Coróinvíreas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Orthocoronavirinae
Coronaviruses 004 lores.jpg
Aicmiú víreas
Grúpa:
Group IV ((+)ssRNA)
Ord:
Fine:
Fofhine:
Géineas:
Tíopa speicis
Coronavirus

Speiceas

Ainm géinis den fhofhine Coronavirinae. san bhfine Coronaviridae, san ord Nidovirales is ea na coróinvírisCoV (ar a dtugtar freisin na víris chorónacha) . Is grúpa víreas iad coróinvíris a chruthaíonn galair i mamaigh agus in éin. I ndaoine, is cúis le coróinvíris ionfhabhtuithe sa chonaire riospráide, atá éadrom go hiondúil, ar nós an slaghdáin choitinn, cé gur féidir le foirmeacha ní ba neamhchoitianta mar SARS, MERS, agus COVID-19 a bheith marfach.

Víris imchlúdaithe iad na Coróinvíris le géanóm ARN (aigéad ribeanúicléasach) aon-shnáithe le polaraíocht dhearfach agus le núicléachaipsid de shiméadracht héiliciúil.[1] Tá méid ghéanómach na gcoróinvíreas idir 26 agus 32 cileabhonn, an ceann is mó le haghaidh víris ARN.

Fionnachtain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuarthas Coróinvíris den chéad uair sna 1960dí. Ba iad na cinn is túisce a fuarthas amach ná an Víreas Bronchitis Tógálach Éanúil agus dhá víreas ó chuasa na sróine ag othair dhaonna a raibh slaghdán coiteann orthu a d'athainmníodh ina dhiaidh sin coróinvíreas daonna 229E agus coróinvíreas daonna OC43.

Aithníodh baill eile den fhine seo ó shin, lena n-áirítear SARS-CoV i 2003, HCoV NL63 i 2004, HKU1 i 2005, MERS-CoV in 2012, agus SARS-CoV-2 nó COVID-19 (ar a dtugtaí 2019-nCoV roimhe seo) in 2019.

Bhí ionfhabhtuithe tromchúiseacha chonair riospráide i gceist leis an gcuid is mó díobh seo.

Ainm agus moirfeolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

struchtúr

Tá an t-ainm "coróinvíreas" díorthaithe ón Laidin corona, rud a chiallaíonn coróin, nó fáinne solais, agus tagraíonn sé do chuma shainiúil na víorón (foirm ionfhabhtaíoch an víris) faoi leictreonmhicreascóp (LM) le frainse de theilgin mhóra dhromchlaí bhleibíneacha. Cuirfeadh coróin oga nó coróin ghréine i gcuimhne duit.

Cruthatear an mhoirfeolaíocht seo ag spíce (S) víreasach pepliméirí, gur próitéiní iad a líontar dromchla an víris agus a shocraíonn óstachtrópacht.

Is iad na próitéiní a chuireann le struchtúr foriomlán na gcoróinvíreas uile ná an spíce (Sp), an t-imchlúdach víris (ImV), an scannán (Sc), agus an núicléacaipsid (Nc).

I gcás sonrach an choróinvíris GTR (Béarla: SARS) (féach thíos), is trí mheán sainfhearann ​​sainmhínithe gabhdóir-nascadh ar an spíce (Sp) a cheanglaítear an víreas lena ghabhdóir ceallach, ceangal idir an víreas agus a ghabhdóir ceallach, einsím thiontaithe angaitheannaine 2 (ETA2).[2]

Timthriall ionfhabhtaithe an choróinvíris

próitéin níos giorra cosúil le spíce ar a dtugtar haemaglútainin eistearáis (HE) ag roinnt coróinvíreas (go háirithe baill an fhoghrúpa Betacoronavirus A).

Macasamhlú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis dó dul isteach sa chill óstaigh, tá an cáithnín víreasach neamhbhrataithe, agus téann a ghéanóm isteach sa chíteaplasma cille.

Tá caidhp 5′mheitileach agus eireaball 3′pholadaniláilte ag géanóm an choróinvíris ARN, a ligeann don ARN ceangal le ribeasómna na cille óstaí le haghaidh aistrithe.

Ionchódaíonn géanóim an choróinvíris próitéin ar a dtugtar polaiméaráis ARN atá ARN-spleách (ApAs), a cheadaíonn don ghéanóm víreasach tras-scríobh a dhéanamh chuig chóipeanna nua de ARN ag baint úsáide as innealra na cille óstaí.

Is é an ApAs an chéad phróitéin atá le déanamh; nuair a aistrítear an géin a bhí ag ionchódú an ApAs, cuireann stopchódón deireadh leis an aistriúchán.


Tras-seoladh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceaptar go dtarlóidh tras-seoladh na gcoróinvíreas go príomha i measc dlúththeagmhálaithe trí bhraoiníní riospráide a ghintear trí shraothartach agus chasachtaí. Ta idirghníomhú spícphróitéiní an choróinvíris le ghabhdóir na hóstchille chomhlántaí lárnach i gcinntiúchán trópacht an fhíocháin, na hionfhabhtaíochta, agus raon speicis an virís.

Mar shampla, ionfhabhtaíonn an coróinvíreas SARS cealla daonna trí gabhdóir na heinsíme thiontaithe angaitheannaine 2 a ghramú.

Eipidéimeolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ainmhithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí 54 brath dearfach ann den coróinvíreas buaibheach in Eirinn sa bhliain 2014[3] ach ní raibh ac cás amháin i 2015.

2002-2005[cuir in eagar | athraigh foinse]

Taifeadadh SARS (SARS-CoV) den chéad uair sa tSín sa bhliain 2002 agus scaip an víreas go tapa ar fud an domhain. Fuair níos mó ná 800 duine bás leis.

2012-inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ón bhliain 2012, bhí cásanna de ghalar tromchúiseach riospráide mar gheall ar ionfhabhtú coróinvíris Shiondróm Riospráide an Mheánoirthir (MERS-CoV) ag tarlú i Leithinis na hAraibe.[4] Ó 2012 go dtí 2019, thuairiscigh an EDS (an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte) 858 bás.[5]

2019-2020[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig COVID-19 (nó 2019 n-CoV)[6] chun solais i Wuhan sa tSín i mí na Nollag 2019.[7] Sa duine, ta na siomtóim csúil le siomtóim an fhliú b'fhéidir: fiabhras ard, tinneas cinn, casacht thirim, giorra anála, agus b'fhéidir niúmóine, srl. Is é an t-eatramh goir 2-14 lá; airmheánach 5.2 lá.[8]

Sa bhliain 2020, bhí imeachtaí poiblí le Bliain Nua na Síneach a cheiliúradh i mBéising, Huanggang agus Wuhan curtha ar ceal in iarracht srianta a chur ar ráig den víreas, a bhí ag scáipeadh ar fud na tíre.[9]

Dúradh leis an 11 milliún duine a bhfuil cónaí orthu i gcathair Wuhan gan imeacht ón cheantar mura bhfuil géarghá leis. Druideadh príomhmhargadh na cathrach, pictiúrlanna agus caiféanna.

Coróinivíris dhaonna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léaráid den choróinvíreas a bhaineann le siondróm riospráide an Mheánoirthir SARSr-CoV virion

Tá éagsúlacht mhór bainte le toisc riosca na gcoróinvíreas. Féadann cuid acu níos mó ná 30% díobh siúd atá ionfhabhtaithe (mar shampla MERS-CoV) a mharú, agus tá cuid acu neamhdhíobhálach go leor, amhail an an slaghdán coitianta. Coróinvíris is cúis le slaghdáin a bhfuil siomptóim láidir orthu, mar shampla fiabhras, agus scornach tinn ó adenoidí ata, a tharlaíonn go príomha i séasúir an gheimhridh agus go luath san earrach. Is cúis le coróinvíris niúmóine (niúmóine víreasach díreach nó niúmóine baictéarach tánaisteach) agus broincíteas (broincíteas víreasach tánaisteach nó broincíteas baictéarach díreach). Tá pataigineacht uathúil ag an coróinvíreas daonna a ndearnadh poiblíocht mhór air agus a fuarthas amach sa bhliain 2003, SARS-CoV, gur cúis le géarshiondróm trom riospráide (SARS), toisc go bhfuil sé ina chúis le hionfhabhtuithe sa chonair riospráide uachtarach agus íochtarach.

Tá sé speiceas de choróivíris dhaonna ar eolas, agus tá speiceas amháin foroinnte ina dhá shraith dhifriúla, rud a fhágann go bhfuil seacht dtréithchineál de na coróinvíris dhaonna ann ar fad. Táirgeann ceithre cinn de na tréithchineálacha seo airíonna éadroma ginearálta den slaghdán coitianta:

  1. Coróinivíreas daonna OC43 (HCoV-OC43), den ghéineas β-CoV
  2. Coróinivíreas daonna, β-CoV, á cosúlacht 75% ag a géanóm le OC43[10]
  3. Coróinivíreas daonna 229E (HCoV-229E), α-CoV
  4. Coróinivíreas daonna NL63 (HCoV-NL63, New Haven coronavirus), α-CoV

– agus cruthaíonn trí thréithchineál (dhá speiceas) airíonna a d’fhéadfadh a bheith dian; is tréithchineálacha de β-Co gach ceann acu díobh seo:

  1. Coróinvíreas a bhaineann le siondróm riospráide an Mheánoirthir (MERS-CoV), ar a dtugtaí coróinvíreas mucúil 2012 roimhe seo agus HCoV-EMC
  2. Géarshiondróm trom riospráide-coróinvíreas (SARS-CoV nó Gnáth-SARS)
  3. Géarshiondróm trom riospráide-coróinvíreas 2 (SARS-CoV-2) ar a dtugtaí 2019-nCoV nó "coróinvíreas mucúil 2019" roimhe seo.

Scaipeann na coróinvíris HCoV-229E, -NL63, -OC43, agus -HKU1 go leanúnach sa phobal daonna agus bíonn siad ina gcúis le hionfhabhtuithe riospráide i measc daoine fásta agus leanaí ar fud an domhain.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Coronavirus" (en). www.who.int. Dáta rochtana: 2020-01-25.
  2. Fang Li, Wenhui Li, Michael Farzan, Stephen C. Harrison (2005-09-16). "Structure of SARS Coronavirus Spike Receptor-Binding Domain Complexed with Receptor" (in en). Science 309 (5742): 1864–1868. doi:10.1126/science.1116480. ISSN 0036-8075. PMID 16166518. 
  3. agriculture.gov.ie (2015). Tuarascáil Bhliantúil 2014:"[https://www.agriculture.gov.ie/media/migration/publications/2016/AnnualReport2014IrishDesignerfinalversion011216.pdf TÁSTÁIL DHIAGNóISEACH DO GHALAIR EALLAIGH - IONFHABHTú VÍRIS RIOSPRÁIDE]". Dáta rochtana: 2020.
  4. "An Iordáin - Department of Foreign Affairs and Trade" (en). www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2020-01-25.
  5. "WHO | Middle East respiratory syndrome coronavirus (MERS-CoV)". WHO. Dáta rochtana: 2020-01-25.
  6. "Coronavirus Has a Name: The Deadly Disease Is Covid-19" (en). Wired. Dáta rochtana: 2020-02-15.
  7. "Cruinniú ag Eagraíocht Dhomhanda Sláinte faoi víreas marfach" (in ga) (2020-01-22). 
  8. "Coronavirus Incubation Period (COVID-19) - Worldometer" (en). www.worldometers.info. Dáta rochtana: 2020-03-29.
  9. "Imeachtaí leis an Bhliain Nua a cheiliúradh i mBéising ar ceal" (in ga) (2020-01-23). 
  10. Nextstrain, phylogenetic tree of Beta-CoV