An difríocht idir athruithe ar: "Titimeas"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 31: Líne 31:


Is féidir obráid titimeach a dhéanamh ag cineálacha fócasacha éagsúla titimis.
Is féidir obráid titimeach a dhéanamh ag cineálacha fócasacha éagsúla titimis.

== Lá Idirnáisiúnta an Titimis ==
Ceiliúrtar Lá Idirnáisiúnta an Titimis ar an dara Luain de Feabhra

Tugann an Lá seo deis do dhaoine a bhfuil titimeas orthu agus dá muintir labhairt faoin bhfadhb shláinte sin agus [[stiogma]] a bhaineann léi a bhriseadh agus an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas.<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.facebook.com/UCDSchoolofLaw/posts/4024106184280342|teideal=Lá Idirnáisiúnta an Titimis|údar=Scoil Dlí, COBAC|dáta=2021|language=ga|work=www.facebook.com|dátarochtana=2021-01-25}}</ref>


== Daoine cailiúla a d'fhulaing ó thitimeas ==
== Daoine cailiúla a d'fhulaing ó thitimeas ==

Leagan ó 23:33, 25 Eanáir 2021

leictreinceifealagrafaíocht tipiciúil an titimis neamhláithreachta

Is galar ainsealach néareolaíoch é an titimeas (seantéarma eile i nGaeilge: an tinneas beannaithe, i mBéarla epilepsy as Sean-Ghréagis ἐπίληψις "an t-ionsaí"). Tarlaíonn an galar de bharr an iomarca díluchtaithe leictreachais sioncroineacha taomghoineacha ó chealla na hinchinne (taom neamhbhuan, bainteach le suaitheadh nearnhbhuan comhfheasa[1]).

Má tharlaíonn an díluchtú tobann seo, d’fhéadfadh go dtarlódh cailliúint comhfheasa, athruithe san iompraíocht nó gluaiseachtaí ainneonacha (.i. taom titimis). Tosaíonn sé le díluchtuithe comhuaineacha grúpaí néarón san inchinn, agus tarlaíonn foirrneacha éagsúla de shuaitheadh.

Féadfaidh taom a bheith ag duine ar bith, ach leis an titimeas tá an claonadh ann taomanna aisfhillteacha a bheith i gceist.

eipidéimeolaíocht

Eipidéimeolaíocht

Is coitianta an galar é an titimeas. Ceaptar go gcuireann an titimeas isteach ar dhuine amháin ar a laghad as 200.

Cineálacha titimis

Tá dhá priomhchineál titimis ann: an titimeas ginearálaithe agus an titimeas fócasach.

Roinntear an dá chineál i bhfóchineálacha éagsúla de réir cúis (cúis ar eolais nó cúis anaithnid), cumraíocht na dtaomanna (taomanna tónacha clónacha, taomanna mioclónacha, taomanna neamhláithreachta, is araile), aois na ndaoine (roinnt cineálacha speisialta san óige) agus suíomh san inchinn (i maotháin na hinchinne).

  • Sa grand mal cailleann duine a chomhfhios agus bíonn trithí ginearálta aige.
  • Sa petit mal tarlaíonn tréimhsí gearra ina gcailleann duine a chomhfhios, stadann sé a bhfuil ar siúl aige, agus tagann dreach iontais aiI.
  • I dtitimeas Jackson, tarlaíonn gluaisní ainneonacha i gcuid éigin den cholainn, cosúil le géag.
  • I dtitimeas an mhaotháin uisinnigh, faigheann duine mothúcháin neamhbhuana bolaidh agus baineann smeachadh as a liopaí.
Anticonvulsants

Diagnóis

Is é an ceistiú ar an othar (an anaimnéis) an modh diagnóise is tabhachtaí. Modhanna eile an leictreinceifealagrafaíocht (EEG) agus modhanna raideolaíochta, go háirithe an íomháú athshondais mhaighnéadaigh (MRI).

Den chuid is mó, ní féidir an chúis a aimsiú, ach is eol go dtarlaíonn taomanna uaireanta i ndiaidh gortuithe don inchinn (mar shampla, i gcás ailse nó tráma) nó suaití meitibileachta (mar shampla, i ndiaibéiteas nó cliseadh na nduán). Úsáidtear an leictreinseifleagram chun an riocht seo a dhiagnóisiú.

Teiripe

Is é sprioc na teiripe ná taomanna a chosc. Tugtar cógais mar shampla Carbamazepine, aigéad Valpróach (Valproic acid), Phenytoine, Lamotrigine, Levetiracetam, Gabapentin, agus araile.

Is féidir obráid titimeach a dhéanamh ag cineálacha fócasacha éagsúla titimis.

Lá Idirnáisiúnta an Titimis

Ceiliúrtar Lá Idirnáisiúnta an Titimis ar an dara Luain de Feabhra

Tugann an Lá seo deis do dhaoine a bhfuil titimeas orthu agus dá muintir labhairt faoin bhfadhb shláinte sin agus stiogma a bhaineann léi a bhriseadh agus an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas.[2]

Daoine cailiúla a d'fhulaing ó thitimeas

Alastar Mór, Iúil Caesar, Napoleon, Gustave Flaubert, Fyodor Dostoyevsky, Agatha Christie, Molière, Leonardo da Vinci, Michelangelo, Vincent van Gogh, Georg Friedrich Händel, Paganini, Alfred Nobel, Pápa Pius IX, agus araile.

Féach freisin

Tagairtí

  1. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéím 2011)
  2. Scoil Dlí, COBAC (2021). "Lá Idirnáisiúnta an Titimis" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-01-25.

Séanadh leighis
Séanadh leighis
Tabhair aird ar an séanadh leighis le do thoil!