Kurt Cobain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaKurt Cobain

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith20 Feabhra 1967
Aberdeen, Washington, Washington Cuir in eagar ar Wikidata
Básc. 5 Aibreán 1994
27 bliana d'aois
Seattle, Washington Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisFéinmharú (Tráma balaistíoch)
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteKurdt Kobain Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnAgnóisí
Scoil a d'fhreastail sé/síArdscoil Aberdeen Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
LámhcheannasCiotógacht
Dath súileGorm
Dathán gruaigeGruaig fhionn
Gníomhaíocht
Réimse oibreCeol, Rac malartach, grúinse, amhránaíocht, taibhiú giotáir, Cumadóireacht, cumadóireacht agus rac malartach
Gairmgiotáraí, amharc-ealaíontóir, cumadóir amhrán, amhránaí, cumadóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1982 –  1994
Ball de
Nirvana (1987–1994)
Fecal Matter Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraGrúinse agus rac malartach
TeangachaBéarla
Cineál guthaTeanóir

UirlisGiotár agus ceol gutha
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileCourtney Love (1992–1994), bás an duine Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteFrances Bean Cobain Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDonald Leland Cobain  agus Wendy Elizabeth Fradenburg
Síniú

IMDB: nm0001052 Allocine: 28484 TV.com: people/kurt-cobain
Spotify: 6pAuTi6FXi6qFQJ1dzMXQs iTunes: 526647 Last fm: Kurt+Cobain Musicbrainz: 3c9b356d-d1db-4f4e-a7a3-2d00c1d70255 Songkick: 1086434 Discogs: 275118 Allmusic: mn0000095243 Find a Grave: 1488 Deezer: 3801831 Cuir in eagar ar Wikidata

Cumadóir agus ceoltóir Meiriceánach a bhí i Kurt Donald Cobain (20 Feabhra 1967 - timpeall 5 Aibreán 1994), agus é ina príomhamhránaí agus giotáraí leis an racbhanna Nirvana. Nuair a thosaigh an grúpa ag baint an-cháil amach ag tús na 1990idí, b'é Cobain a bhí sa spotsolas mar chumadóir agus ceannaire an bhanna. Mar thoradh, féachtar air mar laoch mór do ghlúin óg nua, glúin a bhí tuirseach leis an saghas rac-cheoil éadomhain a bhí gnáthúil ag an am. Leis an albam Nevermind, bhris grúinse amach as Seattle, agus hathraíodh domhain an rac-cheoil go tobann. Sa lá atá inniu, labhraítear fós faoin tionscal ceoil "réamh-Nirvana" agus "iar-Nirvana".

Sna laethanta seo, bhí Nirvana ar an ngrúpa ba mhó ar domhan, agus ba cheart do Chobain a bheith sách sásta leis féin. Os a choinne sin, caitheadh isteach sa phríomhshruth go tobann é leis a cháil nua, agus ní raibh sé ar a chompord leis riamh.

Fear umhal agus ciúin a bhí ann, ach bhí an-bhrú curtha air thar oíche le clú nach raibh á lorg aige riamh. Thosaigh daoine sna meáin ag tabhairt "urlabhraí na glúine" air, ach dhiúltaigh Cobain an smaoineamh seo go borb. Bhí trom-imní air chomh maith i gcónaí, mar cheap sé go raibh sé ag brath na n-idéalaí punc-rac a bhí aige agus a ghrúpa, nuair a thosaigh siad ag fás agus ag éirí ró-rathúil. Agus ó thaobh a shaol pearsanta de, bhíodh sé i gcónaí ag streachailt le fadhbanna éagsúla, gruaim agus mí-úsáid drugaí na cinn ba mheasa dóibh.

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Cobain i Aberdeen, WA - ospidéal Grays Harbor

Rugadh agus tógadh Kurt Donald Cobain in Aberdeen, baile beag sa stát Washington in iarthuaisceart na Stát Aontaithe. Clann beag shona a bhí ann, leis a thuismitheoirí agus a dheirfiúr níos óige Kimberly. De bhunadh Éireannach agus Francach é a athair Donald Leland Cobain, a bhí ag obair mar mheicneoir gluaisteáin, agus de bhunadh Éireannach, Gearmánach agus Sasanach í a mháthair Wendy Elizabeth Fradenburg a bhí ina freastalaí.

Bhí a fhios ag Kurt le linn a shaoil féin go raibh fuil Éireannach aige, ach ní raibh na sonraí ró-shoiléir ag an am seo. Tháinig sé chun solais níos déanaí go bhfuil baint díreach acu leis an dtír - as Contae Thír Eoghain do mhuintir Chobain, nó "Cobane" mar a litríodh é ansin agus mar a litrítear é fós ann inniu. D'fhág sinsir Kurt an baile beag Inishatieve gar do Pomeroy sa bhliain 1875, chun aghaidh a thabhairt ar Cheanada, ag teacht anuas go Washington ní ba dhéanaí. Gréasaithe bróg a bhí iontu.

1981

Tuismitheoirí den lucht oibre ab ea Don agus Wendy, ach bhí roinnt cheoil sa theaghlach freisin. Bhí banna ceoil darbh ainm The Beachcombers ag Chuck Fradenburg (uncail Kurt), sheinn a Aintín Mari Earle an giotár i ngrúpaí éagsúla timpeall Chontae Grays Harbor, agus bhí gairmréim ag a sean-uncail Delbert mar theanóir Éireannach, agus é le feiceáil sa scannáin King of Jazz (1930).

Cuimhnítear ar Kurt mar ghasúr sona, bríomhar agus deá-chróioch. hAithníodh go raibh bua na h-ealaíne agus é óg fós. De réir tuairiscí, bhí cuma an stiúideo ealaíne ar a sheomra leapa, áit ina tharraingíodh sé na carachtair ab ansa leis ó scannáin agus cartúin ar nós Aquaman, the Creature from the Black Lagoon, agus carachtair Disney amhail Donald Duck, Mickey Mouse agus Pluto. Fuair sé spreagadh ina chuid iarrachtaí ealaíne óna sheanmháthair Iris Cobain, a bhí ina h-ealaíontóir gairmiúil féin.

De réir a chéile, thosaigh Kurt ag cur sa cheol chomh maith. Dar leis a Aintín Mari, thosaigh sé ag canadh agus é dhá bhliain d'aois fós. Ag aois a ceathair, thosaigh sé ag canadh agus ag seinm an phianó, agus é ag scríobh amhráin faoi thuruas chuig an pháirc áitiúil. D'éisteadh le bannaí ar nós The Ramones, agus deireadh sé amhráin amhail "Motorcyle Song" le hArlo Guthrie, "Hey Jude" le The Beatles, "Seasons in the Sun" le Terry Jacks, agus an t-amhrán téama ó chlár teilifíse The Monkees.

Bhí droch-chasadh sa scéal, áfach, nuair a fuair a thuistí colscaradh agus Kurt ocht mbliana d'aois. Mhaígh sé níos déanaí go raibh tionchar uafásach ag an eachtra seo air, mar bhuachaill óg, agus ina shaol ar fad ó shin i leith. Thit dian-bhrón air go tobann, agus d'éirigh sé i bhfad níos ciúine agus níos feargaí as seo amach. Déarfadh sé níos déanaí go raibh náire air, agus bhí faitíos air aghaidh a thabhairt ar an scoil agus a chairde.

I gceann tamaill, thosaigh a thuistí ag dul amach le daoine eile tar éis an colscaradh. Phós Don arís, cé gur thug sé gealltanas do Khurt nach ndéanfadh sé amhlaidh, agus fuair sé leas-mháthair nua darbh ainm Jenny Westeby Cobain, bean le beirt chlainne cheana. Réitigh siad go maith le chéile ar dtús, agus Kurt ag fáil an aire mháthartha a bhí ag teastáil go géar uaidh. D'athraigh cúrsaí sa bhliain 1979, áfach, nuair a saolaíodh mac nua ag Don agus Jenny, Chad Cobain - níor aithnigh Kurt iad mar a "fhíor-theaghlach", agus ní raibh an méid ama céanna agus a thuistí dó. D'fhéach Kurt an casadh seo le gráin agus fearg. Thosaigh a mháthair Wendy ag dul amach le fear a bhí foréigeanach léi, ach bhí ar Khurt an foréigean teaghlaigh a fheiceáil go rialta, le Wendy ag dul san ospidéal uair amháin le lámh brise. In ainneoin sin, níor chuir Wendy an dlí ar an bhfear, agus d'fhan an bheirt le chéile. Chuir an mhéid seo leis le dochar intinne agus mothúcháin Khurt.

Lean pearsantacht Khurt ag athrú, sa mhéid is go raibh sé drochbhéasach le daoine fásta, agus thosaigh sé ag déanamh drochbhulaíochta ar bhuachaill eile ón scoil. Ar deireadh thiar, thóg a athair agus Westeby chuig teiripeoir é, agus an réiteach a tháinig as ná go raibh clann amháin ag teastáil uaidh. Rinne an dá thaobh den chlann a seacht ndícheall Don agus Wendy a chuir ar ais le chéile, ach theip orthu. Ar an 28 Meitheamh 1979, bhronn Wendy cúram iomláin ar Dhon, agus í dubhthuirseach lena dhroch-iompar. Bhí an scéal céanna ag a athair gan mhoill, agus seoladh Kurt chun chónaí le gach saghas cairde agus clainne tríd na blianta.

Agus é ina chónaí le muintir a chara Jesse Reed, iad ina gCríostaithe athbhreithe, d'éirigh Kurt chun a bheith ina Chríostaí cráifeach agus téadh sé chuig aifreann go minic. Níos déanaí, áfach, shéan sé an Chríostaíocht go h-uile is go hiomlán, agus é ag caitheamh anuas uirthi go rialta. Cumadh an t-amhrán "Lithium" faoin tionchar a bhí ag a sheal le muintir Reed air. Bhí an creideamh mar pháirt lárnach ina shaol agus a smaointí fós, agus bhain sé úsáid as íomháineachas Chríostaíochta ina chuid oibre agus choimeád sé suim mhór i fealsúnacht an Jaineachais agus an Bhúdachas. Tógadh ainm an grúpa, Nirvana, ón choincheap Búdaíoch, rud a chuir sé síos air mar "saoirse ó phian, ón fhulaingt agus an domhan lasmuigh", smaoineamh atá cosúil le h-eitic agus idé-eolaíocht an phunc-rac . D'fhéachfadh Kurt air féin mar Bhúdaí agus mar Jaineach ag amanta éagsúla le linn a shaoil, tar éis dó cláir faisnéise a fheiceáil ar an dá ábhar.

Kurt Cobain agus Krist Novoselic (ar chlé), 1992 MTV Video Music Awards.

Cé nach raibh suim ar bith sa spórt, cláraíodh mar bhall de foireann ghreamadóireachta na scoile, faoi iachall a athar. Ní raibh sé gan chumas, ach bhí dímheas ceart ag Kurt air de bharr an mhagaidh a fuair sé óna chomráidí agus an bainisteoir. Sa deireadh, thosaigh sé ag cailliúint d'aon turas, chun chur as a athair. Rinne sé an cleas céanna le daorchluiche chomh maith. Bhí spéis ní ba mhó san ealaíon, agus bhíodh sé ag tarraingt go minic i rith cheachtanna scoile, nithe bainteach le h-anatamaíocht an duine san áireamh. Nuair a tugadh tasc scoile dó scigphictiúr a dhéanamh, rinne sé ceann de Michael Jackson. Dúirt an mhúinteoir ealaíne nach raibh a leithéid oiriúnach chun a bheith ar thaispeáint i halla an scoile, tharraing Kurt pictiúr mí-phlamásach nua d'uachtarán an lae Ronald Reagan.

D´éirigh Kurt cairdiúil le duine aerach ar scoil, agus h-imríodh bulaíocht air uaireanta ag daltaí homafóbacha dá bharr. In agallamh leis an iris The Advocate sa bhliain 1993, mhaígh sé go raibh sé "aerach i meon" and "d'fhéadfadh sé a bheith déghnéasach." Dúirt sé freisin gur scríobhadh sé "God is Gay" le péint spraeála ar na pickup trucks ar fud Aberdeen. Le fírinne, léiríonn tuairiscí na bpóilíní in Aberdeen gur frása eile a bhí ann nuair a gabhadh é - "Ain't got no how watchamacallit". Ina dhialann pearsanta féin, scríobh sé "Níl duine aerach mé, ach ba mhian liom a bheith amhlaidh, chun fearg a chur ar na homafóbaí".

De réir tuairiscí óna chomhscoláirí agus daoine muinteartha, an chéad cheolchoirm a d'fhreastail sé air ná Sammy Hagar agus Quarterflash ag an Seattle Center Coliseum sa bhliain 1983. Dar leis an bhfear féin, áfach, b'é ceann de chuid the Melvins, agus scríobh sé faoin eachtra seo go forleathan ina dhialann. Mar dhéagóir le cónaí air i Montesano, tháinig Kurt ar éalú agus faoiseamh éigin i i gcúrsaí punc-rac a bhí ag fás as cuimse in Iarthuaisceart an Aigéin Chiúin, agus thosaigh sé ag dul go dtí seónna punc sa bhaile. Sa deireadh, ba aoi rialta é ag seomra cleachtaidh na gceoltóirí the Melvins, iadsan féin as Montesano.

Bhog Kurt ar ais go dtí teach a mháthar in Aberdeen, agus d'éirigh sé as Aberdeen High School nuair a bhí sé tugtha faoi deara dó nach raibh obair go leor déanta aige chun chéim a bhaint amach. Thug a mháthair rogha ós a chomhair - faigh fostaíocht nó imigh. Seachtain ní ba dhéanaí, tháinig Kurt abhaile chun teacht ar a chuid éadaí agus gach rud eile curtha i mboscaí. Díbeartha ón áit, d'fhan Kurt go minic i dtithe a gcairde, agus uaireanta eile sleamhnaigh sé isteach in íoslach a mháthar, i ngan fhios di. Agus é gan dídeán, mhaígh Kurt sé gur chaith sé sealanna ina chónaí faoi droichead thar an abhainn Wishkah sa bhaile, rud a spreag an t-amhrán "Something in the Way" ón albam Nevermind. Dhearbhaigh dordghiotáraí Krist Novoselic nár féidir le héinne a bheith ag cur faoi anseo, de bharr na taoidí ag teacht isteach agus amach, agus tá an chuma ar an scéal nach raibh Kurt ach ag cur le dráma an scéil.

Ag deireadh na bliana 1986, agus don chéad uair riamh, bhog Kurt isteach ina árasán féin agus fuair sé post in ionad saoirse Polainéiseach fiche míle ó thuaidh ó Aberdeen chun íoc as cíos. Le linn an ama seo, bhíodh sé ag taisteal go minic chuig Olympia, Washington chun freastal air rac-choirmeacha. In Olympia dó, bhuail sé le cailín darbh ainm Tracy Marander agus thosaigh sé caidreamh léi. De réir tuairiscí, is ise ábhar an amhráin "About a Girl", agus tá sí luaite mar ghrianghrafadóir ar an albam Bleach.

Tar éis dó scaradh ó Marander, thosaigh Kurt ag dul amach le Tobi Vail, punc aithnidiúil eile a bhí ag canadh sa bhanna Bikini Kill. Bhí Kurt an-tógtha léi, agus d'admhaigh sé gur chuir sé amach le h-imní ós rud é go raibh sé chomh splanctha sin ina diaidh. Spreag an mhéid seo na focail "Love you so much it makes me sick," a chan sé san amhrán "Aneurysm". In ainneoin go raibh Kurt lán i ngrá le Vail, thosaigh a gcaidreamh ag laghdú de réir a chéile. Duine réasúnta sean-aimseartha a bhí i gKurt, agus bhí comhluadar beagán máthartha ag teastáil uaidh, rud a chur gráin ar Vail, a bhí i gcónaí ag iarraidh dul i ngleic leis an sean-nós gnéaschlaonta seo sa chomphobal frithchultúrtha punc ina raibh siad. Chaitheadar an bheirt an chuid ba mhó dá n-am le chéile ag pléigh cúrsaí polaitíochta agus fealsúnachta. Ba mhór an tionchar a bhí ag a chaidreamh le Vail ar Khurt, agus bhí sí ina h-ábhar de liricí éagsúla anseo is ansiúd ar an gcéirnín Nevermind. Uair amháin agus iad ag déanamh scagaidh ar ábhair ar nós an ainrialachais agus an phunc-rac leis á gcara Kathleen Hanna in árasán Khurt, scríobh sí na focail "Kurt Smells Like Teen Spirit" ar an mballa. Díbholaíoch is ea Teen Spirt, an ceann a bhí á chaitheamh ag Vail, agus níor thug Kurt an mhéid seo faoi deara. Bhain Kurt ciall réabhlóideach as na focail, agus b'as sin a fuair sé an spreagadh do teideal an amhráin "Smells Like Teen Spirit".

Nevermind, an t-albam a chuir ainm Chobain i mbéal an phobail.

Nirvana[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Nirvana

Mar bhronntanas breithlá ina 14ú bliain, thug uncail Kurt rogha dó idir rothar agus giotár, agus thóg sé an giotár. Chuir sé tús lena chuid iarrachtaí ag casadh amhrán ar nós "Louie Louie" agus "My Best Friend's Girl" le The Cars, agus ansin thosaigh sé ag cumadh a rianta féin. Ar an drochuair, ní raibh mórán daoine eile sa bhaile chun seinm in éineacht leis. Bhuail sé le Krist Novoselic ag áit chleachtaidh na Melvins, duine eile a bhí gafa go mór leis an bpunc-rac. Bhí sciamhlann ag máthair Khrist, agus b'ann a thagaidís chun cleachtadh le chéile sa tseomra thuas staighre. Roinnt bhlianta ina dhiaidh sin, rinne Kurt iarracht Khrist a mhealladh isteach i mbanna nua leis, ag tabhairt cóip den téip Fecal Matter dó. Ní raibh Krist ró-tógtha leis an gceol nó an smaoineamh sa chéad dul síos, ach ghéill sé sa deireadh agus bhí tús curtha le Nirvana.

Agus iad amach ar an mbóthar, d'éirigh frustrachas i gKurt go minic de bharr lucht féachana beaga agus deacrachtaí iarrachtaí an bhanna a coimeád suas. Sna blianta tosaigh, ní raibh drumadóir rialta sa bhanna. Sa deireadh, roghnaíodh Chad Channing agus b'eisean a bhí ar a gcéad ceirnín Bleach, eisithe ar Sub Pop Records sa bhliain 1989. Ní raibh ceachtar acu lánsásta le cumas Channing riamh le fírinne, agus bhí siad i gcónaí ag caitheamh súil ar dhaoine eile. Chonaic siad Dave Grohl ag seó de chuid a bhanna Scream agus chuaigh seisean go mór i gcion orthu, agus glacadh mar bhall Nirvana é. Ba le Grohl a thaifead siad a gcéadligean ar mhórlipéad sa bhliain 1991 - Nevermind - agus an chlú ba mhó a bhí acu.

Ralph Horsley,Iml 10 Ablaze!, Leeds, UK, 1993

Leis an iomrá nua seo, thosaigh Kurt ag imní go raibh sé ag teacht salach ar fhréamhacha "faoi-thalamh" an ghrúpa. Shíl sé go raibh na meáin ag déanamh géarleanúint air, ag cur a chás féin i gcomparáid le Frances Farmer. Bhí sé míshásta fosta le cuid de lucht leanta Nirvana - iad siúd a chuir suim sa cheol ach nár thug aitheantas do tuairimí polaitiúila nó sóisialta an bhanna, nó a bhí ag baint ciall míchruinn astu. Bhí Kurt glan i gcoinne an ghnéasclantais agus na homafóibe, agus bhí sé an-bhródúil ón thaispeánta ag ócáidí amhail No-on-Nine in Oregon sa bhliain 1992.

Bhí sé ina thacadóir díograiseach den ghluaiseacht "pro-choice" chomh maith, agus bhí baint aige le Rock for Choice ó nuair a chuir an banna L7 tús leis an bhfeachtas. Fuair sé bagairtí bháis dá bharr ó gníomhaithe fhrith-ghinmhilleadh, duine amháin á rá go scaoilfí é chomh luath is a sheas sé amach ar an stáitse. Sna nótaí laistigh den cheirnín Incesticide, dhearbhaigh Kurt: "más fuath le héinne daoibh daoine aeracha, daoine de dhath éagsúil, nó mná, déanaigí gar amháin dúinn ,le bhur dtoil - lig dúinn! Ná tagaigí chuig ár seónna agus ná ceannaígí ár gceirníní."

Pósadh agus breith a iníne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Courtney Love, 2014

Ar an 12 Eanáir 1990, bhuail Kurt le Courtney Love ag an gclub oíche Satyricon, áit i mbíodh bannaí malartacha ag seinm go minic. Bhí sise ina h-amhránaí sa bhanna Hole, grúpa a bhí ag déanamh dul chun cinn suntasach nuair a bhí Nirvana ina bhanna beag fós. Chuir Love suim mhór i gKurt ar an toirt, ach bhí seisean seachantach ar dtús báire. Go luath sa chaidreamh, rinne sé neamhaird d'iarrachtaí Love dul amach leis, mar ní raibh sé cinnte go raibh caidreamh ag teastáil uaidh. Níor mhair a iompar ach roinnt mhíonna, áfach, bhí sé i ngrá léi chomh mór sin.

Bhí aithne ag Kurt ar Love cheana, agus í feicthe sa scannán Straight to Hell sa bhliain 1987. Dar leis an iriseoir Sasanach Everett True, a bhí ina dlúthchara leis an bheirt, gur cuireadh iad in aithne le chéile go h-oifigiúil ag ceolchoirm de chuid L7 agus Butthole Surfers i Los Angeles i mí na Bealtaine 1991. Sna seachtainí ina dhiaidh sin, d'fhoghlaim Love ó Dave Grohl gur iomaí rud a bhí i gcoitianta ag isean agus Kurt, agus chuaigh sí sa tóir air. I bhfómhar na bliana 1991, bhíodh an bheirt le chéile go minic, b'é úsáid drugaí a rinne dlúthlanúin díobh.

Pósadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Timpeall an ama a chas Nirvana ar an gclár Saturday Night Live, fuair Love amach go raibh sí ag iompar clainne le leanbh Khurt. Ar an 24 Feabhra 1992, roinnt laethanta tar éis dheireadh chamchúirte Nirvana san Aigéan Ciúin, phós Kurt agus Love le chéile ar Trá Waikiki Haváí. Sa tsearmanas, bhí Love gléasta i ngúna sróil agus lása de chuid Frances Farmer, agus chaith Kurt pitseámaí uaine, ós rud é go raibh sé "ró-leisciúil chun "tux" (casóg dinnéir) a chuir air". Bhí Grohl agus a bhean i láthair ag an bpósadh, ach ní raibh Novoselic ann de bharr achrainn. Bhí athrú dearfach an-mhór i sonas Khurt ag an bpointe seo, agus d'adhmhaigh sé in agallamh leis an iris Sassy go raibh sé chomh tógtha le Love nach raibh pioc suime aige sa bhanna.

Frances Bean Cobain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Frances Bean Cobain, 2015

Ar an 18 Lúnasa, saolaíodh iníon Khurt, Frances Bean Cobain.

In alt san iris Vanity Fair sa bhliain 1992, bhí sé admhaithe ag Love go raibh hearóin á úsáid aici agus í ag iompar clainne, ach i ngan fhios di. Dhearbhaigh Love go raibh tagairtí míchruinn tógtha ag an iris, ach bá mhór an chonspóid a cruthaíodh. Bhí caidreamh na beirte ina ábhar spéise do na meáin cheana, chuir foilsiú an ailt le borradh as cuimse sa mhéid iriseoirí a bhí sa tóir orthu, ag iarraidh fáil amach an raibh Frances andúlaithe le drugaí ag a breith. Mar gheall air na líomhaintí seo, chuir an "Los Angeles County Department of Children's Services" an dlí orthu, agus iad á mhaíomh gur tuismitheoirí neamh-infheidhme a bhí iontu. D'ordaigh an breitheamh Frances Bean Cobain, dhá sheachtain d'aois, a thógáil amach ó chúram Khurt agus Love, agus seoladh an leanbh chun chónaí le deirfiúr Love ar feadh roinnt sheachtainí. Sa deireadh, bhain an bheirt coimeád Frances amach arís, tar éis dóibh geallúint a thabhairt go nglacfaidís le tástáil fuail agus cuairteanna rialta ón oibrí sóisialta.

Bhí caint agus eachtraí na beirte sna nuachtáin i gcónaí, Love ach go háirithe, agus í á chur i gcomparáid le Yoko Ono agus Nancy Spungen. Anuas ar sin, bhí ráflaí sna meáin go raibh siad ag úsáid drugaí le chéile, agus go raibh droch-thionchar ag Love ar shláinte agus cheol Chobain.

Fadhbanna sláinte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ritalin SR 20 mg, nó meitilfeanadáit

Bhí saol Cobain lán le fadhbanna fisiciúla agus intinne, agus ní raibh oiread is lá amháin ina shaol nach raibh sé ar saghas leighis amháin nó eile. Bhí sé hipirghníomhach mar pháiste, agus an réiteach a bhí ag a mháthair ná an druga Ritalin dó. Ón lá sin go dtí nóiméad a bháis, bhí andúil ag Kurt i ndruga amháin nó druga eile. Ar an lámh eile, tá sé fíor go raibh fadhbanna macánta aige freisin - gruaim, taomanna scaoill, broincíteas, agus dian-phian ina bholg (scolóis a thug a dhochtúirí air ní ba dhéanaí). Dhearbhaigh Cobain Kurt gur thosaigh sé ag tógáil drugaí, amhail hearóin, chun an phian seo a smachtú, ach tá sé fíor freisin go raibh sé ag úsáid drugaí ar feadh tamall roimhe seo. Agus Nirvana ag fás go tapaigh sa bhliain 1991, bhí andúil hearóin Chobain ag fás ag an ráta céanna. Rinne sé tréaniarracht an fhadhb seo a choimeád faoi rún, mar bhí a fhios aige go raibh Novoselic, Grohl agus bainisteoireacht an bhanna míshásta leis. Go rómhinic, áfach, bhí sé soiléir go raibh sé faoi thionchar an dhruga, nó ag fulaingt agus é i mbun iarrachta éirí as. Bhí cúpla ródháileog aige, agus bhí an t-ádh dearg air nár mharaigh sé é féin de thaisme ní ba luaithe.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1994, chuaigh Nirvana amach ar chamchuairt chuig na hEorpa. Bhí tús maith acu, ach tar éis thaispeántas ag Terminal Eins i München ar an 1 Márta, diagnóisíodh Kurt le broincíteas agus laraingíteas trom agus cuireadh an turas ar cheal dá bharr. D'éitil sé chuig an Róimh an lá ina dhiaidh sin chun chóir leighis a fháil, agus thaisteal Love chuig an chathair chun a bheith in éineacht leis ar an 3 Márta. An maidin dár gcionn, dhúisigh Love chun teacht ar Khurt agus é gan aithne gan urleabhra sa seomra leapa, agus ródháileog den drug Rohypnol agus seaimpéin ab ea chúis leis. Bhí lánfhios ag Kurt faoin dochar a ndéantar nuair a mheasctar a leithéid le chéile. Seoladh chuig an ospidéal é, agus chaith sé an chuid eile den lá gan mheabhair. Tar éis cúig lá caite san ospidéal, ligeadh Kurt amach agus d'fhill an bheirt ar Seattle. Eisíodh ráiteas ó champa Nirvana a mhaígh nach raibh ann ach drochthimpiste mí-ámharach le h-alcól agus leigheas éigin, ach nochtadh ní ba dhéanaí gur fíor-iarracht féinmharuithe a bhí ann. Cuireadh críoch oifigiúil leis an dturas láithreach.

Ar ais i Seattle dó, rinne cairde agus clann Chobain tréan-iarrachtaí cur ina luí air cabhair gairmiúil a lorg. D'eagraigh Love "idirghabháil" ar an 25 Márta, le deichniúr de ceoltóirí eile, daoine ón chomhlacht ceoil agus dlúthchara leis Dylan Carlson. Ní mó ná sásta a bhí Kurt ar dtús, agus é ag caitheamh anuas go fíochmhar ar gach duine a bhí ann, sular theith sé go dtí a sheomra leapa thuas staighre agus chuir sé an doras faoi ghlas. Ag deireadh an lae, ghlac sé go drogallach lena n-achmhainí "díthocsainiú" a dhéanamh, thaistil sé go dtí an Exodus Recovery Center i Los Angeles chun a shláinte agus a shaol a chur ina gceart. Shroich sé an áit ar an 30 Márta. Ní insíodh rud ar bith do bhaill foirne an ionaid faoi ghruaim Khurt, nó faoi na hiarrachtaí a bhí déanta aige lámh a chur ina bhás féin cheana. Nuair a chuaigh cairde chuige ar chuairt, ní fhaca éinne comharthaí go raibh gruaim éigin air nó go raibh féinmharú ar intinn aige. Chaith sé a chuid ama ag caint le comhairleoirí an ionaid faoina fhadhbanna pearsanta agus le drugaí, agus bhain sé sult mhór as a bheith ag spraoi lena iníon Frances a bhí ann mar chuairteoir chomh maith, don uair dheireanach mar a tharla sé. An oíche dár gcionn, sheas Kurt amach chun toitín a chaitheamh, ach dhreap sé thar an gclaí a bhí sé dtroigh ar airde chun éalú as an ionad. #

171 Lake Washington Blvd East Seattle

Bhí sé díreach ráite aige an lá roimhe sin, mar mhagadh, gur rud amaideach a bheadh ann chun a leithéid a dhéanamh. Thaisteal sé le tacsaí chuig Aerfort Los Angeles agus d'eitil sé ar ais go Seattle, in aon thuras le Duff McKagan ón bhanna Guns N' Roses a bhí ina shuí in aice leis. Cé go raibh teannas cheana idir Nivana agus Guns N' Roses agus bhí gráin pearsanta ag Kurt ar amhránaí Axl Rose, dúirt McKagan go raibh Kurt sásta é a fheiceáil. Ní ba dhéanaí, áfach, dhearbhaigh McKagan go raibh fhios aige go raibh ag cur as dó. Idir an 2 Aibreán agus an 3 Aibreán, chonacthas Kurt in áiteanna éagsúla timpeall Seattle, ach ní raibh éinne dá chairde nó dá chlann ar an eolas faoin áit ina raibh sé. Ní fhacthas arís é go dtí an 4 Aibreán. Ar an 3 Aibreán, chuaigh Love i dteagmháil le h-imscrúdaitheoir príobháideach darbh ainm Tom Grant, agus d'iarr sise air Kurt a lorg. Ar an 7 Aibreán, agus ráflaí ar fud na háite faoi bhriseadh suas an ghrúpa, tharraing Nirvana amach as an bhféile siúd Lollapalooza.

Ar an 8 Aibreán 1994, fritheadh corp Khurt ina theachsa ar bhruach Loch Washington, nuair a tháinig leictreoir ann chun córas slándála a chur isteach. Taobh amuigh de chuid bheag d'fhuil ag síleadh amach as a chluas, dhearbhaigh an leictreoir nár fhaca sé aon chomharthaí de dochar, agus cheap sé go raibh Kurt ina chodladh sular thug sé gunna faoi deara, agus é dírithe ar smig Khurt. Fuarthas nóta féinmharaithe ann, scríofa chuig cara samhailteach a óige "Boddah". Fritheadh ard-leibhéil de hearóin agus rian beag de Valium. Bhí corp Kurt ina luí ann leis na laethanta, agus mheas an cróinéir ina thuairisc gurb é 5 Aibreán 1994 an lá a d'éag sé.

Bhí bigil phoiblí ar an 10 Aibreán i bpáirc ag an Seattle Center, agus meastar gur fhreastail timpeall seacht míle duine air. Seinneadh teachtairí ó Krist Novoselic agus Courtney Love, taifeadta roimh ré ag an bheirt. Léigh Love píosaí de nóta féinmharaithe Khurt, agus í ag caoineadh agus ag tabhairt maslaí dó an t-am ar fad. Ag deireadh na bigil, thóg Love amach roinnt d'éadaí Khurt do na daoine siúd a bhí ann fós. Dúirt Dave Grohl go raibh nuacht a bháis "ar an rud is measa a tharla i mo shaol riamh. Cuimhním an ládar gcionn gur dhúisigh mé agus bhí mo chroí briste go raibh sé imithe". Dúirt sé gur chreid sé riamh gur gheobhadh Kurt bás ag aois óg, agus é ag rá "uaireanta, ní féidir leat duine a thabhairt slán ó iadsan féin".

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]