Aodh Oirdní

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Aed Oirdnide)
Infotaula de personaAodh Oirdní
Beathaisnéis
Breith8 haois
Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás819

Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Ardrí na hÉireann
797 – 819
← Donnchad Midi mac DomnaillConchobar mac Donnchada → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachCineál Eoghain Cuir in eagar ar Wikidata
CéileMaedhbh (?) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteNiall Caille, Maelduin, Rí Ailigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairNiall Frossach mac Fearghail  agus Eithne Bhreá

Rí Ailigh agus Ard-Rí na hÉireann ba ea Aodh mac Néill (Sean-Ghaeilge Áed mac Néill) (bás 819), ar a glaodh de ghnáth Aodh Oirdní (Áed Oirdnide[1]). Ba bhall é de Chineál Eoghain Uí Néill an Deiscirt. Niall Frasach, iarArd-Rí, ba ea a athair.[2][3][4] Bhí sé ina rí Ailigh ón mbliain 788 ar aghaidh, agus ina Ard-Rí ón mbliain 797.

Rí Ailigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhíodh críocha Chineál Chonaill, olchéilí comhraic Chineál Eoghain, roinnte ina ndá leath ag tuath Chineál Eanda, mionghéag Uí Néill lonnaithe thart timpeall Ráth Bhoth. Agus Chineál Chonaill chun cinn mar ríthe an Tuaiscirt agus na hÉireann, bhíodar fosta i gceannas Chineál Eanda. Seo mar a bhí sular chloígh Aodh Allán Flaithbheartach mac Loingsigh sna 730idí. As sin amach go dtí bás Niall Frasach (bás 778), nó mar sin, bhí Chineál Eanda faoi smacht Chineál Eoghain. I ndiaidh sin arís, bhí siad faoi cheannas Cineál Conaill.[5]

Grianán Ailigh, caiseal cloiche atógtha sa bhliain 1878, a rachadh siar go haonaid Aodha.

Bhí an tuath fós ina n-ábhar achrainn sa bhliain 787 ámh, nuair a chloígh Maol Dúin Domhnall. Tháinig Aodh Oirdní i gcomharbacht ar Mhaol Dúin mar rí Ailigh. Thug Domhnall a dhúshlán Aodh ag Cath Chlóidigh, ach chloígh Aodh é sa bhliain 789. As seo amach, bhí tailte Cineál Eanda in gceannas Chineál Eoghain.[6][7][8][9]

Bhí coimhlint ag Aonach Thailtean sa bhliain 791. The summoning of this gathering was one of the prerogatives of the High King at which he would demonstrate his power and standing. Ní fios cé acu ar thóg Aodh arm leis ann chun a chumhacht a léiriú, nó an raibh Donnchadh cúis an achrainn. Mar thoradh ámh b'éigean d'Aodh teite agus agus chuathas ar a thóir chomh fada is Sláine. Insítear gur maraíodh roinnt comhghuaillthe Aodha, san áireamh beirt ríthe Uí Chriomhthainn as Oirialla thart timpeall Clochar agus Cluain Eois.[10][11][12][13]

Sa tuairisc i gCroinic na hÉireann, glaoitear Áed Ingor[14] (neamh-mhacúil, easurramach) air, an t-aon leasainm a tugadh air sna luath-fhoinsí. Meastar go raibh Aigh i gcoimhlint lena athair chéile, Donnchadh Mí, cé go bhfaightear an téarma mac ingor, san Fhéineachais, chun mac nach dtugann tacaíocht dá athair fola a chur in iúl. Pé scéal é, is léir nach moltach é.[15][16]

Sa bhliain 794, tuairiscítear go raibh Aodh i mbun feachtais in éadan Múrna Mhaighean, thart timpeall réimsí thuas d'Abhainn Átha Féan, agus a Donnchadh ag troid leis an Mumhain. Cé gur áiríodh iad siúd mar treibh na nOiriall, céilí ba ea na Múrna de Shíol Aodha Sláine Uí Néill an Deiscirt, in ionad Aodha agus Chineál Eoghain, mar ba ghnách.[17][18][19][20]

Rí na Teamhrach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go ndeachaigh cumhacht Donnchadha i léig i gcaitheamh leathscór bliain deiridh a chuid saoil, bhí sé fós ina phearsa shuntasach go dtí issue a bháis ar 6ú Feabhra 797. I ndiaidh a bháis, rinne Aodh iarracht ar ríogacht na Teamhrach. Chloígh sé beirt deartháireacha Donnchadha, Diarmaid agus Fíonsneachta, agus Fíonsneachta eile, mac Fallamhain mhic Con Congalt de Chlann Cholmáin Bhig, ag Droim Rí i mBreá Theas. De réir dáin i nAnnála Uladh, deirtear go ndearna sé seo mar dhíoltas ar bhás a uncail, Aodh, maraithe ag athair Donnchadha, Domhnall Mí i rith Chath Seredmag sa bhliain 743. Roinnt ama ina dhiaidh sin sa bhliain 797, scrios Aodh an Mhí, agus deir Annála Uladh gurbh é seo tús a réimis.[21][22][23]

Sa bhliain 802, d'éag Muireadach, rí Mí, dearthár Dhonnchadha Mhí deireanach a bhfuil aithne air. Chuaigh Aodh i gceannas arm ó dheas go dtí an Mhí, agus a roinn sé tailte Chlann Cholmáin idir beirt mhac Donnchadha, Ailill agus Conchúr. Dá mbeadh sé ar intinn ag Aodh cumhacht chéilí comhraic a laghadú, níor éirigh leis. Throid Ailill agus Conchúr sa bhliain 803 ag Rath Conaill (gar den Mhuileann gCearr). Maraíodh Ailill, agus bhí Conchúr ansin an t-aon rí na Mí amháin.[24][25][26]

Sa bhliain 804, thug Aodh a aird ar na Laigin agus scrios sé an áit laistigh d'aon mhí amháin.[27][28] An bhliain chéanna, ghéill Fínsnechta Cethardec (bás 808), rí Laigean, dó.[29][30] Ní raibh Aodh sásta áfach, agus sa bhliain 805, chuaigh sé le slua mór go dtí Dún Cuair agus d'insealbhaigh sé Muiredach mac Ruadrach (bás 829) agus Muiredach mac Brain (bás 818) mar chomh ríthe na Laighean.[31][32][33] Fuair Fíonsneachta tearmann le Muirgius mac Tommaltaig (bás 815), rí na gConnacht, a thug cuidiú leis a choróin a fháil ar ais sa bhliain 806.[34][35]

Sa bhliain 808, rinne Conchúr as Mí iarracht ar an ard-ríogacht, i dteannta le Muirgius na gConnacht. Bhog siad chun na Tailtean, ach scaip an slua le teacht arm Aodha army the allies dispersed. Chuaigh Aodh ar a dtóir agus dóigh sé imill na Mí.[36][37] Sa bhliain 808 nó 809, rinne Aodh ionsaí eile ar na Laigin, ach cloíodh é ar bhruach na Life.[38][39]

Sa bhliain 809, rinne Aodh feachtas in éadan na nUlad agus chloígh sé iad, á scriosadh ón mBanna go dtí Loch Cuan. Bhí an ruathar seo is amhlaidh mar chúiteamh ar mharú Dúnchú, ab Mhainistir Thulaigh Lis (gar de Dhroichead na Banna, Contae an Dúin), ag na hUlaid.[40][41] Sa bhliain 815, maraíodh dearthár Aodha, Colmán mac Néill, ag duine de Chineál Chonaill, agus chuaigh Aodh i gceannas feachtais ina n-éadan mar dhíoltas.[42][43]

Sa bhliain 818, thug sé Aodh a Arm i gceann a chéile arís ag Dún Cuair agus rinne ionsaí ar na Laigin. Roinn sé an cúige idir beirt chairde leis, ach ní raibh siad in ann a gcuid tailte a choinneáil.[44][45] An bhliain chéanna, maraíodh leas-abb Chill Mhór Einir (Cill Mhór, Contae Ard Mhacha an lae inniu) ag na Laigin.[46][47] Mar chúiteamh, chuaigh Áed i gceannas arm eile in éadan na Laigean agus scrios sé r tailte laid Chuala chomh fada is Gleann Dá Loch.[48][49]

Sa bhliain 819, fuair Aodh bás gar d'Áth Dá Fearta i gConaille Muirtheimhne.[50][51]

Caidreamh eaglaise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 804, ag Sionad Uí Néill i nDún Cuair, agus Condmach mac Duib dá Leithe (bás 807), abb Ard Mhacha, sa chathaoir, scaoil Aodh an chléir ó dhualgais mhíleata.[52][53] Is dóigh gur insealbhaíodh Aodh mar Ard-Rí ag an tionól seo.[54] Sa bhliain 806, chuir Aodh Cáin Phádraig i bhfeidhm.[55]

Sa bhliain 811, rinne an chléir baghcat ar aonach Thailtean, óir gur ndearna Aodh coir i gcoinne comhluadar Thamhlachta le linn fheachtas sa Laigin sa bhliain 809. Rinne Aodh leorghníomh leis an gcomhluadar.[56][57][58] Lena chuid feachtas in éadan na nUlad sa bhliain 809 agus na Laigean sa bhliain 819, lig Aodh ar féin gur chosantóir na heaglaise é.

Bhí roinnt achrainn freisin idir Aodh agus comhluadar Cholm Cille, nuair a maraíodh Maol Dúin mac Ceann Faoladh, uachtarán Ráth Bhoth sa bhliain 817. Chuaigh manaigh Cholm Cille chuig Teamhraigh an bhliain úd, ar intinn acu Aodh chur faoi choinnealbhá.[59] Is dócha go raibh baint éigin leis an t-imeacht seo agus an choimhlint idir Aodh agus Cineál Chonaill sa bhliain 815.[60] Sa bhliain 818 fosta, chuaigh Cuana, abb Lugmad, ar deoraíocht i Mumhan isteach le shrine of Naomh Mochta, ag teite ó Aodh.[61][62]

Teaghlach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Aodh pósta le hEuginis ní Dhonnchadha Mhí (bás 802).[63] Rí Ailigh agus Ard-Rí ba ea a mac Niall Caille (bás 846) in am trátha. Rí Ailigh fosta ba ea mac eile leis, Maol Dúin.[64][65]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Oxford Dictionary of National Biography
  • Byrne, Francis John (1973). "Irish Kings and High-Kings". Londain: Batsford. OCLC 714871. 
  • Byrne, Francis John (2005). "Prehistoric and Early Ireland" I: 656–679. Oxford: Oxford University Press. 
  • Byrne, Francis John (2005). "Prehistoric and Early Ireland" I: 862–898. Oxford: Oxford University Press. 
  • Charles-Edwards, T. M. (2000). "Early Christian Ireland". Cambridge: Cambridge University Press. 
  • Charles-Edwards, T. M. (1997). "A Military History of Ireland": 26–51. Cambridge: Cambridge University Press. 
  • Edwards, Nancy (2005). "Prehistoric and Early Ireland" I: 235–300. Oxford: Oxford University Press. 
  • Hughes, Kathleen (2005). "Prehistoric and Early Ireland" I: 301–330. Oxford: Oxford University Press. 
  • Lacey, Brian (2006). "Cenél Conaill and the Donegal Kingdoms AD 500–800". Baile Átha Cliath: Four Courts Press. 
  • Mac Niocaill, Gearóid (1972). "Ireland before the Vikings" 1. Baile Átha Cliath: Gill & Macmillan. 
  • Ó Corráin, Donnchadh (1972). "Ireland before the Normans" 2. Baile Átha Cliath: Gill & Macmillan. 
  • Ó Corráin, Donnchadh (2005). "Prehistoric and Early Ireland" I: 549–608. Oxford: Oxford University Press. 
  • Ó Cróinín, Dáibhí (2005). "Prehistoric and Early Ireland" I: 182–234. Oxford: Oxford University Press. 

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. oirdnide, oirnithe, ar eDIL; ach féach freisin dine agus 2 ingor.
  2. Byrne, Irish Kings, lch. 284, tábla 5
  3. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 606, aguisín V
  4. Mac Niocaill, Ireland before the Vikings, lch. 152.
  5. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 572–573
  6. Annála Uladh, AU 789.12
  7. Mac Niocaill, Ireland before the Vikings, lch. 143
  8. Byrne "Church and politics", lch. 657
  9. Charles-Edwards, in Mil Hist Ire about 29.
  10. AU 791.5; Byrne, "Church and politics", ll. 658 & 662
  11. Doherty, "Donnchad mac Domnaill"
  12. Mac Niocaill, Ireland before the Vikings, ll. 143–144
  13. For the oenach Tailten, féach Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 278–279 & 556–559.
  14. 2 ingor ar eDIL
  15. Byrne, "Church and politics", ll. 658 & 662
  16. Kelly, Early Irish Law.
  17. AU 794.8
  18. Mac Niocaill, Ireland before the Vikings, lch. 144
  19. Byrne, "Church and politics", lch. 657–658
  20. Byrne, Irish Kings, lch. 117.
  21. AU 797.3
  22. Mac Niocaill, Ireland before the Vikings, lch. 144
  23. Byrne, "Church and politics", lch. 658.
  24. AU 802.2 & 803.5
  25. Mac Niocaill, Ireland before the Vikings, lch. 144
  26. Byrne, Irish Kings, lch. 160.
  27. AU 804.5
  28. Mac Niocaill, Ireland before the Vikings, lch. 144.
  29. AU 804.10
  30. Mac Niocaill, Ireland before the Vikings, lch. 144.
  31. AU 805.7
  32. Mac Niocaill, Ireland before the Vikings, lch. 145
  33. Byrne, Irish Kings, lch. 160.
  34. AU 806.4
  35. Byrne, Irish Kings, lch. 160.
  36. AU 808.4
  37. Byrne, Irish Kings, lch. 253.
  38. Annála Inis Faithlinn, AI 808.2
  39. Byrne, Irish Kings, lch. 161.
  40. AU 809.3 & 809.7
  41. Byrne, Irish Kings, lch. 161.
  42. AU 815.5
  43. Byrne, Irish Kings, lch. 162.
  44. AU 818.6
  45. Byrne, lch. 161.
  46. Annals of Ulster, AU 818.7
  47. Byrne, Irish Kings, lch. 161.
  48. AU 819.1
  49. Byrne, Irish Kings, lch. 161.
  50. AU 819.2
  51. Byrne, Irish Kings, lch. 161.
  52. AU 804.8
  53. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 278.
  54. Byrne, Irish Kings, lch. 159.
  55. AU 806.5
  56. AU 811.2
  57. Byrne, Irish Kings, lch. 34
  58. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 198.
  59. AU 817.7, 817.8.
  60. Byrne, Irish Kings, lch. 162.
  61. AU 818.4
  62. Byrne, Irish Kings, lch. 162.
  63. Byrne, "Church and politics", lch. 658.
  64. Byrne, Irish Kings, lch. 284, tábla 5
  65. Ó Corrain, Ireland before the Normans, lch. 180.


Réamhtheachtaí
Máel Dúin mac Áedo Alláin
Rí Ailigh
788–819
Comharba
Murchad mac Máele Dúin