Leictreonmhicreascóp scanacháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leictreonmhicreascóp scanacháin

Is éard is leictreonmhicreascóp scanacháin (LMS) ann ná cineál leictreonmicreascóp ar féidir leis amharc-íomhánna a táirgeadh tré scanachán a dhéanamh ar dhromchla an tsampla le léas ardfhuinnimh leictreon i bpatrún scanta rastair. Idirghníomhaíonn na leictreoin leis na hadaimh sa tsampla agus táirgítear comharthaí a thugann faisnéis maidir le topagrafaíocht dhromchla an tsampla, comhdhéanamh agus airíonna eile ar nós seoltachta leictrí.