Josip Broz Tito
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Josip Broz Tito | |
|
Ceannaire ar Phoblacht Fheidearálach Shóisialach na Iúgslaive
|
|
|
|
|
| Dáta breithe | 7 Bealtaine, 1892 |
| Kumrovec | |
| Dáta báis | 4 Bealtaine, 1980 |
| Ljubljana | |
| Síniú |
|
Rugadh Josip Broz Tito (Script Choireallach: Јосип Броз Тито), ar an 7 Bealtaine 1892 (nó 25 Bealtaine go hoifigiúil) san Iúgslaiv agus fuair sé bás ar an 4 Bealtaine 1980. Ba é a bhí i gceannas ar Phoblacht Fheidearálach Shóisialach na Iúgslaive ó 1945 go dtí gur éag sé. D'eagraigh sé an treallchogaíocht fhrith-fhaisisteach in aghaidh fhórsaí na Gearmáine agus na hIodáile le linn an Dara Cogadh Domhanda. D'éirigh leis poblachtaí éagsúla na tíre a choinneáil le chéile i ndiaidh an chogaidh, agus cé gur fhógair sé gur comhchumannach é, d'fhan sé neamhspleách ar an Aontas Sóivéadach. Bhí arm ollmhór aige chun an neamhspleáchas sin a chosaint, ach níor mhair an Iúgslaiv i bhfad tar éis a bháis.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.