainne te, nó bainne te agus im agus oiniúin ann. Is maith é deoch uisce beatha chuige, nó branda, nó deoch líomóide. Bíonn bolg uisce te le do chosa sa leaba go maith chuige, leis. Cuireann tú allas díot leis an dteas, agus is maith sin chun an slaghdán do leigheas.