Michael Jackson
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Michael Jackson | |
|---|---|
![]() Michael Jackson i Washington, D.C. sa bhliain 1984 |
|
| Bunús | {{{bunús}}} |
| Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
| Gníomhach | 1967 – 2009 |
| Seánra(í) | Pop-cheol |
| Lipéad/lipéid | Motown, Epic, Sony, The Michael Jackson Company, Inc. |
| Baill | {{{baill_reatha}}} |
| Iar-bhaill | {{{iar-bhaill}}} |
| Suíomh Gréasáin | MichaelJackson.com |
| Síniú | |
B'amhránaí, ceoltóir agus cumadóir amhrán é Michael Joseph Jackson (29 Lúnasa, 1958 - 25 Meitheamh 2009). Rugadh é i Gary, Indiana, SAM).
Clár ábhair |
[athraigh] Cúlra
Rugadh naonúr clainne le Joseph agus Katherine Jackson: Jackie, Tito, Rebbie, Jermaine, Marlon, Michael, La Toya, Randy agus Janet. Deirtear gur chuir a athair brú mór orthu agus iad ag fás aníos sa bhaile, agus níor thug sé cead daofa súgradh le páistí eile. Thaispeán Michael go raibh talann fé leith aige agus é ina bhuachaill óg.
[athraigh] Saothar
[athraigh] 80idí agus 90idí
D'eisígh Michael a chéad albam leis a chuid deartháireacha sa bhanna Jackson 5. Sa bhliain 1972, d'eisígh sé a chéad cheirnín mar cheoltóir ina aonar. As seo amach, thuill sé clú agus cáil dó fhéin le h-albaim rathúla ar nós Off the Wall (1979), Thriller (1982), Bad (1987), Dangerous (1991) and HIStory (1995). Ba Thriller an albam is rathúla ariamh a bhí ann, tá níos mó ná 100 milliúin cóip den ceirnín díolta ar fad na cruinne.
B'é Jackson a chlaochlaigh físeán ceoil, chun iad a bheith ina gcruth ealaíona, le damhsaí casta ar nós an "robot" agus an "moonwalk". Deireann ceoltóirí hip hap agus R&B sa lá atá inniu ann gur mór an tionchar a bhí ag Jackson ar a gcuid ceol. Tá sé i measc na ceoltóirí gorma is rathúla riamh. Tá Jackson ar dhuine den dream beag ceoltóirí a ghlacadh isteach sa 'Rock and Roll Hall of Fame' faoi dhó. I measc na duaiseanna agus éachtaí atá buaite aige ná ocht 'Guinness World Records', trí Ghradam Grammy déag, trí shingil déag a shroich barr na gcairteacha agus 750 milliún albam díolta. Sa bhliain 2008, eisíodh an ceirnín is déanaí Thriller25. Díoladh 1.8 milliún cóip taobh istigh de dhá sheachtain déag.
[athraigh] 00idí
Cé gur éirígh go maith lena cheirnín stiúideo is déanaí, Invincible (2001), níor éirigh go maith lena chuid saothair eile. Sa bhliain 2008, eisíodh an ceirnín is déanaí Thriller25. Díoladh 1.8 milliún cóip taobh istigh de dhá sheachtain déag.
Fuair sé bás ar an 25 Meitheamh 2009 nuair a bhuail stad cairdiach é.
[athraigh] Saol pearsanta
Tá na milliúin dollar deonta aige do charthanachtaí éagsúla. Ar an lámh eile, ámh, leanann conspóid in a dhiaidh i gcónaí ina shaol pearsanta. Na líomhaintí is mó atá curtha ina leith ná go raibh máinliacht plaisteach déanta aige go tráthrialta agus gur bhain sé mí-úsáid ghnéasach as leanaí, ach fuarthas é neamh-chiontach i 2004 i ndiaidh triall fhada.
[athraigh] Dioscliosta
- 1972: Got to Be There
- 1972: Ben
- 1973: Music & Me
- 1975: Forever, Michael
- 1979: Off the Wall
- 1982: Thriller
- 1987: Bad
- 1991: Dangerous
- 1995: HIStory
- 2001: Invincible
[athraigh] Naisc
