Wuhan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Radharc ar chuid de Wuhan ó Thúr an Chorr Bhuí

Cathair mhór i nDaonphoblacht na Síne is ea Wuhan agus é suite in oirthear láir na Síne, ar mhachaire Jianghan, san áit a thagann na haibhneacha Yangtze agus Han le chéile. Is é an chathair is mó i lár na tíre. Príomhchathair chúige Hubei atá ann. Bhí cónaí ar 10,220,000 duine sa chathair sa bhliain 2013.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Trí chathair difriúla—Wuchang, Hankou agus Hanyang—a d'fhás ar bhruacha na n-aibhneacha Yangtze agus Han a bhí ann go dtí lár an 20ú haois. I mí Dheireadh Fómhair na bliana 1911, tharla Éirí Amach Wuchang sa chathair úd.