Niall Frasach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Niall Frasach
Ardrí na hÉireann

763 - 770
Domhnall mac Murchadha - Donnchad Midi mac Domnaill
Saol
Eolas breithe Éire, 718
Bás Í Chaluim Chille, 778 (Gregorian)
Muintir
Athair Fearghal mac Maoil Dúin
Máthair Athiocht (?)
Céile/Céilí Eithne of Brega (en) Aistrigh
Páistí
Treibh Cineál Eoghain
Gairm
Gairm monarc

Rí Ailigh agus Ard-Rí na hÉireann den 8ú haois ba ea Niall mac Fearghail (Sean-Ghaeilge Niall mac Fergaile) (718–778). Fearghal mac Maoil Dúin (bás 722), Ard-Rí, ba ea a athair, agus Aodh Allán (bás 743), Ard-Rí, a dheartháir. Ba bhall de Chineál Eoghain, géag d'Uí Néill an Tuaiscirt, an rítheaghlach seo.[1][2][3] Glaodh Niall Frasach (Niall Frossach) air mar leasainm, óir a deirtear gur tharla ceathanna airgid, meala agus cruithneachta ag uair a bhreithe ag Fathain ar Inis Eoghain.[4]

Tar éis bhás a dearthár, rinneadh rí Ailigh de, agus bhí sé i gcoróin ann ón mbliain 743 go 770. Ceapadh an tArd-Rí nua, Domhnall Mí (bás 763) de the Chlann Cholmáin, céile comhraic Néill, Aodh Muindearg (bás 747) de Chineál Chonaill mar a ionadaí sa tuaiscirt. Sa bhliain 756, tharla coimhlint idir Niall agus Domhnall, a tháinig le buíon mhór na Laigean chomh fada is Maigh Mhuirtheimhne, i gContae Lú An lár inniu,[5][6] ceantar a bhí le déanaí gafa faoina cheannas ag Aodh Allán deartháir Néill, sa bhliain 735.

Tháinig Niall i gcomharbacht ar Dhomjnall na Mí mar Ard-Rí sa bhliain 763.[7][8] Meastar go suntasach go raibh síocháin i réim agus é i gcoróin. Cuireadh Cáin Naomh Phádraig i bhfeidhm arís sa bhliain 767.[9] (Bhí Cáin Colm Cille curtha chun cinn ag Clann Cholmáin). Bhí Donnchadh Mí mac Domhnaill (bás 797) i mbun an t-ard-ríogacht a éileamh ón mbliain 770 ar aghaidh, agus é ar feachtas in éadan na Laigean. Sa bhliain 771, chuaigh Donnchadh ó thuaidh i gceannas slua mór sna blianta 771 agus 772.[10][11] Meastar gur éirigh Niall as a choróin an éigin idir 772 agus 777, ach b'fhéidir chomh luath is 770.[12][13] Fuair sé bás ar Oileán Í sa bhliain 778.[14]

Tháinig a nia Maol Dúin mac Aodha Alláin (bás 788) i gcomharbacht air mar rí Ailigh, agus Donnchadh na Mí de Chlann Cholmáin mar Ard-Rí.

Phós Niall Dunlaith (bás 798) de Chineál Chonaill, iníon an Ard-Rí, Flaithbheartach mac Loingsigh (bás 765). Rinneadh Ard-Rí dá mac Aodh Oirdní (bás 819).

Déanann an file Tuileagna Ó Maoil Chonaire tagairt dá bhreithiúnais i ndán dá chuid darb ainm Labhram ar iongnaibh Éireann, a scríobh sé ocht gcéad bliain níos dearanaí.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Byrne, Tábla 5
  2. Charles-Edwards, Aguisín V
  3. Mac Niocaill, 152
  4. Annála Uladh, AU 718.7
  5. AU 756.3; Annála Tiarnaigh, AT 756.4
  6. Charles-Edwards, lch. 573
  7. AU 763.11
  8. AT 763.9
  9. AU 767.10
  10. AU 771.10
  11. AU 772.3
  12. Byrne, lch. 156
  13. Charles-Edwards, lch. 577
  14. AU 778.7