Cnaguirlisí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cnaguirlisí ceolfhoirne

Rang na ngléasanna ceoil, a chuimsíonn ideafóin is scannánafóin, a sheinntear trí bhualadh nó croitheadh. Déanann cuid acu nótaí le hairde ar leith (mar shampla, tiompán is síolafón), agus cuid acu gan a leithéid (mar shampla, ciombail is druma taoibh). Is iad na cnaguirlisí a úsáidtear i gceolfhoireann nua-aoiseach na tiompáin, an druma taoibh, an druma mór, na ciombail, an tamtam, na clogfheadáin is an síolafón. Ach amháin na drumaí is na tiompáin, is ideafóin iad uile.