Dorn san Aer
| ||||
Cineál | féile cheoil | |||
---|---|---|---|---|
Bailíocht | 2024 - | |||
Suíomh | Gaoth Dobhair, Éire , an Ghaeltacht, Éire | |||
Tír | Éire | |||
Teanga an tsaothair nó an ainm | an Ghaeilge | |||
Seánra | rac-cheol, ceol hip hap, reigé, ceol na hÉireann, func, snagcheol agus popcheol | |||
Suíomh gréasáin | dornsanaer.ie | |||
Féile cheoil Ghaelach úrnua é ‘Dorn san Aer’ i nGaoth Dobhair. Cuireadh ar siúl é thar trí lá i Meán Fómhair 2024, le ceiliúradh a dhéanamh ar shaol agus ar oidhreacht Rónáin Mhic Aodha Bhuí. Tá ainm na Féile bunaithe ar mhana spreagúil Mhic Aodha Bhuí.[1]
Chuir ‘Dorn san Aer’ ardán agus fáilte roimh mheascán craiceáilte de ghrúpaí agus d’imeachtaí i rith an deireadh seachtaine: rac, hip-hop, traid-leictreach, ceol Gaelach, ska, reggae, chomh maith le cainteanna spreagúla, imeachtaí teaghlaigh, comórtas ‘Cath na mBannaí’, RACADAMH agus go leor eile.
Is í an gníomhaí cearta sibhialta Bernadette McAliskey a d'oscail an fhéile go hoifigiúil in Amharclann Ghaoth Dobhair.[2]
Bannaí Ceoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]I measc na daoine a bhí ag ceol ag an bhféile tá:[3]
- Bréag
- Huartan
- IMLÉ
- John Spillane
- GrooveLine
- Boss Sound Manifesto
- Cigire na bPuntaí
- Súil Amháin
- Diane Ní Chanainn & Na Clubmen
- Spásas
- Na Fíréin
- Eoghan Ó Ceannabháin
- Róisín Chambers
- The Elephant Brothers
- Eve Belle
- Emma Ní Fhíoruisce
- DJ-áil le Seán Ó Cuireáin
- Ciarán Mac Fheidhlimidh
- Ceoltóirí Thoraí
- Ceol ón Úcráin
Cath na mBannaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tugadh ardán do bhannaí agus ceoltóirí nuálacha dul san iomaíocht le chéile agus a gcuid ceoil a chur os comhair an tslua, agus airgead mór le buachan.[4]
“ | An bhfuil tú i do réabhlóidí ceoil? An bhfuil tú i mbanna ceoil nó an ceoltóir thú? Cuir isteach ar chomórtas Chath na mBannaí mar chuid d'Fhéile Dhorn San Aer. | ” |
Ceardlanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireadh trí mháistir-ranganna ar siúl do cheoltóirí ar mhian leo foghlaim faoi cheird na scríbhneoireachta ceoil agus faoi thaifead agus léiriú ceoil. Is iad Marcus Mac Conghail, Cian Mac Carthaigh ó IMLÉ, agus Robert Mulhern ó Tuath agus ó Súil Amháin a bhí i mbun na máistir-ranganna.[5]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh gréasáin: dornsanaer.ie/
- Meáin shóisialta: Instagram, Bluesky, Twitter, Facebook
- Láithreacha ⁊ Lóistín
- Cath na mBannaí
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Léitheoireacht bhreise
[cuir in eagar | athraigh foinse]- NÓS: Féile Dorn San Aer in ómós do Rónán le titim amach faoi scáth na hEaragaile
- Tuairisc.ie: ‘Is mian linn an splanc a las Rónán a choinneáil beo’ – féile cheoil nua bunaithe in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí
- Hotpress: Bernadette McAliskey to lead Dorn San Aer festival to celebrate life of Ronán Mac Aodha Bhuí
- RTÉ: Féile Úr "DORN SAN AER" in ómós do RÓNÁN MAC AODHA BHUÍ
- Seachtain: Scoth na gceoltóirí ag féile nua in ómós don chraoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Scoth na gceoltóirí ag féile nua in ómós don chraoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí". Irish Independent (Seachtain) (2024-06-26). Dáta rochtana: 2024-07-02.
- ↑ "Féile Dorn San Aer in ómós do Rónán le titim amach faoi scáth na hEaragaile". NÓS (2024-06-26). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 26 Meitheamh 2024. Dáta rochtana: 2024-07-02.
- ↑ "Féile Dorn San Aer". Dorn San Aer. Dáta rochtana: 2024-07-02.
- ↑ "Cath na mBannaí". Dorn San Aer. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 08 Meán Fómhair 2024. Dáta rochtana: 19 Meán Fómhair 2024.
- ↑ "Dorn San Aer - Gaoth Dobhair - 2024". Dorn San Aer. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 24 Meán Fómhair 2024. Dáta rochtana: 24 Meán Fómhair 2024.
Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |