Jump to content

Séamas VI, Albain agus Séamas I, Sasana agus Éire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Rí Séamus VI na hAlban)
Infotaula de personaGrása Cuir in eagar ar Wikidata
Séamas VI, Albain agus Séamas I, Sasana agus Éire

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) James I (VI) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith19 Meitheamh 1566
Caisteal Dhún Éideann Cuir in eagar ar Wikidata
Bás27 Márta 1625 (Iúlach)
58 bliana d'aois
Teach Theobalds Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Dinnireacht)
Áit adhlacthaAbtheach Westminster Cuir in eagar ar Wikidata
Monarc Ríocht Shasana
24 Márta 1603 (Iúlach) – 27 Márta 1625
← Eilís I ShasanaSéarlas I Shasana →
Monarc na hÉireann
24 Márta 1603 (Iúlach) – 27 Márta 1625
← Eilís I ShasanaSéarlas I Shasana →
Monarc na hAlban
8 Feabhra 1587 (Iúlach) – 27 Márta 1625
← Máire I, Banríon na nAlbanachSéarlas I Shasana →
Diúc Rothesay
19 Meitheamh 1566 – 8 Feabhra 1587 (Iúlach) Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAnglacánachas agus Eaglais na hAlban
Scoil a d'fhreastail sé/síteagascóir Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheCaisteal Shruighlea
Teanga dhúchaisan Albainis
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain (1603–1625)
Dún Éideann (1567 (Féilire Ghréagóra)–1603) Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmfile, monarc, scríbhneoir, uasal Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinn de chuidGeorge Buchanan, Peter Young, Adam Erskine agus David Erskine
TeangachaAn Albainis agus Béarla
Saothar
Saothar suntasach
Eile
Teideal uasalMonarc na hAlban
Monarc Ríocht Shasana
Monarc na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachTeaghlach na Stíobhartach Cuir in eagar ar Wikidata
CéileAnne na Danmhairge (1589–1619), bás a c(h)éile Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteHenry Frederick, Prionsa na Breataine Bige, Mary Stuart, Sophia Shasana, mac gan ainm Stuart, Robert Stuart, Diúc Chinn Tìre agus Latharna, Margaret Stuart, Séarlas I Shasana, Elizabeth Stuart, Banríon na Boihéime, mac gan ainm Stuart Cuir in eagar ar Wikidata
AthairHenry Stuart, An Tiarna Darnley  agus Máire I, Banríon na nAlbanach
Siblínstillborn twin Hepburn (en) Aistrigh agus stillborn twin Hepburn (en) Aistrigh
Croineolaíocht
5 Samhain 1605 (Iúlach)Comhcheilg an Phúdair
1603-1625Jacobean era (en) Aistrigh
1586Treaty of Berwick (en) Aistrigh
10 Feabhra 1567murder of Lord Darnley (en) Aistrigh
1567 (Féilire Ghréagóra)Act Anent the demission of the Crown in favour of our Sovereign Lord, and his Majesty's Coronation 1567 (en) Aistrigh
Entry of James VI into Edinburgh (en) Aistrigh
English subsidy of James VI (en) Aistrigh
Union of the Crowns (en) Aistrigh
succession to Elizabeth I of England (en) Aistrigh
Baptism of James VI (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú



Find a Grave: 1974 Project Gutenberg: 7089 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba Briotanach é Séamas (19 Meitheamh, 156627 Márta, 1625). Séamas VI an t-ainm a bhí air mar Rí na nAlbanach, agus Séamas I mar rí Shasana.

Mac le Máire I, banríon na nAlbanach agus leis an Tiarna Darnley ab ea é. Col ceathrair le Máire ab ea Eilís I, banríon Shasana, agus b'í Eilís máthair bhaistí Shéamais. Bhí Máire ina Caitliceach, ach ós rud é gur Protastúnaigh ab ea na tiarnaí Albanacha, bhí a lán cogaidh agus coimhlinte ann.

Nuair a bhí Máire torrach le Séamas, chuaigh cuid de na tiarnaí i gcomhcheilg le David Rizzio a dhúnmharú. Rúnaí agus cara le Máire ab ea Rizzio. D'fheall Darnley ar a bhean, agus bhí Séamas agus a mháthair i gcontúirt i dtólamh.

Sa deireadh, dúnmharaíodh Darnley féin, agus phós Máire an dúnmharfóir, an Tiarna Bothwell. Ach bhí fearg agus frustrachas ar na tiarnaí Albanacha anois. Mar sin caitheadh Máire i dtóin an phríosúin. Ghair na tiarnaí rí de Shéamus, cé nach raibh sé ach aon bhliain amháin d'aois.

Ard rí Alban agus Triath nan Eilean 1567–1625

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an choróin ag an mbuachaill, ach bhí an chumhacht ag na tiarnaí agus ag airíoch an rí. Bhí a lán uisce faoi thalamh ar siúl in aghaidh Shéamais, ach tháinig sé slán.

Chuir Séamas an Tiarna Morton, an t-airíoch, chun báis sa bhliain 1581, agus fuair sé seilbh cheart ar an ríchathaoir faoi dheoidh. Bhí sé cúig bliana déag d'aois san am, agus comhchealga eile ag bagairt air sna blianta a bhí le teacht. Tríd is tríd, bhí blianta a óige lán contúirte agus dhoirteadh fola.

Rí Shasana agus na hÉireann 1603–1625

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1586, chuir Eilís a col ceathrair, Máire, chun báis. Ó nach raibh clann ar bith ag Eilís, ba é Séamas a bhí ar an chéad oidhre ar choróin Shasana, de réir an chomharbais.

Sa bhliain 1603, fuair Eilís I bás, agus fuair Séamas coróin Shasana mar ba dhual dó. Tugadh Séamas I air, mar Rí Shasana. Aontas pearsanta idir Sasana agus Albain a bhí ann ansin, ach níor tháinig an t-aontas polaitiúil ar an bhfód roimh an mbliain 1707.

Ní raibh tuairim láidir ag Séamas i leith an chogaidh chreidimh ar dtús, ach sa bhliain 1605, rinne baicle Chaitliceach, agus fear arbh ainm dó Guy Fawkes i ceannas orthu, iarracht ar é a dhúnmharú, is é sin, Comhcheilg an Phúdair Ghunna. Ina dhiaidh sin, chuir Séamus an Caitliceachas faoi chois.

Bhí Cogadh an Tríocha Bliain ar siúl san Eoraip ar na saolta sin, agus Albain is Sasana ag tacú le taobhanna contrártha sa chogadh.

Bhí Séamas agus an Pharlaimint in achrann a chéile...

Séamas agus Éire

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí ceannairí Éireannacha i gcoitinne sásta nuair a tháinig Séamas I i réim mar rí tar éis bhás Bhanríon Éilís I i 1603.[1],[2]

Plandáilː comóradh i nDoire sa Guildhall, 1913

Toisc gur fhág géillsinigh Rí Séamas Éire gan a chead, bheartaigh oifigigh ríoga gur cheannaircigh iad, agus dúradh gur leis an rí a dtailte ansin.[3] Tomhaiseadh formhór Chúige Uladh, rinneadh mapaí de agus glacadh cuntas ar cér leis cén talamh, go hoifigiúil. Ansin d’ullmhaigh siad scéim phlandála, bunaithe i bpáirt ar ar fhoghlaim siad ó Phlandáil na Mumhan. Ansin bhronn Séamas I an talamh maith sa cheantar ar eachtrannaigh as an Bhreatain.[4]

Saol agus Clann

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Phós Séamus Áine, Banphrionsa na Danmhairge agus na hIorua, sa bhliain 1589. Bhí cúigear clainne acu. An mac ba sine a bhí acu, mar atá, Anraí, fuair sé bás in aois a ocht mbliana déag dó.

Cailleadh Áine sa bhliain 1619 agus Séamus féin sa bhliain 1625. Tugtha don ól, tháinig an gúta air, agus ansin thóg sé dinnireacht i Márta 1625. Chuir stróc na hordóga air faoi dheireadh.

Thit an choróin lena mac, Séarlas I, ansin.

  1. examinations.ie. "Stair na hÉireann, 1477-1625". Dáta rochtana: 2020.[nasc briste go buan]
  2. "Corpas". corpas.ria.ie. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  3. COGG. "PLANDÁIL ULADH (lch 5)". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-09-23. Dáta rochtana: 2020.
  4. "Gleann Fhinne" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-03-27.