Dúnorgain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is dúnorgain ann ná marú duine nach dúnmharú é. Dúnorgain atá i gceist mura bhfuil mailís réamhcheaptha ag baint leis an marú, mar shampla má mharaigh an ciontóir duine a bhí ag spochadh faoi. Focal baininscneach é dúnorgain - is é an ginideach ná dúnorgaine nó dúnoircne.