Mary Mitchell O'Connor
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 10 Meitheamh 1959 65 bliana d'aois Baile an Mhuilinn, Éire |
An tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta | |
6 Bealtaine 2016 – 14 Meitheamh 2017 ← Richard Bruton – Frances Fitzgerald → | |
Teachta Dála | |
10 Márta 2016 – 14 Eanáir 2020 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 32ú Dáil Toghcheantar: Dún Laoghaire Toghadh i: Olltoghchán 2016 in Éirinn | |
Teachta Dála | |
9 Márta 2011 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 31ú Dáil Toghcheantar: Dún Laoghaire Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann 2011 | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Dhún Carúin |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Fine Gael |
Suíomh gréasáin | marymitchelloconnor.com |
Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála do cheantar Dhún Laoghaire í Mary Mitchell O'Connor (Gaeilge: Máire Mistéil Ní Chonchubhair). Rugadh í ar 10 Meitheamh 1959. Is í an tAire ar son Ard-Oideachais í. Tá sí ina ball de Fhine Gael ón mbliain 2007 ach bhí sí ina Comhairleoir Áitiúil leis an bPáirtí Daonlathach roimhe sin.
Dáil Éireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]I Mí na Nollag 2010 roghnaíodh mar iarrthóir í do cheantar Dhún Laoghaire. Ar an 2 Márta 2011 chuir sí iontas ar go leor nuair a thiomáin sí síos céimeanna i gcarrchlós na Dála. Bhí sí tar éis dul in airde ar an Tairseach nó an Plionta, ardán i lár an charrchlóis, ar rampa a cuireadh ann ar mhaithe leo siúd i gcathaoireacha rotha. Bhí roinnt iriseoirí ar an láthair agus tuairiscíodh an scéal ar Nuacht RTÉ an oíche sin.
I rith seisiún Dála i Meitheamh na bliana 2011 thagair Mick Wallace TD di mar Miss Piggy. Spreag sí lá bándearg sa Dáil ina dhiaidh sin ar mhaithe le hailse na gcíoch.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- Polaiteoirí as Baile Átha Cliath
- Dún Laoghaire (Dáilcheantar)
- Baill den 31ú Dáil
- Baill den 32ú Dáil
- Daoine as Contae na Gaillimhe
- Daoine as Dún Laoghaire
- Baill Fhine Gael
- Baill den Pháirtí Daonlathach
- Teachtaí Dála mná
- Comhairleoirí Áitiúla i gContae Bhaile Átha Cliath
- Daoine a rugadh i 1959
- Daoine beo
- Comhairleoirí Áitiúla i nDún Laoghaire-Rath an Dúin