An difríocht idir athruithe ar: "An Chéad Dáil"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m basic grammar
mNo edit summary
Líne 1: Líne 1:
Ba í '''an Chéad Dáil''' parlaimint [[Éire]]annach nua a bunaíodh i m[[Baile Átha Cliath]], [[Poblacht na hÉireann]] sa bhliain [[1919]]. Ag an am, ba pháirt den [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]] í an tír, agus shuigh na polaiteoirí i [[Westminster]], [[Sasana]]. Ach tar éis [[Éirí Amach na Cásca]] i [[1916]], bhí a lán tacaíochta ag an bpáirtí poblachtach [[Sinn Féin]], agus bhunaigh siad a bparlaimint nua féin in Éirinn leis an ainm "[[Dáil Éireann]]". Briseadh amach [[Cogadh na Saoirse (Éire)|Cogadh Angla-Éireannach]] ar an lá céanna.
Ba í '''an Chéad Dáil''' parlaimint [[Éire]]annach nua a bunaíodh i m[[Baile Átha Cliath]], [[Poblacht na hÉireann]] sa bhliain [[1919]]. Ag an am, ba pháirt den [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]] í an tír, agus shuigh na polaiteoirí i [[Westminster]], [[Sasana]]. Ach tar éis [[Éirí Amach na Cásca]] in [[1916]], bhí a lán tacaíochta ag an bpáirtí poblachtach [[Sinn Féin]], agus bhunaigh siad a bparlaimint nua féin in Éirinn leis an ainm "[[Dáil Éireann]]". Briseadh amach [[Cogadh na Saoirse (Éire)|Cogadh Angla-Éireannach]] ar an lá céanna.


Ag an chéad chruinniú, eisíodh [[Forógra Neamhspleáchais na hÉireann|Faisnéis Neamhspleádhchuis]] (nó Forógra Neamhspleáchais na hÉireann, mar a ghlaoitear air anois) ag rá go raibh [[Poblacht na hÉireann]] i bhfeidhm. Bhí a lán de na h-ionaid Éireannacha fós i bpríosún, agus dá bharr ní raibh ach 26 dóibh i láthair. I mí na Samhna [[1919]], dhearbhaigh [[Rialtas na Ríochta Aontaithe|Rialtas na Breataine]] go raibh an Dáil mí-dhleathach agus ó shin ar aghaidh bhí orthu teacht le chéile faoi rún.n
Ag an chéad chruinniú, eisíodh [[Forógra Neamhspleáchais na hÉireann|Faisnéis Neamhspleádhchuis]] (nó Forógra Neamhspleáchais na hÉireann, mar a ghlaoitear air anois) ag rá go raibh [[Poblacht na hÉireann]] i bhfeidhm. Bhí a lán de na hionaid Éireannacha fós i bpríosún, agus dá bharr ní raibh ach 26 diobh i láthair. I mí na Samhna [[1919]], dhearbhaigh [[Rialtas na Ríochta Aontaithe|Rialtas na Breataine]] go raibh an Dáil mí-dhleathach agus ó shin ar aghaidh bhí orthu teacht le chéile faoi rún.n
[[Íomhá:Firstdail.jpg|right|thumb|340px|An Chéad Dáil ag bailiú le chéile i d[[Teach an Ardmhéara]], [[Baile Átha Cliath]] ar [[21 Eanáir]], [[1919]].]]
[[Íomhá:Firstdail.jpg|right|thumb|340px|An Chéad Dáil ag bailiú le chéile i d[[Teach an Ardmhéara]], [[Baile Átha Cliath]] ar [[21 Eanáir]], [[1919]].]]



Leagan ó 22:39, 16 Eanáir 2019

Ba í an Chéad Dáil parlaimint Éireannach nua a bunaíodh i mBaile Átha Cliath, Poblacht na hÉireann sa bhliain 1919. Ag an am, ba pháirt den Ríocht Aontaithe í an tír, agus shuigh na polaiteoirí i Westminster, Sasana. Ach tar éis Éirí Amach na Cásca in 1916, bhí a lán tacaíochta ag an bpáirtí poblachtach Sinn Féin, agus bhunaigh siad a bparlaimint nua féin in Éirinn leis an ainm "Dáil Éireann". Briseadh amach Cogadh Angla-Éireannach ar an lá céanna.

Ag an chéad chruinniú, eisíodh Faisnéis Neamhspleádhchuis (nó Forógra Neamhspleáchais na hÉireann, mar a ghlaoitear air anois) ag rá go raibh Poblacht na hÉireann i bhfeidhm. Bhí a lán de na hionaid Éireannacha fós i bpríosún, agus dá bharr ní raibh ach 26 diobh i láthair. I mí na Samhna 1919, dhearbhaigh Rialtas na Breataine go raibh an Dáil mí-dhleathach agus ó shin ar aghaidh bhí orthu teacht le chéile faoi rún.n

An Chéad Dáil ag bailiú le chéile i dTeach an Ardmhéara, Baile Átha Cliath ar 21 Eanáir, 1919.

Cruinniú i dTeach an Ardmhéara

Bhí an chéad chruinniú i dTeach an Ardmhéara ar an 21 Eanáir, agus rinneadh an chuid is mó den ghnó i nGaeilge. Toghadh Cathal Brugha ina Cheann Comhairle (nó cathaoirleach) agus cuireadh cúpla cáipéis i láthair:

Dhearbhaigh an Forógra Neamhspleáchais gurb rialtas ar stát ardcheannasach í an Dáil leis an ainm Dáil Éireann, agus ansin bhunaigh an Dáil comhaireacht faoin ainm "An Aireacht". Chomh maith le sin, roghnaíodh duine amháin a bheith ina "Phríomh-Aire" agus leis an teideal "Uachtarán ar Dháil Éireann" freisin. Ba é Brugha an príomh-aire sealadach a toghadh, agus tháinig de Valera isteach ina áit i mí Aibreáin.

Rialtas na chéad Dála

Aireacht a haon (sealadach)

Bhí an chéad aireacht i bhfeidhm ó 21 Eanáir 1919 go dtí 1 Aibreán 1919.

Oifig Páirtí Ainm
Príomh-Aire Sinn Féin Cathal Brugha
Aire Airgeadais Sinn Féin Eoin Mac Néill
Aire Gnóthaí Baile Sinn Féin Mícheál Ó Coileáin
Aire Gnóthaí Eachtracha Sinn Féin An Cunta Pluincéad
Aire Cosanta Náisiúnta Sinn Féin Risteard Ó Maolchatha

Aireacht a dó (sealadach)

Bhí an dara haireacht i bhfeidhm ó 1 Aibreán 1919 go dtí 26 Lúnasa 1921.

Oifig Páirtí Ainm
Príomh-Aire Sinn Féin Éamon de Valera
Aire Airgeadais Sinn Féin Mícheál Ó Coileáin
Aire Gnóthaí Baile Sinn Féin Art Ó Gríofa
Aire Gnóthaí Eachtracha Sinn Féin An Cunta Pluincéad
Aire Cosanta Sinn Féin Cathal Brugha
Aire Saothair Sinn Féin Constance Markievicz
Aire Tionscail Sinn Féin Eoin Mac Néill
Aire Rialtais Áitiúil Sinn Féin Liam Tomás Mac Cosgair
Aire Ghaeilge Sinn Féin Seán T. Ó Ceallaigh

Airí nach raibh san aireacht

Oifig Páirtí Ainm
Stiúrthóir Talmhaíochta Sinn Féin Riobárd Bartún
Aire Iascaigh Sinn Féin Seán Eichingeam
Aire Bolscaireachta Sinn Féin Labhrás Mag Fhionnail
Aire Trádala agus Tráchtála Sinn Féin Earnán de Blaghd

Baill shuntasacha