Nirvana
| Nirvana | |
![]() |
|
| Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
| Gníomhach | 1987 – 1994 |
| Seánra(í) ceoil | Rac-cheol, rac malartach, grúinse |
| Baill | Kurt Cobain Krist Novoselic Dave Grohl |
| Iar-bhaill | Pat Smear Chad Channing Danny Peters Jason Everman Dale Crover Aaron Burckhard |
| Suíomh gréasáin | Nirvana ar suíomh Interscope |
Ba bhanna rac-cheoil, nó rac malartach as Seattle, Stáit Aontaithe Mheiriceá é Nirvana. Tugtar "grúinse" ar an saghas ceoil a bhí á sheinm acu, fuaim úrnua a bhí áit éigin idir phunc-rac agus miotal trom. Grúpa beag neamhspleách a bhí ann ar dtús, ach bhain siad cáil domhanda amach go tobann nuair a thrasnaigh an saghas ceoil seo isteach sa phríomhshruth ag tús na 1990idí. Chuaigh a gceirnín Nevermind is mó cáil go barr na gcairteacha sa bhliain 1992, buíochas le singlí cáiliúla ar nós Smells Like Teen Spirit, Come As You Are agus Lithium, agus bhí an-chaint sna meáin faoin tionchar a bhí acu ar chúrsaí ceoil agus ar an gcultúr go forleathan.
Tháinig cáil thobann an bhanna aniar aduaidh ar bhaill an ghrúpa féin, áfach, rud a chur go mór isteach ar amhránaí agus cumadóir Kurt Cobain, ach go háirithe. Chuir bás Chobain deireadh le Nirvana sa bhliain 1994, ach cuirtear suim mhór sa bhanna fós.
Clár ábhair |
[athraigh] Stair
[athraigh] Luathbhlianta
Chas Kurt Cobain agus Krist Novoselic le chéile don chéad uair sa mheánscoil in Aberdeen, Washington, baile iargúlta beag in iarthuaisceart na tíre. Cothaíodh cairdeas idir bheirt taobh amuigh den seomra ranga, agus iad ag casadh le chéile go rialta in áit cleachtaidh The Melvins, grúpa ceoil ón bhaile céanna. Bhí an bheirt gafa go mór leis an bpunc-rac, agus bhí sé d'aidhm ag Cobain a bhanna féin a bhunú. Giotáraí agus cumadóir a bhí ann le tamall cheana, agus roinnt amhrán scríobtha aige. Ní raibh mórán suime ag Novoselic sa smaoineamh ar chor ar bith, áfach, agus uirlis cheoil ar bith aige. agus bhí athrú intinne aige nuair a d'éist sé le Fecal Matter, téip gharbh a bhí taifeadta ag Cobain i dteach a aintín. Le duine áitiúil darbh ainm Aaron Burckhard faighte mar dhrumadóir, thosaigh an grúpa nua ag cleachtadh an ábhair ar Fecal Matter, agus ag scríobh a lán rianta eile.
Níor shocraigh siad ar ainm amháin ar dtús, agus iad ag tabhairt idir Skid Row, Pen Cap Chew, Bliss, agus Ted Ed Fred. Sa deireadh, roghnaíodh Nirvana mar ainm. Mar a dúirt Cobain, "Ainm a bhí sórt álainn nó deas agus dathúil a bhí uaim, in áit ainm suarach punc-raic amhail Angry Samoans". Agus Novoselic agus Cobain bogtha go Tacoma agus Olympia, Washington faoi sceach, thiteadar as teagmháil le Burckhard. Leanadar ag cleachtadh fós le Dale Crover de chuid The Melvins ina áit, agus thaifead siad a gcéad rianta i mí Eanáir 1988. Go luath sa bhliain chéanna, d'fhág Crover chun aghaidh a thabhairt lena chomrádaí sa Melvins ar San Francisco. Mhol Crover Dave Foster dóibh, agus chaith seisean roinnt mhíonna leo. Níor mhair Foster ró-fhada, áfach, agus chuir siad scairt ar Bhurckhard arís. Uair amháin eile, thug siad droim dó agus é tinn le póit lá cleachtaidh áirithe. Tar éis iarracht mí-shásúil le fógra san iris The Rocket, cuireadh cara dá gcuid iad in aithne le Chad Channing, agus thosaigh siad ag seinm le chéile. Cé nár bronnadh áit aige sa ghrúpa go hoifigiúil riamh air, ghlacadar leis agus sheinn siad a gcéad seó leis i mí na Bealtaine.
Bhí Chad Channing acu ar feadh tamaill, agus bhí seisean ar na drumaí agus fear darb sinm Jason Everman ar an ngiotár nuair a thaifead siad a gcéad ceirnín Bleach sa bhliain 1989, i Reciprocal Studios le Jack Endino. Sa bhliain chéanna, bhuail siad an bóthar ar chamchuairt, agus sheinn siad go beo i ngach áit ar fud na tíre agus sa Bhreatain.
Sa bhliain 1990, tugadh bata agus bóthar do Channing. Dearbhaíodh nach raibh stíl Channing oiriúnach go leor don bhanna, agus nach raibh sé chomh díograiseach is a bhí Kurt agus Kris. An drumadóir a ghlac siad isteach ina áit ná Dave Grohl, duine a chuaigh i bhfeidhm orthu nuair a chonaic siad é ag seinm leis a sheanbhanna Scream. Ba dhrumadóir gasta agus láidir é Grohl, a bhí i bhfad níos oiriúnaí don bhanna. Lean an banna ar aghaidh ag seinm ar fud na tíre agus ar fud na hEorpa. Sa bhliain 1991, shínigh siad conradh ceoil le DGC Records, comhlacht ceoil mór. Sa tsamhradh, thaisteal siad go Los Angeles chun a n-albam nua a dhéanamh leis an léiritheoir Butch Vig. An toradh a tháinig amach as ná an t-albam Nevermind.
[athraigh] Ard-cháil chuilithe
Nuair a bhí an banna thall ar chamchuairt san Eoraip, bhí Nevermind ag díoladh ar nós na gaoithe, agus bhuail siad barr na gcairteacha amach. Athrú an-mhór a bhí ann don bhanna - ba bhanna beag suimiúil iad cheana féin, ach anois bhí a n-albam ag barr na gcairteacha, a rian Smells Like Teen Spirit ar an teilifís agus an raidió an lá ar fad, agus bhí gach saghas daoine ag caint fuathú mar bhanna stairiúil, agus Kurt mar "urlabhraí na glúine". Bhí iontas ar an mbanna, agus ní raibh siad ró-chompordach leis a gcáil mór nua, Kurt go háirithe.
Sa bhliain 1992, bhí Nirvana ar an mbanna ba mhó ar domhain, agus is fíor a rá go raibh siad ag baint beagán sult as. Fuair siad cúpla dhuais ó MTV, agus sheinn siad bhí siad ag an bhFéile Reading mar bhanna ceannlíne i mí Lúnasa. Sheol siad amach albam nua, Incesticide, an bhliain seo freisin, bailiúchán de sean-amhráin don chuid is mó.
[athraigh] Deireadh an ghrúpa
Sheol Nirvana a n-albam deireanach In Utero sa bhliain 1993. Bhí sé ar intinn ag Cobain rud difriúil a dhéanamh, mar ní raibh siad sásta leis an bhfuaim pop-cheoil a bhí le cloisteáil ar Nevermind. Mar sin, rinne siad an socrú albam níos callánaí agus níos salach a dhéanamh, agus thóg siad Steve Albini chun é a thaifead. Bhí Kurt agus an banna an-sásta leis an toradh, ach cheap DGC agus a lán daoine eile go raibh sé ró-aisteach agus ró-thrialach. Chuaigh siad amach ar an mbóthar arís, ag tógáil Pat Smear leo freisin chun an giotár a sheinm. I mí Deireadh Fómhair, sheinn Nirvana ar MTV Unplugged.
I mí Aibreán 1994, mharaigh Kurt Cobain é féin ina theach i Seattle. Bhí sé seacht mbliana is scór d'aois.
Tar éis Nirvana, thosaigh Krist Novoselic cúpla bhanna nua, mar shampla Sweet 75 agus Eyes Adrift. Sa bhliain 1995, thosaigh Dave Grohl an banna Foo Fighters, atá ag seinm fós.
[athraigh] Albaim
- Bleach (1989)
- Nevermind (1991)
- Incesticide (1992)
- In Utero (1993)
- MTV Unplugged in New York (1995)
- From the Muddy Banks of the Wishkah (1996)
