Bliain Nua na Síneach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Bíonn Bliain Nua na Síneach, nó Athbhliain na Síneach (nó fiú "Athbhliain na Gealaí"[1]) á ceiliúradh i gcaitheamh mhí EanáirFeabhra.[2] Is ceiliúradh ar theacht an Earraigh agus tús le saol úr atá i gceist leis. Is é an fhéile is mó sa bhliain ag muintir na Síne ach déantar é a cheiliúradh taobh amuigh den Sín chomh maith.[3]

doras i Lijiang
yuanbao.
Nian gao 年糕 , pâtisserie
pléascóg thine
leon agus dragún
Lee Theatre Plaza, Hong Kong

Féilire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Athraíonn an dáta gach bliain mar úsáidtear féilire na gealaí leis an dáta a chinntiú[4]. Agus ní thosaíonn an bhliain nua ar an dáta céanna ar fud domhain ach an oiread. Críochnaíonn an fhéile le lóchrainn lasta ar fud na háite.

Is iondúil a thiteann an fhéile seo idir an 21 Eanáir agus an 20 Feabhra. Ní lá amháin atá i gceist leis an chomóradh seo, ach ceiliúradh coicíse[5].

Bíonn 12 i ngnáthmhí agus bíonn mí bhreise ann nuair a bhíonn bliain bhisigh ann. Bíonn idir 353 agus 355 i ngnáthbhliain agus idir 383 agus 385 lá i mbliain bhisigh. Bíonn bliain bhisigh ann má bhíonn 13 ghealach nua ann idir dhá ghrianstad geimhridh.

Tá Féilire na Síneach éagsúil le féilirí móra eile atá in úsáid sa chaoi nach gcomhairtear na blianta i ndiaidh a chéile gan teorainn (1 AD ar aghaidh, mar shampla) ach tugtar ainm – ar cuid de é an t-ainmhí – do na blianta i gcóras a atosaíonn gach 60 bliain.

Maireann an fhéile 15 lá[6]:

  • Lá roimh an bhliain nua – Dinnéar leis an clann ar fad, "Shou Shi", lainse ar tine ealaíne. . Ar oíche chinn bliana, lastar tinte ealaíne ag meánoíche leis an ruaig a chur ar dhrochspioraid. Bíonn daoine gléasta in eadaí dearga le heagla a chur ar na drochspioraid (is dath sona é an dearg sa tSín[7], [8]). Ní chaitheann daoine eadaí dubha nó bána le linn na féile seo mar bíonn brón ag baint leis na dathanna sin.
  • Lá na bliana nua – Daoine ag tabhairt cuairt ar clainne srl. Sa chéad sheachtain den fhéile is tradisiúin speisialta é cuairt a thabhairt ar chlann agus ar chairde. Creidear go maireann cib é rud a dhéanann daoine ar an chéad lá den fhéile an bhliain ar fad. Mar sin, déanann siad iarracht bheith sásta, ag gáire, ag ceol agus ag damhsa.
  • An dara lá – Tugann mná atá pósta cuairt ar a gclann.
  • An cúigiú lá déag, Féile Po Wu nó 破五.[9]
  • An cúigiú lá déag – Féile na Laindéar[10].

An Fhéile sa tSín[cuir in eagar | athraigh foinse]

I rith na coicíse, dúntar formhór na siopaí is tithe tábhairne, agus filleann muintir na Síne abhaile chun an Athbhliain a cheiliúradh lena theaghlaigh. Bíonn daoine saor ón obair agus ón scoil ar feadh trí lá ar a laghad.

Nósanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Roimh thús na féile, glanann muintir na Síne a gcuid tithe le fáil réidh le mí-ádh. Le cinnte go dtosaíonn an bhliain úr go maith, íocann daoine a gcuid billí uilig roimh an fhéile.
  • Tá sé mar nósmhaireacht sa tSín, clúdaigh litreach a thabhairt amach dá mhuintir. Uaireanta, feictear litreacha beaga agus athbhliain faoi mhaise á ghuí acu chomh maith. Is minic a scríobhtar teachtaireachtaí mar seo ar laindéar pháipéar agus iad a scaoileadh thuas sa spéir.
  • I rith na féile, maisítear fuinneoga agus dorais le maisiúcháin dhearga déanta as páipéar agus le véarsaíocht ar ábhar sonais, rachmais agus fad saoil. Bíonn na tithe maisithe le focail ar nós ‘Áthas’ agus ‘Saibhreas,’ ag dúil le go mbeadh na rudaí sin i saol na ndaoine sa bhliain úr.
  • Seachas bronntanais a thabhairt mar a dhéanaimid ag an Nollaig, faigheann páistí na Síne clúdacha dearga le hairgead iontu.
  • Bíonn damhsaí leoin agus dragúin ar siúl agus creidtear go gcuireann an trup an ruaig ar na drochspioraid chomh maith.
  • Creideann roinnt daoine nár chóir duit do chuid gruaige a ní ar an chéad lá den fhéile mar gheobhaidh tú réidh leis an ádh.

Fréamh neimhe agus fréamh saolta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn ainmhí bainte le gach bliain i bhféilire na Síne. Athraíonn an t-ainmhí gach bliain ar feadh 12 bliain agus ansin tosaíonn sé arís. Ní bhíonn uimhir ag an mbliain Shíneach, ach ina háit bíonn ainmhí luaite léi. Baineann tréithe stoidiaca leis an bhféilire Síneach, ar a nglaoitear Ciorcal na nAinmhithe air.

Is timthriall 12 bliain is ea An tStoidiaca Síneach. Tá gach bliain sa timthriall ainmnithe tar éis ainmhí agus tá pearsantacht agus tréithe difriúil agus gach ainmhí. Creidtear go bhfuil tionchar mór ag an ainmhí ar an duine.

Tá deich ‘bhfréamh neimhe’ ann agus 12 ‘fréamh saolta’ ann:

Tá 12 ainmhí ar an iomlán:

Na Ainmhithe
  1. Francach: Bliain an Fhrancaigh[11]
  2. Damh / : Bliain an Daimh
  3. Tíogar: Bliain an Tíogair
  4. Coinín : Bliain an Choinín
  5. Dragan : Bliain an Dragain
  6. Nathair: Bliain na Nathrach (focal baininscneach)
  7. Capall : Bliain an Chapaill.
  8. Gabhar: Bliain an Gabhair nó Bliain na Caorach nó Bliain an Reithe[12],[13]
  9. Moncaí : Bliain an Mhoncaí
  10. Coileach : Bliain an Choiligh
  11. Madra: Bliain an Mhadra nó Bliain an Mhadaidh nó Bliain an Ghadhair
  12. Muc: Bliain na Muice (focal baininscneach): is siombal saibhris é an muc i gcultúr na Síne.

Na Fréamhacha Neimhe:

  • 甲 (jiǎ)
  • 乙 (yǐ)
  • 丙 (bǐng)
  • 丁 (dīng)
  • 戊  (wù)
  • 己 (jǐ)
  • 庚 (gēng)
  • 辛 (xīn)
  • 壬 (rén)
  • 癸 (guǐ)

Cuirtear an dá fhréamh le chéile le hainm na bliana a fháil. Mar sin, is í an chéad bhliain sa chóras 60 bliain ná 甲子 (jiǎ-zǐ), agus an dara bliain 乙丑 (yǐ-chǒu) agus araile.

Chinese New Year.jpg

Nuair a thagtar chuig deireadh na bhfréamhacha, tosaítear ag an tús arís. Mar sin, is í an 11ú bliain 甲戌 (jiǎ-xū), an 12ú bliain 乙亥 (yǐ-hài) agus araile go dtí go dtagtar chuig an 60ú bliain 癸亥 (guǐ-hài). Thosaigh an “chéad bhliain” sa chóras seo sa bhliain 2637 BC nuair a ceapadh an féilire, de réir an tseanchais.

Mar shampla, is í an bhliain a thosaigh ar an 10 Feabhra 2016, mar sin, ná 丙申 (bǐng-shēn). Is í an 33ú bliain sa 78ú babhta den chóras 60-bliain agus is í an 4,714ú bliain ó thosaigh an córas sin[14].

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir sheanchas na Síne, ba é an tImpire 皇帝 (Huangdi – ‘An tImpire Buí’) a cheap an féilire sa bhliain 2637 BC.

Athbhliain faoi mhaise

Foclóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Athbhliain Faoi Mhaise: 新年快乐 (xin nian kuai le)

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]