Niall Frasach
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 718 Éire |
Bás | 778 (Féilire Ghréagóra) 59/60 bliana d'aois Í Chaluim Chille |
Ardrí na hÉireann | |
763 – 770 ← Domhnall mac Murchadha – Donnchad Midi mac Domnaill → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Teaghlach | Cineál Eoghain |
Céile | Eithne Bhreá |
Páiste | Áed Oirdnide |
Athair | Fearghal mac Maoil Dúin agus Athiocht (?) |
Rí Ailigh agus Ard-Rí na hÉireann den 8ú haois ba ea Niall mac Fearghail (Sean-Ghaeilge Niall mac Fergaile) (718–778). Fearghal mac Maoil Dúin (bás 722), Ard-Rí, ba ea a athair, agus Aodh Allán (bás 743), Ard-Rí, a dheartháir. Ba bhall de Cenél nEógain, géag d'Uí Néill an Tuaiscirt, an rítheaghlach seo.[1][2][3] Glaodh Niall Frasach (Niall Frossach) air mar leasainm, óir a deirtear gur tharla ceathanna airgid, meala agus cruithneachta ag uair a bhreithe ag Fathain ar Inis Eoghain.[4]
Tar éis bhás a dearthár, rinneadh rí Ailigh de, agus bhí sé i gcoróin ann ón mbliain 743 go 770. Ceapadh an tArd-Rí nua, Domhnall Mí (bás 763) de the Chlann Cholmáin, céile comhraic Néill, Aodh Muindearg (bás 747) de Chineál Chonaill mar a ionadaí sa tuaiscirt. Sa bhliain 756, tharla coimhlint idir Niall agus Domhnall, a tháinig le buíon mhór na Laigean chomh fada is Maigh Mhuirtheimhne, i gContae Lú An lár inniu,[5][6] ceantar a bhí le déanaí gafa faoina cheannas ag Aodh Allán deartháir Néill, sa bhliain 735.
Tháinig Niall i gcomharbacht ar Dhomjnall na Mí mar Ard-Rí sa bhliain 763.[7][8] Meastar go suntasach go raibh síocháin i réim agus é i gcoróin. Cuireadh Cáin Naomh Pádraig i bhfeidhm arís sa bhliain 767.[9] (Bhí Cáin Colm Cille curtha chun cinn ag Clann Cholmáin). Bhí Donnchadh Mí mac Domhnaill (bás 797) i mbun an t-ard-ríogacht a éileamh ón mbliain 770 ar aghaidh, agus é ar feachtas in éadan na Laigean. Sa bhliain 771, chuaigh Donnchadh ó thuaidh i gceannas slua mór sna blianta 771 agus 772.[10][11] Meastar gur éirigh Niall as a choróin an éigin idir 772 agus 777, ach b'fhéidir chomh luath is 770.[12][13] Fuair sé bás ar Oileán Í sa bhliain 778.[14]
Tháinig a nia Maol Dúin mac Aodha Alláin (bás 788) i gcomharbacht air mar rí Ailigh, agus Donnchadh na Mí de Chlann Cholmáin mar Ard-Rí.
Phós Niall Dunlaith (bás 798) de Chineál Chonaill, iníon an Ard-Rí, Flaithbheartach mac Loingsigh (bás 765). Rinneadh Ard-Rí dá mac Aodh Oirdní (bás 819).
Déanann an file Tuileagna Ó Maoil Chonaire tagairt dá bhreithiúnais i ndán dá chuid darb ainm Labhram ar iongnaibh Éireann, a scríobh sé ocht gcéad bliain níos deireanaí.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Corpus of Electronic Texts
- Annála Uladh, Part 1 (431–1201), G100001A
- Annála Tiarnaigh, G100002
- Annála na gCeithre Máistrí, Iml. 1, M2242 (aois domhain) - M902 (d'aois Chríost), G100005A
- Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn, G100054
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Charles-Edwards, T.M., Early Christian Ireland. Cambridge University Press, Cambridge, 2000. ISBN 0-521-36395-0
- Mac Niocaill, Gearoid (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan